Bhí plé le gairid ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi RTÉ agus traenáil iriseoireacht Ghaeilge. Chuir sé ag smaoineamh mé ar ‘cad is traenáil ann ar aon nós?’
Sa lá atá inniu ann, ceaptar gur ionann traenáil d’iriseoirí agus cúrsaí oiliúna, cúrsaí tríú leibhéal, céimeanna, iarchéimeanna agus araile.
Go minic, nuair a chuirtear ceist ormsa faoi cad is gá a dhéanamh chun post mar iriseoir a bhaint amach, is é an freagra céanna a thugaim i gcónaí ná: ‘Coinnigh do shúil amach do scéalta- agus bí ag scríobh.’ An tsúil a choinneáil oscailte an rud is tábhachtaí.
Agus ní ar an scáileán gorm a thiocfar ar scéal. Go minic eascraíonn scéalta as an áit is lú a mbeifeá ag súil lena leithéid.
Chuimhnigh mé air seo le gairid nuair a shlog ‘Búistéara Mostar’, Slobodan Praljak nimh i gCúirt na Náisiún Aontaithe sa Háig, agus fuair bás ar an toirt.
Bhí ceangal idir é sin agus an tsraith Léargas, sa mbliain 1996. Sa chás sin, ba i gceaintín RTÉ a thángthas ar an scéal. Bhí duine de na léiritheoirí tar éis imeacht i gcomhair caife ó chruinniú ina rabhamar ag plé clár a dhéanamh faoi na Gardaí. Nuair a tháinig sé ar ais ón gceaintín bhí scéal aimsithe aige i mBoisnia.
Is cosúil gur chas sé ansin le cúntóir cláir a bhí ag réiteach le dul go Boisnia chun monatóireacht a dhéanamh ar thoghchán- an chéad toghchán ansin ó dheireadh an chogaidh an bhliain roimhe sin. Cogadh fíochmhar, fuilteach, a d’fhág os cionn 100,000 marbh. Moslamaigh, Crótaigh, Seirbiaigh. Na Moslamaigh ba mhó a d’fhulaing.
An uair sin in RTÉ agus sraitheanna cláir teilifíse á ndéanamh fud fad an stáisiúin, níor ghá ach cead do léiritheora sraithe agus Cheann na Roinne a fháil chun clár a dhéanamh thar lear. Tosaíodh ar an taighde. Pat Butler a bhí i mbun tuairisceoireachta agus Brian Páircéir a rinne an taighde. Frítheadh amach go raibh an tAmbasadóir Antoin Mac Unfraidh ina cheannasaí ar Mhisean Monatóireachta an Chomhphobail Eorpaigh i mBoisnia. Bhí Gardaí Síochána ann chomh maith leis an arm agus i lár na gníomhaíochta ar son na dteifeach, bhí ‘Brother Tom,’ bráthair Críostaí as Éirinn ann freisin.
Agus fear ón Roinn Gnóthaí Eachtracha, a bhain cáil amach ina dhiaidh sin mar Ambasadóir agus atá in Washington anois, Dan Mulhall, a thug gach cuidiú d’fhoireann an chláir chun scannánú a dhéanamh thar lear.
Chaith foireann Léargas roinnt ama i mBoisnia agus sa Chróit, áiteacha nach raibh tagtha chucu féin ar chor ar bith tar éis an chogaidh. Bhí na bóithre scriosta, bhí droichead cáiliúil Mostar buamáilte agus ina smidiríní. Bhí an pobal suaite go dona. Labhair triúr – Moslamach, Seirbiach agus Crótach agus d’inis a scéalta féin faoin uafás.
Bheadh sé suimiúil filleadh ar Bhoisnia arís le foireann cláir agus a fháil amach cé mar a d’éirigh leis na daoine sin. Níor chóir go mbeadh sé an-deacair teacht orthu.
Ba é an tAmbasadóir Mac Unfraidh príomhscéalaí an chláir agus labhair sé go hionraic faoin scrios timpeall air. Bhí saol gairmiúil suimiúil ina dhiaidh sin aige– agus é ina Ambasadóir san iliomad tíortha ar fud an domhain.
Agus ná ceapadh éinne go bhfuil an tsíocháin i réim sna tíortha sin anois. Tráth den saol, théadh muintir na hEorpa – suas go dtí 1992 – ar saoire chuig an Iúgslaiv. Anois téimid chuig Dubrovnik (An Chróit), chuig Béalgrád (An tSeirbia) agus chuig Medjugorje (An Bhoisnia agus an Heirseagaivéine). Agus b’fhéidir go gceapaimid go bhfuil gach rud thart. Féach, nach bhfuil an droichead cáiliúil deisithe, nach bhfuil tíleanna deasa dearga curtha ar ais ar na díonta?
Ach cuimhnigh air seo. Ba é Slobodan Praljak, ‘Búistéara Mostar’ ba chionsiocair le marú na mílte Moslamach i mBoisnia fiche bliain ó shin. Ba é Ratko Mladić, ‘Búistéara Sarajevo’ a chuir na mílte chun báis agus a frítheadh ciontach sa Chúirt sa Háig le gairid i ‘Glanadh Eitneach.’
Chonaic an domhan mór na pictiúir d’fhir agus buachaillí á mbrú isteach ar bhusanna- radharc a thug íomhánna ón Dara Cogadh Domhanda ar ais chugainn.
Agus céard a cheap polaiteoirí an lae inniu faoi imeachtaí na seachtaine seo caite- an cinneadh ciontachta agus an féinmharú sa gcúirt?
Dúirt Uachtarán na Cróite, Kolinda Grabar-Kitarović, gur ‘bhuail bás Praljak croí mhuintir na Cróite’. Dúirt an Príomh-Aire Andrej Plenković gur ‘éagóir ghéar mhoráltachta’ a bhí ina chiontú sa gcúirt. Breathnaítear ar Ratko Mladić mar laoch mór stairiúil ina cheantar dúchais Serbska, a cruthaíodh mar réigiún neamhspleách tar éis an ghlanadh eitneach sin.
Agus an tAontas Eorpach go mór faoi chaibidil na laethanta seo, tugaim smaoineamh eile d’ábhar iriseoirí an lae inniu: Is tír de chuid an Aontas Eorpaigh í an Chróit.
Fág freagra ar 'Cad is traenáil iriseoireachta ann ar aon nós? ‘Léargas’ ó Bhoisnia…'