Stiúrthóir: John Krasinski
Cliar: Emily Blunt, Millicent Simmons, Cillian Murphy, Kohn Krasinski, Noah Jupe, Djimon Hounsou
Ba rath gan choinne a bhí ar A Quiet Place in 2018. Ar an gcéad luí súl ba bheag a shamhlófá go ndéanfadh an saothar gaisce: arrachtaí eachtráin, domhan iar-apacailipteach agus teaghlach dlúth ag brath ar a chéile agus iad ag iarraidh a gcosa a thabhairt leo ón anachain. Seanscéal agus meirg air. Lena chois sin ní raibh ann ach an tríú huair ag Krasinski ar an stiúir.
Deineadh táirge ar leith a sholáthar, áfach agus bhí na léirmheastóirí agus an lucht féachana araon an-tógtha leis an scannán uafáis, cliste, drámatúil seo. Carachtair le téagar, aisteoireacht bhreá agus míreanna uafáis nótáilte. Ní nach ionadh chuathas i mbun oibre ar an scannán leantach ar an bpointe.
Dhein Krasinski agus a chomhghuaillithe dhá chinneadh cliste agus iad i mbun an scannáin leantaigh seo. An chéad cheann acu sin ná sinn a thabhairt siar go lá na cinniúna sa radharc oscailte fada; an lá úd gur thuirling na harrachtaí. Tugann seo deis do Krasinski filleadh i ról an athar, Lee, a maraíodh sa chéad ghála. Tá an teaghlach ar fad ag cluiche daorchluiche agus iad go sona sásta i mbaile beag codlatach i dtuaisceart stát Nua-Eabhrac. Go tobann cítear dreige de shaghas ag tuirlingt sa cheantar máguaird. Ní fada ina dhiaidh sin go ndéanann na harrachtaí slad i radharc fuilteach, lán teannais is aicsin.
Deirtear linn ar scáileán gurb é sin Lá 1 agus i ndiaidh an tsléachta déantar sin a theilgean ar aghaidh chuig Lá 474 agus sinn ag breith suas leis na carachtair díreach i ndiaidh eachtraí an chéad scannáin. Seo an dara cinneadh stuama, dar liom, mar táimid nasctha go hiomlán le scéal an chéad scannáin.
Bíonn ar Evelyn (Blunt), Regan (Simmons) agus Marcus (Jupe) tearmann na feirme a fhágaint ina ndiaidh agus an bóthar a bhualadh. Fan na slí tagann Emmett (Murphy) i gcabhair orthu. Bhíodh sé mar chara ag Lee tamall ach tá sé dúnta isteach ann féin ó cailleadh a bhean is a chlann mhac. An t-eiteach á thabhairt aige ar achainí Evelyn is é ag maíomh nach fiú na daoine atá fágtha a tharrtháil. Diaidh ar ndiaidh, áfach tagann a dhaonnacht is a mhisneach chuige. Tugann Murphy taispeántas breá uaidh faoi mar is dual dó.
Sí Regan laoch an scannáin seo agus déanann sí gach duine eile a tharraingt léi. Tugann Simmons taispeántas cumasach uaithi. Tá Blunt í féin ar fheabhas ach faoi mar a deirim bhí sí in áit na leathphingine, ábhar. Ag staid amháin sa scannán tá an grúpa seo á roinnt ina dtrí chuid, rud a thugann deis mórán radharcanna aicsin is uafáis a sholáthar dúinn. Ní bhíonn aon mhaolú ar na radharcannna agus beidh tú ar tinneall cuid mhaith den scannán.
Tá gaisce déanta ag Krasinski sa tslí go bhfuil éirithe leis scannán leantach a sholáthar atá in ann é a fhéachaint lena réamhtheachtaí. Is cinnte go mbeidh an tríú gála chugainn go luath.
Fág freagra ar 'Buaileann an tintreach faoi dhó le ‘A Quiet Place’'