Nuair a sheol na hÚcránaigh feachtas nua trasna theorainn na Rúise isteach i gCúige Kursk mí ó shin ní raibh sé soiléir ag an am cad ba chúis leis an oibríocht, go háirithe agus iad faoi bhrú i láithreacha cogaidh eile in oirthear na hÚcráine.
Bhí an chuma ar chúrsaí go raibh siad chun acmhainní míleata ganna a úsáid nuair a bhí na hacmhainní céanna ag teastáil chun cur leis an gcosaint san oirthear.
Tairgeadh roinnt spriocanna éagsúla don oibríocht lena n-áirítear: crios maolánach a chruthú mar chosaint i gcoinne ionsaithe laethúla ón Rúis; línte soláthair na Rúise a bhriseadh chun moill a chur ar a n-ionsaithe i gCúige Kharkhiv san Úcráin; iallach a chur ar na Rúisigh trúpaí a athlonnú ó láithreacha cogaidh eile chun faoiseamh a thabhairt do na cosantóirí san oirthear; brú polaitíochta inmheánach a chruthú sa Rúis, ardú meanman a thabhairt do na hÚcránaigh; céim chun tosaigh a thabhairt seachas céim ar gcúl; agus talamh a ghabháil agus é a úsáid mar mhír mhargántaíochta in aon chainteanna a d’fhéadfadh a bheith ann as seo amach.
Tá go leor éiginnteachta fós faoi spriocanna na hoibríochta agus Uachtarán na Úcráine Volodymyr Zelenskyy ag rá le déanaí gur ionsaí réamhchosantach a bhí ann chun ionsaithe a bhí beartaithe ag na Rúisigh a stopadh. Ach ar deireadh d’éirigh cúrsaí beagáinín níos soiléire nuair a d’fhógair Ceann Foirne arm na hÚcráine, Oleksandr Syrski gurbh í an sprioc mhíleata a bhí acu ná na Rúisigh a mhealladh ó na láithreacha cogaidh eile.
Buntáistí agus míbhuntáistí
Gan amhras bhain buntáistí gearrthéarmacha leis an oibríocht go dtí seo.
D’éirigh leo thart ar 600 príosúnach a ghabháil agus tá siad tar éis 150 acu a mhalartú chun saighdiúirí Úcránacha a fháil ar ais cheana féin.
Le linn na chéad choicíse den fheachtas bhí deacrachtaí ag an Rúis lena línte, go háirithe ag an ngréasán iarnróid agus na traenacha, ach tuairiscítear nach bhfuil na deacrachtaí sin chomh mór is a bhí.
Tá fianaise ann freisin gur athlonnaigh na Rúisigh roinnt trúpaí ó láithreacha cogaidh éagsúla. Mar gheall air seo níl aon dul chun cinn déanta ag na Rúisigh le déanaí ar an ais i dtreo chathair Kharkhiv sa tuaisceart agus tá moill curtha ar an dul chun cinn ar an ais siar ó Bakhmut i dtreo Chasiv Yar san oirthear.
Ach is é an buntáiste is mó a bhaineann leis an bhfeachtas ná gur éirigh leis na hÚcránaigh níos mó talún a ghabháil sa Rúis laistigh de mhí ná mar a d’éirigh leis na Rúisigh a ghabháil san Úcráin i mbliana.
Mar gheall ar na buntáistí thuasluaite tugadh ardú meanman do na hÚcránaigh ach tá praghas íoctha acu chomh maith agus tá comharthaí ann anois go bhfuil ag maolú ar thionchar an fheachtais.
De réir foinsí oscailte, tá na hÚcránaigh ag cailleadh thart ar 50% níos mó trealaimh, lena n-áirítear feithiclí armúrtha troda luachmhara, ná mar atá á chailleadh ag na Rúisigh san fheachtas agus seans go bhfuil siad ag cailleadh níos mó saighdiúirí ná na Rúisigh chomh maith.
Cé gur tuairiscíodh gur athlonnaigh na Rúisigh trúpaí ó chathanna éagsúla agus cé go bhfuil a rian sin le feiceáil ar an talamh, dhiúltaigh siad don chathú trúpaí a tharraingt amach as an láthair chogaidh is tábhachtaí san oirthear.
Lean siad leis an dul chun cinn a bhí á dhéanamh acu siar ó Avdiivka ar an ais i dtreo chathair Pokrovsk. In ionad trúpaí a athlonnú ón ais seo tá siad tar éis trúpaí breise a chur chun an chatha agus meastar go bhfuil thart ar a chúig oiread níos mó acu sa láthair ná atá ag na hÚcránaigh.
Le coicís anuas bhí siad in ann níos mó talún a ghabháil ag ráta níos tapa ná mar a bhí siad roimhe seo. Bhog siad chomh fada sin ar an ais gur cheap roinnt blagálaithe míleata Rúiseacha go raibh gaiste á chur ag na hÚcránaigh, nó go raibh ionsaí suntasach eile ar na bacáin in ait éigin eile. Ag an bpointe seo níl mórán fianaise ann go bhfuil sé seo ar tí tarlú.
