Bunchóip d’amhrán grá Gàidhlig ó thrinsí an Chogaidh Mhóir ar taispeáint

Dòmhnall Ruadh Chorùna a scríobh ‘An Eala Bhàn’ agus é ag teacht chuige féin tar éis gortú mór le linn Chath an Somme

Bunchóip d’amhrán grá Gàidhlig ó thrinsí an Chogaidh Mhóir ar taispeáint

Beidh lámhscríbhinn Gàidhlig a scríobhadh sna trinsí sa Fhrainc le linn an Chogaidh Mhóir mar chuid de thaispeántas nua in Albain. Tá maoiniú £165,000 (€196,000) faighte ag Comunn Eachdraidh Uibhist a Tuath (Cumann Staire Uibhist a Tuath) in Albain le hathchóiriú a dhéanamh ar Sheanscoil Cairinis san oileán agus earraí a bhaineann leis an gcultúr Gaelach a chur ar taispeáint ann.

Beidh bunchóip den amhrán grá ‘An Eala Bhàn’ i measc na n-earraí sin, amhrán a scríobh iardhalta de chuid na scoile, Dòmhnall Ruadh Chorùna, agus é ag teacht chuige féin tar éis gortú mór le linn Chath an Somme sa Chogadh Mór. Chan an t-amhránaí aitheanta Gàidhlig Julie Fowlis an t-amhrán ag ócáid chomórtha an chatha sa Fhrainc in 2016.

Dúirt Fowlis, a d’fhreastail ar an scoil freisin, gur mhór an onóir a bhí ann an t-amhrán a rá agus chuir sí fáilte roimh an scéala go mbeidh an cháipéis agus nithe eile a bhaineann le cultúr an oileáin ar taispeáint.

“Tá an eagraíocht [Comunn Eachdraidh] agus an pobal féin tar éis na céadta, nó na mílte, rud luachmhar a bhaineann le saol cultúrtha Uibhist a Tuath a bhailiú agus a chur i dtaisce. Is ceart agus is cóir go dtabharfaí na rudaí seo abhaile chuig an bhfoirgneamh seo, atá ag croí an phobail leis na blianta fada,” a dúirt sí.

Beidh ábhar eile a bhaineann leis an gcogadh ar taispeáint san ionad nuachóirithe chomh maith le hearraí ón oileánra Gaelach Hiort atá i bhfad amach ó chósta na hAlban san Aigéan Atlantach. Thréig pobal Hiort, ar chainteoirí Gàidhlig iad, an t-oileán i 1936. Tá ábhar a bhaineann leis an mbanna rac-cheoil Gàidhlig Runrig sa bhailiúchán freisin.

Chuir Udsean Robertson ón gComann Eachdraidh fáilte roimh an scéala freisin.

“Tá lúcháir orm gur fhógair Riaghaltas na h-Alba an maoiniú seo, a chabhróidh go mór le haidhmeanna Chomunn Eachdraidh an Ghàidhlig a chothú agus oidhreacht, stair, cultúr, agus traidisiúin Uibhist a Tuath a chaomhnú agus a chur chun cinn. Tá ceantar Cairinis sáite sa stair agus sa traidisiún mar atá an Uibhist a Tuath trí chéile.

“Tá radharc ón tseanscoil ar Theampull na Trionaid, coláiste cléireach agus foghlama a tógadh sa 12ú hAois. Chomh maith leis sin, fearadh Cath Cairinis i ngiorracht don áit sa bhliain 1601 idir Clann Mhic Dhòmhnaill agus Clann Mhic Leòid freisin,” a dúirt Robertson.

Cuirfear £200,000 (€238,000) eile ar fáil d’amharclann Ghàidhlig in Uibhist a Deas.

Fág freagra ar 'Bunchóip d’amhrán grá Gàidhlig ó thrinsí an Chogaidh Mhóir ar taispeáint'

  • Amergín

    Thug mé féin cuairt ar an gComann Eachraidh nuair a bhíos in Uibhist a’ Tuath anuraidh. Bhíodar ag bailiú airgid an uair sin don athchóiriú sin. Bhí cúpla duine bailithe le chéile istigh san ionad nuair a tháinig mé agus iad ag féachaint ar an ábhar, iad an-fháiltiúil agus scoth na Gaidhlig acu.

    Bhí roinnt sean-uirlisí tís ar taispeáint, agus ualach sean-leabhar agus cartlann mhór grianghrafanna ón 20ú aois istigh i bhfillteáin ann freisin. Bhí ualach pictiúr acu ón uair a tháinig Eilís II chun an oileáin sna caogaidí. Beidh an t-ionad go hiontach ar fad nuair a bheidh sé forbartha acu.