Cad é atá ar siúl agat an deireadh seachtaine seo?

Caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar a bhfuil ag tarlú i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta as seo go ceann seachtaine

Rís


Cúige Mumhan

Image processed by CodeCarvings Piczard ### FREE Community Edition ### on 2015-05-11 13:32:10Z | https://piczard.com | https://codecarvings.com

DRÁMA: ‘Gile na Gealaí – Melody of the Moon’ á chur i láthair ag Graffiti, 8-18 Meitheamh, ón Luan go Déardaoin, 10rn- 12n, Graffiti Theatre, Linn Dubh, Corcaigh. Turas fileata trí fhuaimeanna agus íomhánna é an dráma seo ar thóraíocht na gealaí. Cruthaithe don lucht féachana is óige (0-3 bliain) ag an fhoireann ealaíon chéanna a rinne ‘Blátha Bána’, beidh ‘Gile na Gealaí’ ar taispeáint in Graffiti Theatre ó Luan go hAoine le linn mhí an Mheithimh. Cead isteach: €5 Tuilleadh eolais.

CEOLCHOIRM:  ‘John Kelly, Sheila Garry, Brian Mooney & Aoibheann Murphy’ Dé Céadaoin 10 Meitheamh, 1-2in, Músaem an Chláir, Inis, Co. an Chláir. Ó bhí 2005 ann, tá an tsraith ceolchoirmeacha seo, dar teideal ‘Saibhreas an Chláir’ á reáchtáil an t-am seo den bhliain i mbaile Inis, Co. an Chláir. Ceolchoirmeacha am lóin is ea iad a thugann ardán do cheoltóirí aitheanta agus áitiúla de chuid an chontae. Tuilleadh eolais anseo.

TEACHT LE CHÉILE: ‘Lá Spraoi do theaghlaigh le Gaeilge’, Dé Domhnaigh 7 Meitheamh, 12-2in, Port Uí Shuilleabháin, Corcaigh. Tá Gael Taca ag eagrú lá spraoi do theaghlaigh le Gaeilge chun deis a thabhairt do thuismitheoirí agus páistí arb í an Ghaeilge a bpríomhtheanga labhartha bualadh le chéile. Teacht le chéile atá san imeacht seo chun aithne a chur ar dhaoine agus naisc a chothú. Beidh rannta, amhránaíocht, cluichí agus neart spraoi ar siúl dírithe ar na gasúir chomh maith. Tuilleadh eolais anseo.

CÉILÍ: ‘Céilí by the Lee’, gach Máirt, 9i.n, Club Cruicéid Chontae Chorcaí, An Mhuirdíog, Corcaigh. Beidh an céilí is fearr sa chúige ar siúl gach Máirt le linn an tsamhraidh as seo amach. Uimhir a haon ar liosta de scoth na n-imeachtaí i gCorcaigh ag Tripadvisor, tá ag éirí leis an imeacht fuinniúil seo na sluaite a tharraingt amach ag damhsa. Céilí atá fóirsteanach do dhamhsóirí déanta agus dóibh siúd ar bheagán taithí araon. Ní gá go mbeadh aon chur amach agat ar na steipeanna; beidh an MC ann chun na rannpháirtithe a stiúradh. Fáilte roimh chách (18 +). Cead Isteach: €8. Tuilleadh eolais anseo.


Cúige Uladh

SEOLADH ALBAIM AGUS CEOLCHOIRM: ‘Rís’, Dé Sathairn 6 Meitheamh, Cultúrlann MacAdam Ó Fiach, Bóthar na bhFál, Béal Feirste. Beidh racairí Rís ag tabhairt aghaidh ar Bhéal Feirste Dé Sathairn agus a n-albam nua ‘Yahú’ á sheoladh acu. Is féidir blaiseadh a fháil de ‘Feicim Ór’, atá ar cheann de na rianta ar an albam nua anseo.

Má tá fonn gáire ort, caith súil chomh maith ar an fhíseán greannmhar le Breandán Ó hEaghra agus Richie Ó hEadhra agus iad i mbun cainte  le Tuairisc.ie níos luaithe i mbliana. Cead isteach £10 Tuilleadh eolais faoin cheolchoirm anseo

TURAS TEAGHLAIGH: ‘Turas chuig Daonpháirc Uladh Mheiriceá’ á eagrú ag Glór na nGael, Dé Sathairn 20 Meitheamh, An Ómaigh, Co. Thír Eoghain. Turas lae dírithe ar theaghlaigh a bhfuil Gaeilge acu i láthair a léiríonn scéal na n-imirceach a thug aghaidh ar Mheiriceá le linn na 1800í. Beidh bileoga agus ceistneoirí i nGaeilge á ndáileadh a bheas mar áis úsáideach agus spreagúil do na páistí le linn an turais. Tá fáilte roimh teaghlaigh a bhfuil na páistí ag freastal ar Ghaelscoil agus tuistmitheoirí atá ag foghlaim na Gaeilge. Tuilleadh eolais anseo


Cúige Chonnacht

Jonathon Gunning

SEÓ DO PHÁISTÍ: ‘Hats Off’ le Jonathon Gunning’, Dé Domhnaigh 7 Meitheamh, Áras Éanna, Inis Oírr, Gaillimh. Seó grinn nua do pháistí ón fhuirseoir Jonathon Gunning, a bhfuil meascán de scéalaíocht agus geáitsíocht ann. Tá Jonathan aitheanta i saol na Gaeilge as a chuid léirithe le The Gombeens agus Branar Drámaíochta. Tuilleadh eolais anseo.

