Is iarTheachta Dála agus iar-aire rialtais tú atá anois id láithreoir ar chlár measúil cúrsaí reatha. Tugann tú meitheal chun an stiúideo le dreas cainte a dhéanamh faoi ábhar tromchúiseach. Tosnaíonn tú an t-allagar trí thagairt do bheirt de do chuid aíonna mar ‘cultural terrorists’ agus ‘zealots’. Sin mar a chuir Ivan Yates tús leis an ‘díospóireacht’ faoin nGaeilge ar The Tonight Show ar TV3 aréir. Chonaic mé cheana thú, mar a dúirt an cat leis an mbainne te.
Níos faide anonn sa díospóireacht, más féidir sin a thabhairt ar an rámhaillí a bhí ar bun ag cuid acu, dhein Yates comparáid idir an cosc ar ghinmhilleadh agus éigeantacht na Gaeilge sa chóras oideachais. Bíodh a rogha féin ag cách, ar sé, ach ná brúigh aon rud ar aon duine. Lena cheart a thabhairt dó maidir leis an ráiteas sin ní dóigh liom gur thuig sé féin cad go díreach a bhí i gceist aige. ‘Broim intinne’ má bhí a leithéid riamh ann. Pé acu scéal é, bhí pé rud a bhí sé ag iarraidh a rá míchuí agus áiféiseach.
Ansin chuir Niall Boylan ó 4fm a mhaide san fheamainn. Bhí sé cráite mar go raibh Bláthnaid Ní Chofaigh agus Pearse Doherty ag labhairt as Gaeilge le chéile roimh an gclár. Go bhfóire Dia ar an bhfear bocht seo dá mbeadh air oibriú thar lear nó dá gcuirfí ar a shúile dó go bhfuil tuairim is 60% de phobal an domhain dátheangach nó ilteangach. Chun an tarcaisne a chur i gceann na héagóra, d’admhaigh sé nach mbeadh aon chantal air dá mba Fhrancaigh a bhí ag comhrá ina dteanga dhúchais mar murab ionann agus fear nó bean na Gaeilge, ráineodh nach mbeadh Béarla ag an bhFrancach.
An rud is mó a bhí ag cur tinnis orthu ná ‘éigeantacht’ na Gaeilge. Seanscéal agus meirg air. Ní raibh aon fhadhb acu le héigeantacht an Bhéarla agus an Mhata, gan amhras. Bhí alltacht ar Yates faoin ‘éigeantacht’ agus ‘go mbíonn ar dhaoine rudaí a dhéanamh nach dteastaíonn uathu a dhéanamh’. Rud nár rith leis ná gurbh é sin an dualgas a bhí air sna blianta a chaith sé mar Theachta Dála agus Aire Rialtais. ’Sé sin dlíthe, polasaithe, rialacha agus rialacháin a cheapadh sa Dáil agus ina roinn a shocraigh go raibh nithe áirithe ‘éigeantach’, ceadaithe nó coiscthe. Bíonn ar dhuine rudaí a dhéanamh nach dteastaíonn uathu a dhéanamh i ngach cuid den saol. Tá difríocht idir polasaí agus tíorántacht. Tuigeann sé é sin go maith agus cur i gcéill a bhí san uafás a bhí air.
Ní raibh aon teora leis an tseafóid: ní chuirtear brú ar mhuintir na hAstráile teanga na mbundúchasach a fhoghlaim, dar le Boylan agus thosaigh Yates ag maíomh go bhfágann an dream óg Gaeltacht Dhún na nGall mar go bhfuil seans níos fearr acu post a fháil trí Bhéarla.
Sea, ní thuigim an ceann sin ach an oiread. ‘Broim intinne’ eile, b’fhéidir. Ach nár dhóigh leat go mbeadh cur amach níos fearr ag Yates ar dhúshláin mhuintir na tuaithe óir go raibh sé ina aire talmhaíochta sna nóchaidí?
Gan amhras luadar a dtaithí féin ar scoil, ach i gcead do Yates agus Boylan ní inniu ná inné a chuireadar peann cleite san adharc dhúigh. Ar a laghad deineadh Dlí Godwin na Gaeilge a sheachaint aréir; ’sé sin go mbíonn tagairt do Pheig Sayers in aon díospóireacht faoin nGaeilge.
Bhí trua agam do Bhláthnaid Ní Chofaigh agus Pearse Doherty; bhíodar ag taoscadh na farraige le píce trí mbeann. Cad is féidir a dhéanamh nuair a shíleann fear na buile gurb é féin fear na céille?
Labhair Diarmaid Ferriter go stuama; ‘complete and utter nonsense’ a thug sé ar thagairtí Yates don nginmhilleadh. Mar sin féin déanaim amach go raibh aithreachas air nár bhailigh sé leis roimh an mbriseadh leis na haíonna eile sular thosaigh an seó bóthair.
