Cad é an Ghaeilge ar ‘You’ll never work in this town again’?

ACHADH UÍ MHUIRÍ (DIALANN RUA): Boris dásachtach; Nicola toirmeascach; agus gealladh faoi Megyn Kelly sa Sun

Cad é an Ghaeilge ar ‘You’ll never work in this town again’?

Megyn Kelly

Fáilte Uí Cheallaigh

Tá agallamh an-spéisiúil ar líne le Megyn Kelly, iriseoir, faoi láthair. Tá sí ag caint leis an Sun, rud greannmhar ann féin nó iarfhostaí de chuid Fox News í Kelly, comhlacht de chuid Rupert Murdoch, agus is leis an diúlach chéanna The Sun; nuachtán a chothaigh neart conspóide thar na blianta. (Bainfidh sé preab asat agallamh chomh stuama siosmaideach a fheiceáil ar líne ag The Sun.)

Tá Kelly ag saothrú léi mar phodchraoltóir ar na saolta seo agus í ag treabhadh a hiomaire féin le The Megyn Kelly Show. Tá an earnáil áirithe seo ag cur thar maoil le daoine cumasacha faoi láthair. Bíodh sin mar atá, beidh Kelly in ann dúshlán na bpodchraoltóirí eile a thabhairt más aon fhianaise a hagallamh leis an Sun. Cumasach, tuigseach, greannmhar agus cróga i mbun cainte atá sí.

Bíodh is go bhfuil cónaí uirthi i Nua-Eabhrac, ní raibh drogall uirthi nuachtán cáiliúil de chuid na cathrach sin, The New York Times, a cháineadh go lom. “Almost unreadable and insufferable” a dúirt sí ina leith, focail mhaola nach nginfidh dea-phoiblíocht di i measc a comhghleacaithe sna meáin chumarsáide.

Ní raibh moill uirthi cur leis an cháineadh faoi na meáin mhóra eile. Dúirt sí go raibh CNN, an New York Times agus an Washington Post “biased” agus “dishonest”. Ghoill sé uirthi go raibh siad ag ligean orthu féin go raibh siad i mbun iriseoireachta a bhí oibiachtúil agus iad ag tuairisciú ar uachtaránacht Trump. Níorbh amhlaidh, a dúirt sí, agus labhair sí ar an dóigh a bhfuair iriseoireacht na mbarúlacha an lámh in uachtar ar iriseoireacht na bhfíricí agus an drochthionchar a bhí ag an nós sin ar an earnáil.

Chreid sí go raibh na meáin ab fhearr le fáil ar líne, i gcúrsaí digiteacha. Bhí sí “untethered” agus gan eagla; bhí saoirse aici nach mbeadh aici dá mbíodh sí ag plé le comhlacht mór nuachta agus ba bheag aird a thug sí anois ar a leithéid: “There is very little to consume if you are someone like me, who is more centre … There are very few people left to root for, very few people to trust.”

Rithfeadh sé leat go mbeadh a téis fíor faoi na meáin mhóra abhus fosta – ach cé a bheadh éigiallta go leor lena leithéid a rá go poiblí? Is annamh a bhíonn deis ag iriseoirí, nó fonn orthu, a n-earnáil féin a cháineadh agus iad ag obair san earnáil chéanna.

(Caithfidh mé ceist a chur ar Fhoclóir Uí Mhianáin cad é an Ghaeilge ar “You’ll never work in this town again.”)

An gcliseann mórán daoine as a gcodladh ar maidin agus iad ar bís le nuachtán Éireannach a cheannach, abair? Lá den tsaol, agus ní i bhfad ó shin, chlis. Cad é mar atá an scéal anois ag mórán léitheoirí? “There is very little to consume if you are someone like me, who is more centre … There are very few people left to root for, very few people to trust.”

