An bhfuil fuascailt i ndán dúinn sna cainteanna idir Éirinn agus an tAontas Eorpach maidir leis an mBreatimeacht? Sin í an cheist atá á cur tar éis do Jean Claude Juncker, Uachtarán Choimisiún na hEorpa, geallúint a thabhairt go ndéanfadh sé gach rud le teorainn chrua ar oileán na hÉireann a sheachaint.
Seo é an chéad uair gur thug urlabhraí mór le rá ar bith san Aontas aon gheallúint chomh cinnte sin don tír seo i dtaobh an Bhreatimeachta, cé nach bhfuil mórán sonraí tugtha fós faoi céard go díreach a bhí i gceist ag Juncker.
Bhí sé spéisiúil freisin gur luaigh Juncker agus an Taoiseach beirt tábhacht Chomhaontú Aoine an Chéasta, agus go ndúirt an Taoiseach go lom go bhfuil sé tábhachtach go gcabhródh pé foclaíocht a aontófar i dtaobh an Bhreatimeachta le ‘Éire Aontaithe’ a bhaint amach.
Ghlac Juncker leis nár chóir aon rud a dhéanamh a chuirfeadh an Comhaontú i mbaol.
Agus anuas air sin ar fad, tá oifigigh sa Choimisiún sa Bhruiséil ag maíomh anois go bhfuil tuiscint dhomhain ann faoi na fadhbanna faoi leith a bheidh ag an tír seo de thoradh an Bhreatimeachta, agus iad ag rá freisin go bhfuil lucht an Rialtais i mBaile Átha Cliath ag iarraidh go mbeadh dlúthchaidreamh trádála ag Éirinn leis an mBreatain tar éis an Bhreatimeachta.
Ar ndóigh tá sé éasca rudaí deasa mar seo a rá ag ócáidí den chineál seo, ach, mar sin féin, seo í an chéad uair ar chualamar a leithéid de chaint a thugann le fios go bhfuiltear ag smaoineamh dáiríre faoi chás na hÉireann ag na leibhéil is airde san Aontas.
Tá fadhb amháin ann atá soiléir go maith, áfach. Má bhrúitear Sasana amach ón Aontas Custam, is má chuirtear bac ar thrádáil Shasana sa mhargadh aonair, cén chaoi a socrófaí an caidreamh idir Sasana agus an tAontas ar bhealach nach gcuirfeadh isteach ar leas na hÉireann ó thaobh na heacnamaíochta (trádáil le Sasana) agus i dtaobh na polaitíochta (cás na sé chontae).
Cinnte, bheadh sé níos éasca don tír seo dá mba rud é nach gcuirfí aon srian ar thaisteal nó aon srian eile i bhfeidhm idir oileán na hÉireann agus oileán na Breataine. Ach rachadh na haontachtóirí ar mire dá molfaí a leithéid agus tá sé deacair a shamhlú go mbeadh na Sasanaigh sásta é a dhéanamh.
Ach ar a shon sin is uile, chuir an Taoiseach ceist athaontú na tíre ar an gclár sa mhéid a bhí á rá aige.
Ar ndóigh, tá Sinn Féin ag lorg stádas speisialta ón Aontas don Tuaisceart, ach níl a fhios ag éinne cén chaoi a n-oibreodh a leithéid de stádas. Cé gur luaigh an Taoiseach, ’sea an Taoiseach, athaontú na tíre, ní dhearna sé aon tagairt d’aon stádas speisialta don Tuaisceart.
Is laige na hargóintí sa gcás seo toisc nach ann faoi láthair don Fheidhmeannas ó thuaidh, agus toisc gur cosúil nach mbeidh sé ann i ndiaidh an toghcháin ach an oiread. Tá neamhaird chomh mór sin tugtha ag rialtas Bhaile Átha Cliath ar an Tuaisceart go bhfuil sé beagáinín déanach san imirt aon rud a dhéanamh anois. Caithfear, áfach, iarracht fhónta a dhéanamh.