Bhí clú ar roinnt áiteanna mar ‘bhailte straitéiseacha’ sa chogadh go dtí seo, rud nach raibh tuillte ag cuid acu, ach i gcás Pokrovsk, is mol iompair thar a bheith tábhachtach é do thrúpaí na hÚcráine sa deisceart agus san oirthear. Má éiríonn leis na Rúisigh é a ghabháil beidh stráice mór talún i mbaol gabhála.
Tionchar an fheachtais
Má éiríonn leis na hÚcránaigh seilbh a choimeád ar sciar maith den talamh a ghabh siad in Kursk agus gan é a ghéilleadh, mar gheall ar fhrithionsaithe Rúiseacha, agus má éiríonn leo Pokrovsk a chosaint, aithneofar an feachtas mar bhua dóibh.
Ach rinneadh measúnú míleata go mbeadh arm na hÚcráine in ann an dá thrá a fhreastal – Pokrovsk a chosaint agus dul ar an ionsaí trasna na teorann ag an am céanna. Mar sin, dá gcaillfidís Pokrovsk – agus fiú dá n-éireodh leo seilbh a choimeád ar Kursk – bheadh ceisteanna tromchúiseacha le freagairt ag ceannasaíocht an Airm.
Cé gur beag éachtaint atá againn ar dhearcadh rialtas na Rúise maidir leis an oibríocht in Kursk agus an tionchar a bheidh aige seo ar cheannasaíocht na tíre, tá daoine áirithe le cloisteáil san Úcráin ag maíomh go ndearnadh botún toisc go raibh a fhios ag gach duine go raibh siad faoi bhrú san oirthear ach ina ainneoin seo gur sheol siad an feachtas in Kursk.
Mar sin, má chailleann siad Pokrovsk agus an talamh a ghabh siad trasna na teorann, is deacair a shamhlú nach mbeidh tionchar aige seo ar mheanma agus ar cheannasaíocht pholaitíochta na hÚcráine, agus ar dhul chun cinn an chogaidh as seo amach.
Eoghan Ó Néill
Cogadh nach raibh gá leis agus a bhfuil daoine san Úcráin agus, ag leibhéal níos ísle, sa Rúis ag íoch as lena mbeatha, lena míchumais agus lena ndíláithriú óna ndúthaigh dhúchasacha.
Os a choine sin tá lucht déanta armlóin agus Máistrí Nato ag déanamh go seoigh as. Bhí baol ann i Márta 2023 go dtiocfadh Zelinski agus Putin ar shocrú síochána ach cuireadh Boris trasna chuig Kív chun léiriú do Zelinski gur b’fhearr leanúint ag cogadh. Tá baol ann go dtiocfadh le cogadh núicléacht teacht as an straitéis seo am ar bith.
Tá an Píoblíne Nordstream scriosta agus eacnamaíocht na Gearmáine ag fulaingt de dhíth gáis ón Rúis.
Deacair a thuiscint nach bhfuil an tAontas Eorpach ag saothrú ar son socrú agus síocháin san Úcráin.
JP
” a chúig oiread níos mó acu ná atá ag na hÚcránaigh.”
Sin í an fhírinne shearbh in aon nath amháin.
Tobar gan tóin atá ag na Rúisigh
.i. fir chogaidh gan áireamh a bheith acu…agus is mar sin a bhí riamh anall sa stair i ngach cogadh a throid siad.
Ní gá ach Stalingrad agus Barbarossa a chur san áireamh.
Díomua tubaisteach ab ea Stalingrad do Hitler a bhain croitheadh ó thalamh as. Níor fhéad sé glacadh leis gur thug na Rúisigh pleanncadh do na trodairí ab oilte agus ab fhearr a bhí aige sa Reich.
Tuigeadh dá éis sin go raibh a rás rite ag na Naitsithe.
D’fhéadfá a rá, dáiríre píre, gurbh é an t-arm dearg a bhuaigh an dara cogadh domhanda …ach abair os íseal é.
Agus páirt nach beag ag na mná sa chogaíocht!
Féach, leis, an forlámhas millteanach atá ag an Rúis san aer agus ba dheacair a áiteamh nach snámh in aghaidh easa ag an Úcráin é.
Trealamh á chailliúint ar dalladh acu anuas ar gach rud…
Leanfaidh an t-uafás seo go ceann i bhfad, deinim amach, agus cad a bheidh buaite leis?
Faic na fríde, ach is cinnte go mbeidh saibhreas mór déanta ag Lockheed Martin agus a theachtaí.
An tSean Commie Bocht
An ceart ag Eoghan. Tá an an locht ar NATO agus ar Boris Johnson agus Zelensky go ndearna an Rúis ionradh ar an Úcráin. Is puipéidí de chuid Boris agus NATO iad na hÚcráínigh bochta cé nach dtuigeann siad fhéin é sin. Ní raibh ag teastáil ó Putin nuair a rinne sé ionradh ar an Úcráin ach síocháin. Agus má úsaideann Putin airm núicléacha san Úcráin is cinnte gur ar dream eile a bheith an locht faoin sin freisin.