Breis is sé mhí ó d’imir foireann faoi 20 Chorcaí go deireadh ach tá cuma na maitheasa orthu i gcluiche ceannais na hÉireann

Buntáiste a bheidh ann d’Áth Cliath go raibh cluiche acu coicís ó shin ach tá a mianach léirithe ag foireann Chorcaí i gCúige Mumhan

Breis is sé mhí ó d’imir foireann faoi 20 Chorcaí go deireadh ach tá cuma na maitheasa orthu i gcluiche ceannais na hÉireann

Daire Connery. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Beidh cluiche mór an deireadh seachtaine ar siúl i UMPC Páirc Uí Nualláin anocht, áit a gcasfaidh Corcaigh agus Áth Cliath ar a chéile i gcluiche ceannais faoi 20 na bliana seo caite (7.15pm, beo ar TG4).

Nárbh ait é Craobh na Mumhan sa chomórtas faoi 20 a bheith againn dhá lá roimh an Nollaig. Ach b’in a tharla an bhliain eisceachtúil sin agus craobh dheireanach na bliana tugtha leo abhaile ag foireann faoi 20 Chorcaí tar éis dóibh Tiobraid Árann a chur de dhroim seoil agus gan aon dara seans ag na Tiobraid Árannnaigh.

Ní rófhada ó shin (2018) ó thug Corcaigh stánáil cheart dos na Tiobraid Árannnaigh, 2-23 in aghaidh 1-13, i gcluiche ceannais na Mumhan agus is iad fir Thiobraid Árann a bhuaigh Craobh na hÉireann an bhliain chéanna.

Ní raibh ach dhá chúilín idir na foirne sa chraobh roimh an Nollaig. Cúl déanach sa chluiche ón ionadaí Jack Cahalane a d’fhág solas an lae idir na foirne an lá sin. Is é Jack an duine is déanaí de ríshliocht na gCathallánach a bhfuil geansaí dearg an chontae á chaitheamh aige. Ní fhéadfainn a rá gur taispeántas iontach a bhí ann ó Chorcaigh ach rinneadar a ndóthain agus, an rud is tábhachtaí, bhíodar chun tosaigh ar chlár na scór ar shéideadh na feadóige deiridh. Bhí Eoin Davis ar fheabhas sa chúl mar aon le Joyce ag uimhir a sé, mar a bhí Shane Barrett, laoch an chluiche ag TG4 don dara chluiche as a chéile.

Caithfidh siad a bheith níos fearr ach, agus Luimneach agus Tiobraid Árann cloíte acu, beidh muinín acu.

Oíche Fhéile Sin Seáin a imríodh cluiche ceannais Laighean, cluiche a bhí socraithe ar dtús don tríú lá d’Eanáir. Coimhlint eile a bhí anseo a bhí idir dhá cheann na meá go dtí an fhead deiridh. Chríochnaigh Áth Cliath go láidir i gcoinne fhoireann láidir na Gaillimhe (seaimpíní mionúir na hÉireann in 2017,’18,’19).

Bhí Aontroim, Uíbh Fhailí agus Loch Garman curtha díobh ag Áth Cliath agus iad ag dul ó neart go neart roimh chluiche ceannais an chúige. Rachaidh sé chun tairbhe dóibh go raibh an cluiche sin acu coicís ó shin ach bheinn dóchasach go leor go mbeidh an oíche le Corcaigh.

Beidh cluiche tábhachtach eile ar siúl um thráthnóna agus an Ghaillimh ag iarraidh an ceathrú craobh as a chéile a bhuachaint i ngrád na mionúr. Ach tá freasúra ollmhór rompu agus geansaithe Chill Chainnigh orthu. Déarfainn go mbeidh coimhlint ghéar anseo.

Beidh cluiche réamhbhabhta Chorn Mhic Cárthaigh idir Aontroim agus Laois ar siúl freisin um thráthnóna.

Sar a gcríochnóidh mé caithfidh mé tagairt a dhéanamh don fhéasta iomána a bhí againn an deireadh seachtaine seo caite, go háirithe an cluiche idir Cill Chainnigh agus Loch Garman. Classic ceart buaite ag na Cait, 2-37 in aghaidh 2-29. Bhí na foirne cothrom aon uair déag, bhí am breise againn, cuireadh cúl báire chuig bosca na bpeacaí, thug Hawk-Eye fianaise thar a bheith cinniúnach, agus bhí ard-taispeántas againn ó fhear na feadóige, Fergal Horgan.

Bhí tionchar mór ag réiteoir eile, James Owens, ar thoradh chluiche an Domhnaigh idir Tiobraid Árann agus contae an Chláir. Bhí sé thar a bheith dian ar an gClár gur díbríodh Aidan McCarthy chuig bosca na bpeacaí agus é i ndiaidh feall amaideach a dhéanamh ar Jake Morris pas beag taobh istigh den líne 20 méadar agus é beagnach ar an taobhlíne. Le linn na tréimhse a chaith McCarthy sa bhosca, chas an cluiche agus d’éirigh leis na Tiobraid Árannaigh 2-4 a chur ar chlár na scór agus gan ach dhá chúilín a ligean leis na Cláirínigh.

Sa chluiche eile i gcúige Mumhan, rinne Luimneach a ndóthain chun Corcaigh a cur díobh ach ní dóigh liom go raibh an bhainistíocht sásta leis an taispeántas ná lena n-easpa cruinnis.

Ach déarfainn go raibh lucht bainistíochta eile an-sásta agus údar acu, Mattie Kenny agus a chomrádaithe. Bhí Áth Cliath ar fheabhas ó thús deireadh agus an bua tuillte acu i gcoinne na Gaillimhe.

Fág freagra ar 'Breis is sé mhí ó d’imir foireann faoi 20 Chorcaí go deireadh ach tá cuma na maitheasa orthu i gcluiche ceannais na hÉireann'