Is léir nach fiú cainteanna le gach páirtí a shocrú. Caithfear labhairt leis an DUP astu féin go díreach, agus mar a chéile an scéal le Sinn Féin. Ní maith le lucht bolscaireachta ó dheas é a admháil, ach níl aon tábhacht leis an UUP ná an SDLP sa chás seo agus níl aon tionchar acu air.
Le tamall anuas, tá lucht gnó sna 26 contae ag éirí buartha go mbuailfear dhá bhuille ar an tír seo in éineacht, is é sin go mbeimis níos faide amach ar an imeall san Aontas agus, ag an am céanna, scartha amach ón bpáirtnéir trádála is tábhachtaí atá againn.
Gan dabht, bhí an Taoiseach ag iarraidh an imní sin a mhaolú. Agus gan dabht, tá sé ag iarraidh freisin go gcothódh a chuid cainte agus caint Juncker dóchas gur féidir leas na hÉireann a chosaint i ndiaidh an Bhreatimeachta. An bhfuil údar dóchais ann dáiríre? Ní bheidh a fhios againn nó go bhfeicfidh muid na sonraí i gceart.
Is fíor fós go mbeadh an tír seo i bhfad níos fearr as dá bhféadfadh muid margadh a dhéanamh a thabharfadh bheith istigh dúinn sa Mhargadh Eorpach Aonair agus cead freisin trádáil gan aon bhac le Sasana taobh amuigh den mhargadh sin. Is fíor freisin gur tubaiste a bhí san euro dúinn agus gur chóir dúinn éalú uaidh chomh luath agus is féidir.
’Sea, d’oirfeadh ballraíocht chomhlach, mar atá ag an Iorua, níos fearr dúinn. Bheadh muid in ann comhlachtaí stáit a chruthú is a chosaint ar mhaithe le seirbhísí a chur ar fáil agus fostaíocht a chruthú, faoi mar a dhéantar san Iorua.
Bheadh muid in ann ár gcearta iascaireachta a fháil ar ais, agus airgead a fháil ar iasacht le go dtógfadh na comhairlí áitiúla tithe leis an ngéarchéim tithíochta a leigheas.
Ach is den riachtanas é i gcónaí, is cuma cé chomh milis is a bhíonn caint Juncker, go ndéanfaí idirbheartaíocht dhíreach neamhspleách le Sasana, go háirithe maidir le scéal an Tuaiscirt.
Cinnte, ámh, tá na geallta a n-ardú ag an Taoiseach, agus cheana féin tá a lucht tacaíochta ag maíomh gur léiriú an cruinniú is déanaí seo go bhfuil sé tábhachtach go bhfanfadh an Taoiseach in oifig píosa beag eile.
Nó píosa fada?
Seán Mag Leannáin
Suimiúil ann féin gur chuir an Taoiseach ceist athaontú na tíre ar an gclár sa mhéid a bhí á rá aige.
Pól Ó Braoin
Is cuimhin liom go maith na laethanta úd nuair a tháinig an Comhargadh isteach. Bhí mé a cheapadh go mbeadh sé thar cionn don tír seo. Ansin tháinig an Euro mallaithe sin and an Ghearmáin i gceannas agus díoladh na cearta iascaireachta, díoladh an gás, díoladh an ola, agus níl a fhios agam céard eile a díoladh orainn uainn. Agus is ansin a bhí mé a cheapadh b’fhéidir nach bhfuil sé chomh thar cionn sin don tír seo ar chor ar bith… Feicfidh muid. Is bocht an scéal é má ghabhann muid ar ais go dtí laethanta na teorann nó ar ais go dtí laethanta na dtrioblóidí in athuair. As ucht Dé ná ligimis dósan tarlú. Níor cheap mé ariamh go gcloisfinnse mé féin á rá, ach b’fhéidir go bhfuil leas eicint fós le baint againn as an taoiseach dodhíbeartha céanna.