‘Buille ar son an bhuille’ a bhí ann fáil réidh le liúntais do mhúinteoirí Gaeltachta agus gaelscoileanna

Léiríonn figiúirí nua gur ‘pinginí beaga suaracha’ atá á sábháil ó cuireadh deireadh leis na liúntais a d’íoctaí le múinteoirí Gaeltachta agus gaelscoileanna agus is gá na híocaíochtaí a thabhairt ar ais láithreach, dar le hiarAire Rialtais

‘Buille ar son an bhuille’ a bhí ann fáil réidh le liúntais do mhúinteoirí Gaeltachta agus gaelscoileanna

Níl mórán le cois milliún euro á shábháil in aghaidh na bliana ag an Roinn Oideachais de thoradh an chinnidh a rinneadh deireadh a chur leis na liúntais do mhúinteoirí nua i scoileanna Gaeltachta, scoileanna lán-Ghaeilge agus scoileanna oileáin.

“Pinginí beaga suaracha i gcomhthéacs bhuiséad na Roinne agus an Stáit,” a thug an t-iarAire Gaeltachta Éamon Ó Cuív ar an tsuim airgid atá i gceist.

Dúirt Ó Cuív gur léirigh na figiúirí nua gur “seafóid” a bhí ann deireadh a chur leis na liúntais agus gur chóir iad go léir a chur ar ais láithreach mar go raibh “fíorphráinn leo le dul i ngleic leis an nganntanas mór múinteoirí do scoileanna Gaeltachta agus scoileanna lán-Ghaeilge”.

Léiríonn na figiúirí ón Roinn Oideachais a tugadh don Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil gur €4.9 milliún a chosain na liúntais éagsúla sa bhliain 2010 agus gur €3.8 milliún a bhí i gceist anuraidh, laghdú €1.1 milliún. Ní íoctar na liúntais anois ach le múinteoirí a bhí ag múineadh roimh 1 Eanáir 2011 agus aon mhúinteoir a ceapadh ina dhiaidh sin fágtha dá n-uireasa.  

2010 2018
Liúntas Gaeltachta (bunscoileanna) €1.7m. €1.3m
Liúntas Gaeltachta (iarbhunscoileanna) €508,000 €400,000
Liúntas gaelscoileanna (bunscoileanna) €2.4m. €1.8m
Liúntas galescoileanna (iarbhunscoileanna) €252,000 €198,000
Liúntas oileáin  (bunscoileanna) €54,000 €31,000
Liúntas oileáin (iarbhunscoileanna) €0 €0

Liúntais 2010 v 2018 (figiúirí ón Roinn Oideachais)

€3,063 an liúntas a bhíodh á fháil sa bhreis ar a bpá ag gach múinteoir sa Ghaeltacht roimhe seo agus €1,583 breise a bhíodh ag múinteoirí i ngaelscoileanna. Bhíodh €1,842 mar liúntas ag múinteoirí ar na hoileáin. 

Tugadh le fios don Teachta Dála Éamon Ó Cuív ag cruinniú de Choiste Gaeilge an Oireachtais le déanaí gur cuireadh deireadh leis na liúntais ‘mar go raibh airgead gann’

“Raiméis” a thug sé ar an míniú sin agus é ag labhairt le Tuairisc.ie. “Ní raibh ann ach an pionna a chur isteach sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht. Buille ar son an bhuille a bhí ann. Bhí siad [an Roinn Oideachais] ag faire ar a seans agus thapaigh siad an deis nuair a fuair siad an leithscéal,” arsa Ó Cuív.

Múinteoirí bunscoile is mó a bhí ag baint sochair as na liúntais de réir fhigiúirí na Roinne. Íocadh €1.8 milliún i liúntais le múinteoirí bunscoile i ngaelscoileanna na tíre anuraidh agus €1.3 milliún le múinteoirí i mbunscoileanna na Gaeltachta. Beagnach €400,000 a íocadh le múinteoirí meánscoile na Gaeltachta agus beagnach €200,000 le múinteoirí i ngaelcholáistí. Ní raibh i gceist leis liúntais a íocadh le múinteoirí bunscoile ar na hoileáin anuraidh ach €30,000 agus níor íocadh aon liúntas le múinteoirí meánscoile ar na hoileáin.

Fág freagra ar '‘Buille ar son an bhuille’ a bhí ann fáil réidh le liúntais do mhúinteoirí Gaeltachta agus gaelscoileanna'

  • Pól Ó Braoin

    Táthar ag iarraidh deireadh a chur leis an nGaeilge sa gcaoi is nach mbeidh sí ina dris chosáin ná ina cúis náire níos mó do rialtas nach bhfuil in ann admháil nach bhfuil suim dá laghad acu a háit cheart a thabhairt di sa stát seo. Níos mó dearg le fearg a theastaíonns, cheapfainn…

  • Mac an Mheiriceánaigh

    A mh’anam go bhfuil an ceart ar fad ag Pól. Tá páirtithe nua agus rialtas nua ag teastáil…