Teorainn agus teorainn eile

Níl éalú ar theorainneacha. Is í teorainn na hAlban atá i gceist an iarraidh sin. Dhruid rialtas Dhún Éideann, faoi cheannas Nicola Sturgeon, teorainneacha na tíre sin agus gan cead ag Éireannaigh, Breathnaigh agus, ar ndóigh, Sasanaigh, dul go hAlbain mura raibh cúis mhaith acu lena leithéid.

Nicola Sturgeon. Pictiúr: Dail Press

Tá a fhios againn uilig go léir go bhfuil contúirt ag baint le Covid-19 agus go gcaithfidh muid bheith cúramach ach an gá a leithéid a dhéanamh? Oiread chéanna le gach aon áit eile ar na hoileáin seo, níl siopadóireacht ná só le fáil in Albain faoi láthair. Cé a rachadh ann ar chor ar bith gan cúis mhaith?

Dlí ar mhaithe le dlí a bhí ann ag Sturgeon, gníomh beag maistíneachta a léiríonn a meon go seoigh.

Tarngaireacht Boris

D’fhógair Príomh-Aire na Breataine, Boris Johnson, go mbeadh cosc ar charranna nua díosail agus peitril faoin bhliain 2030. Ar ndóigh, is é an príomh-aire é agus déanfar de réir a thola go cinnte. Creidim é. Gan amhras. Fiche bliain amach anseo.

Is maith liom go mbíonn Johnson chomh dásachtach sin lena tharngaireacht. Fógraím, mar sin, go mbeidh duais Nobel sa litríocht agam féin faoi 2030. Agus Pulitzer. Agus, agus, Gradam Iriseoireachta Oireachtas na Gaeilge don cholún seo.

Ó, cinnte, níl an chumacht chéanna agam agus atá ag Johnson le m’fhís a fhíorú ach tá an dóchas céanna agam, nach bhfuil?

Fág freagra ar 'Cad é an Ghaeilge ar ‘You’ll never work in this town again’?'

  • Justin Ó Scanaill

    Seo aistriúchán: “Ní bheidh do leithéid arís ann”.

  • Breathnóir1

    Shílfeá gur fearr leat Johnson ná Sturgeon, a Phóil. Aisteach, an-aisteach.

  • Séamas Mac Coitir

    Is é an tátal a bhainimse as an abairt atá i gceist sa chás seo ná gur bhagairt bháis cheilte atá ann. Bean mhisniúil ba ea Megyn Kelly gan aon agó, agus mo ghraidhin go deo í! Ní raibh fuacht ná faitíos uirthi a hintinn a chur in iúl gan fiacail a chur ann.

  • S. Mac Muirí

    Cibé faoi na dreamanna eile a luadh thuas i dtaca le choinneáilt amach as Albain, is i gcoinne a dtoil dheona glan a theilgfear muintir na hAlban amach as an AE. Caithfidh siad a bheith an-slítheánta 7 cliste ina gcur chuige le tubaiste Catalónach a sheachaint ina dtír féin, ach iad féin a dhealú de réir a chéile 7 de réir reachta le Sasain. Feicfear eachtraíocht bheag neafaiseach thall is abhus, in aon réimse a thig leo gníomhú, iascach, turasóireacht, Eilis Shasana ar a laetha saoire, srl. Níl ann ach druidim na teorann ar feadh tamaill faoi láthair. Beagán ar bheagán, mar a d’ith an cat an scadán, 7 oibreoidh siad chuige sa gcaoi go mbeidh a dtír féin saor acu shula má dtosaíonn Fine Gael ag cuimhneamh ar aontachtaithe abhus a mhealladh chucu leis an darna conlán is mó a chur le chéile in Éirinn. Beidh rath éicint orthu ina gcomhsheasamh in aghaidh SF.
    Tá aontachtaithe sa mbealach orthu súd thall fosta, Éireannaigh ina measc, deartháir an Dudley Edwardsaigh, Owen, san áireamh ag éagaoineadh a míratha mar Bhriotanaigh.