TAISPEÁNTAS: ‘Tinteáin’ le hEoin MacLochlainn’, Taispeántas an Mheithimh, Áras Éanna, Inis Oírr, Gaillimh. Déanfaidh Dara Ó Conaola taispeántas leis an ealaíontóir Eoin MacLochlainn a sheoladh go hoifigiúil Dé Sathairn ag a 8in. Taispeántas le hEoin Mac Lochlainn as Baile Átha Cliath, a bhfuil gradaim eile go leor aige. Is ó dhán Chathail Uí Shearcaigh ‘Na Bailte Bánaithe’, faoi sheantithe tréigthe i nGaeltacht Dhún na nGall, a fuair sé an spreagadh don taispeántas atá aige faoi láthair, dar teideal ‘Tinteáin’. Ar taispeáint beidh sraith pictiúr sa taispeántas de thinteáin fholmha a músclaíodh as a thnúth teagmhála leis an dream atá imithe le fada. Beidh ‘Tinteáin’ ar taispeáint san áras le linn mhí an Mheithimh. Tuilleadh eolais anseo.

LÁ TEAGHLAIGH: Lá Spraoi agus Teaghlaigh’ Dé hAoine 6 Meitheamh, 1.30 – 6in, Páirc Fhoraoise Loch Cé, Co. Ros Comáin. Beidh siúlóid, tóraíocht taisce, cluichí agus spraoi i measc na n-imeachtaí atá beartaithe do lá teaghlaigh Ghlór na nGael. Beifear ag teacht le chéile Dé Sathairn, 6 Meitheamh taobh amuigh don ionad i bPáirc Fhoraoise Loch Cé. Beidh picnic faoin spéir ag 1.30 i.n. chomh maith le himeachtaí a fheileann teaghlaigh le gasúr agus/nó le déagóirí. Tabhair leat do rogha bia féin don phicnic. Níl aon chostas ar na himeachtaí seo atá á reáchtáil ag Glór na nGael.

CEOLCHOIRM: ‘Tunes in the Church’, Dé Luain, Dé Céadaoin agus Dé hAoine le linn mhí an Mheithimh, 8-9.30in, Séipéal San Nicholas, Gaillimh. Luaite i measc na ndeich n-imeacht is fearr i nGaillimh ar Tripadvisor, tá ceolchoirmeacha lár seachtaine ag tarraingt scoth na gceoltóirí agus na ndamhsóirí le chéile ar ardán an tséipéil. Is féidir a bheith ag súil le ‘line up’ éagsúil, idir cheoltóirí agus damhsóirí aitheanta, mar aon le ceoltóirí atá ag teacht chun barra. I lár na ceolchoirme, cuirtear turas treoraithe i láthair a léiríonn uile iontas an tséipéil ársa. Tuilleadh eolais anseo


Cúige Laighean

Hanna

CEOLCHOIRM: ‘Éire agus Boisnia-Heirseagaivéin’, Dé hAoine 5 Meitheamh, 2 Sráid Henrietta, Baile Átha Cliath. Beidh ceol nuachumtha le cumadóirí as Éirinn agus Boisnia-Heirseagaivéin á chur i láthair ag an fhliúiteadóir aitheanta de chuid Sairéavó Hanan Hadzajlic. Roimh an cheolchoirm, beidh píosa cainte leis an chumadóir John Buckley a dhíreos ar cheol nuachumtha na hÉireann. Tá €10 ar na ticéad. Tuilleadh eolais anseo.

TEACHT LE CHÉILE: ‘Oíche Airneáin’, Dé hAoine 5 Meitheamh, Arás Chrónáin, Lána an Uisce, ó Bhóthar an Ullóird, Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath.  Ar nós mar a dhéanfaí i gciorcal comhrá Gaeilge, tabharfar seans duit anseo scéal a insint, amhrán a rá nó giota filíochta a aithris. Imeacht saor in aisce. Tuilleadh eolais anseo


Timpeall na Tíre

GRÉASÁN CIORCAIL CHOMHRÁ: ‘Is leor beirt’ maidin, tráthnóna agus oíche in ionaid éagsúla ar fud na tíre agus níos faide i gcéin. An chéad mhórghréasán de ‘Chiorcail Chomhrá’ mar chuid den fheachtas ‘Is leor beirt’. Tá ciorcail chomhrá ar fáil do gach leibhéal, cibé acu i d’fhoghlaimeoir nó i do chainteoir líofa thú. Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte romhat ‘Ciorcal Comhrá’ a thosú i do cheantar féin. Níl le déanamh ach am, áit agus sonraí teagmhála a chur chuig isleorbeirt@cnag.ie nó is féidir scairt a chur ar Chonradh na Gaeilge +353 (0)91 567824.

DRÁMA: ‘The Way Back Home’, á chur i láthair ag Branar Drámaíochta timpeall na tíre. Leagan stáitse den leabhar do pháistí le Oliver Jeffers atá sa dráma seo faoi bhuachaill óg lán de shamhlaíocht a théann ar thuras go dtí an spás. Comhléiriú é idir an compántas Téatar Refleksion ón Danmhairg agus Branar, an mheitheal chéanna a rinne an léiriú galánta ‘An Seanfhear Beag’. Dírithe ar pháistí tá idir 4-8 mbliana d’aois, is léiriú gan teanga é an dráma seo. Tuilleadh eolais anseo: https://branar.ie/portfolio/the-way-back-home/

Dé hAoine 5 Meitheamh – Dé Sathairn 6 Meitheamh, Amharclann Pavilion, Dún Laoghaire, Baile Átha Cliath www.paviliontheatre.ie

Dé Máirt 9 Meitheamh – Dé Céadaoin 10 Meitheamh, Durlas, Tiobraid Árann. www.thesourceartscentre.ie