Ar shlí an t-iontas is mó atá orm faoin rud ar fad ná go bhfuil iontas orainn in aon chor. Ní cheart go mbainfeadh ‘díospóireacht’ phatuar, shuarach, aineolach mar seo geit asainn. Nach shin a bhímid i dtaobh leis gach uair a bhíonn an Ghaeilge idir chamáin? Ba ríléir aréir nach raibh aon chur amach ródhomhain ag Yates ar an ábhar agus gurbh in ba chúis cuid mhaith leis na bromanna intinne ar fad. Lena chois sin, ní raibh aon saineolas nó léargas stuifiúil ag baint le caint Boylan, a thagair go minic don 12,000 Gaeilgeoir a mhaíonn, dar leis, nach bhfuil aon fhocal Béarla acu, pé áit a bhfuair sé an figiúr diamhair sin. Bhíodar beirt ag brath ar a ndearcaí cúnga i leith na Gaeilge atá bunaithe ar thaithí chúng is scéalta pearsanta. Is amhlaidh a bhíonn i gcónaí ó thaobh na Gaeilge. An bhfuil aon toise eile den dioscúrsa poiblí atá chomh bocht tanaí sin?
Gan amhras tá an-seans ann go bhfuilid ag magadh chugainn go cliste; ’sé sin líonann truflais den sórt sin bearnaí go héasca agus éiríonn léi ‘Gwaelgoiri’ agus lucht cáinte na teanga a spreagadh chun giolcaireachta.
Ní faide gob na gé ná gob an ghandail.
Seo an méid a bhí le rá ag carachtar Ivan Yates, faoi fhéin, ar mhír Aprés Match faoi The Tonight Show, mír a craoladh Dé Luain.
‘I will be shouting at everyone, interrupting them when they get to the really interesting bit and generally being irritating, aggressive and annoying.’
Nach tuisceanach lucht an scigmhagaidh?
uinseann mac thómais
Léirmheas iontach. An Ghaeilge abú!
Mánus
Cuimhnímis gur “Silly season” na hiriseoireachta atá ann faoi láthair. B’fhearr dúinne Gaeil gan páirt a ghlacadh sna “díospóireachtaí” faoin Ghaeilge ar aon stáisiún Bhéarla in Éirinn mar is cinnte nach mbeidh eolas dá laghad ag na láithreoirí faoin teanga. Ní féidir an teanga Gaeioge a chosaint nuair atá na cainéil teilifíse agus raidió Bhéarla á reachtáil ag Seoiníní aineolacha. A leithéidí O’Toole, Myers, Boylan, Yates, Cooper srl ní fiú dul in aice leo.
B’fhearr dúinne Gaeil ár bhfuinneamh a chaitheamh ar thograí dhearfacha ar nós eastáit tithíochta LánGhaeilge a bhunú.
Eoghan ONeill
Is suimiúil é an dearcadh nach gcuirtear brú ar mhuintir na hÁstráile teanga(í) na mbundúchasach a fhoghlaim agus uaidh sin nár chóir go mbeadh ar Anglos na hÉireann an ghaelig a fhoghlaim ar scoil. Ach furmhór Anglos na tíre seo is de shliocht na nGael iad ar chas a sinsir ar an bhéarla i ndiaidh an Ghorta Mhóir. Ar ndóigh cuireann sé isteach ar Ivan, Niall agus móruaisle an Ueberkultur go bhfuil an teanga seo fós beo bíodh nach bhfuil muid líonmhar mar a bhí tráth.
páid
sár-alt!
lob
Aontaím leat a Mhánuis, ní chóir dúinn a thuilleadh ama a chur amú a bheith mar aíonana ar chláracha Béarla tv3/rte ag chosaint na teangan nó ag scríobh altanna fúthu ina dhiaidh. Is dóigh go bhfuil fuath don Ghaeilge mar cháilíocht riachtanach dóibh siúd atá ag obair sna méain Béarla. Ba chóir dúinn a bheith ag chaitheamh ama ar thógraí fiúntacha ar nós Gaelphobal úr a bhunú
Mártan Ó Náraigh
Ach cén dochair an Ghaeilge beith ina ábhar roghnach sa chóras oideachais? Sin é an cheist a bhi faoi chaibidil ag Yates. Agus an ceart aige.
wtf
Tugtar tacaíocht don ghrathain fhrithGhaelach sin trí bhreathnú ar na cláracha a eisíonn siad. Chaith mé amach “lóchrann na n-amadán” (tv) fadó riamh. Éistím le rnag agus lyric anois. Is leor liom sin. Níl an teilifíss go maith duit.
Tadhg
ní rabhas chomh hoibrithe leis sin le fada an lá. ana-tharcaisniúil. bhíos réidh le píce nú ak47 a chur i bhfearas! síos le impiriúlachas, gnéasaíochas, ciníochas agus fuath teangan!