Breis is 250,00 vóta céad rogha ag Sinn Féin, 184,000 ag an DUP sa dara háit

Tá gach aon dealramh ar an scéal go mbeidh Sinn Féin ar an bpáirtí is mó sa Tuaisceart, cor cinniúnach i stair an stáit a bunaíodh chun go mbeadh móramh buan ag aontachtaithe

Breis is 250,00 vóta céad rogha ag Sinn Féin, 184,000 ag an DUP sa dara háit

Sinn Féin a fuair an líon is mó vótaí céad rogha i dtoghchán Stormont agus breis agus ceathrú milliún vóta céad rogha acu.

250,388 vóta céad rogha a bhí ag Sinn Féin agus iad i bhfad chun cinn ar an DUP, a bhí sa dara háit.

184,002 vóta céad rogha a bhí ag an DUP, thart ar 40,000 níos lú ná mar a bhí acu sa toghchán tionóil cúig bliana ó shin.

Tháinig méadú mór ar líon na vótaí céad rogha a fuair Páirtí na Comhghuaillíochta (Alliance) agus 116,681 vóta acu, ardú thart ar 44,000.

Tá gach dealramh ar an scéal go mbeidh Sinn Féin ar an bpáirtí is mó sa Tuaisceart i ndiaidh chomhaireamh na vótaí, cor cinniúnach i stair an stáit a bunaíodh chun go mbeadh móramh buan ag aontachtaithe.

Toghchán stairiúil atá ann chomh maith do pholaitíocht an láir agus borradh mór faoin bpáirtí Alliance, a bheidh ar an tríú páirtí is mó i ndiaidh an toghcháin. Is ionann an vóta mór a tugadh don pháirtí agus díscaoileadh an tseanreachta faoinar vótáil daoine de réir na scoilte traidisiúnta idir ‘oráiste’ agus ‘glas’.

Drochlá a bhí ann don UUP agus an SDLP agus an chuma ar an scéal go mbeidís imeallaithe a thuilleadh nuair a bheadh an comhaireamh críochnaithe.

Táthar ag comhaireamh na vótaí ó mhaidin i dtoghchán a dhéanfaidh athrú stairiúil ar chothromaíocht na cumhachta sa Tuaisceart.

Tá na vótaí a caitheadh inné á gcomhaireamh i dtrí ionad – ionad an Titanic i mBéal Feirste, Machaire Fíolta i nDoire agus Jordanstown in Aontroim agus leanfar leis an gcomhaireamh sna hionaid go léir amárach.

Bhí Michelle O’Neill, ceannaire Shinn Féin sa Tuaisceart, agus Jeffrey Donaldson, ceannaire an DUP, i measc na gcéad iarrthóirí a toghadh. I Lár Uladh a toghadh Michelle O’Neill, a d’fhéadfadh a bheith ina Céad-Aire, agus 10,845 vóta céad rogha aici.

Rinne Linda Dillon agus Emma Sheerin an beart do Shinn Féin i Lár Uladh chomh maith.

Toghadh Jeffrey Donaldson i nGleann an Lagáin agus farasbarr thart ar 4,000 vóta aige.

Toghadh ceannaire Pháirtí na Comhghuaillíochta, Naomi Long, agus Joanne Bunting an DUP i mBéal Feirste Thoir.

Bhí buanna maithe ag Alliance in áiteanna go leor agus an beart déanta ag leithéidí Sorcha Eastwood i nGleann an Lagáin agus John Blair in Aontroim Theas.

Bhí an lá leis an iar-aire Pobal Deirdre Hargey do Shinn Féin i mBéal Feirste Theas agus 9,511 vóta aici. 7,824 an cuóta a bhí ann.

Ba í Kellie Armstrong, Páirtí na Comhghuaillíochta (Alliance), an chéad duine de 90 duine a thoghfar chun an Tionóil.

I Loch Cuan a toghadh Armstrong agus 7,015 vóta céadrogha aici. 6,811 an cuóta a bhí ann.

Fógraíodh ina dhiaidh sin tráthnóna go raibh Gerry Kelly agus Carál Ní Chuilín tofa do Shinn Féin i mBéal Feirste Thuaidh.

8,395 vóta céadrogha a bhí ag Kelly agus 7,943 duine a  thug a vóta céadrogha do Ní Chuilín. Bhí an bheirt go maith os cionn an chuóta, 7,672.

Toghadh Danny Baker do Shinn Féin in iarthar Bhéal Feirste agus 9,011 vóta céadrogha aige agus é i bhfad os cionn an chuóta, 7,278. Rinne Declan Kearney an beart don pháirtí céanna in Aontroim Theas.

Bhí an lá le Robin Swann, iarcheannaire an UUP agus iar-aire sláinte, in Aontroim Thuaidh agus é ar bharr an chomhairimh le 9,530 vóta.

Toghadh Robbie Butler don UUP i nGleann an Lagáin agus d’éirigh le John Stewart an beart a dhéanamh dóibh in Aontroim Thoir, ach bhí ceannaire an pháirtí Doug Beattie i dtrioblóid sa Bhanna Uachtarach.

Agus an chuma ar an scéal gur lá maith a bheadh ann do Shinn Féin, toghadh Sinéad Ennis (14,381) agus Cathy Mason (9,663) ar an gcéad chomhaireamh sa Dún Theas. Toghadh Nicola Brogan don pháirtí céanna ar an gcéad chomhaireamh i dTír Eoghain Thiar.

Toghadh Philip McGuigan do Shinn Féin in Aontroim Thuaidh agus é sa dara háit taobh thiar de Robert Swann. 9,348 vóta céad rogha a bhí ag fear Shinn Féin. 8,438 an cuóta a bhí ann.

Bhí Sinn Féin ag ceiliúradh chomh maith san Iúr agus Ard Mhacha, mar ar toghadh Conor Murphy agus Cathal Boylan.

Toghadh Jemma Dolan do Shinn Féin is í ar cheann an chomhairimh i bhFear Manach agus Tír Eoghain Theas. 9,067 vóta céad rogha a bhí aici.

Toghadh Pádraig Delargey, iarrthóir eile de chuid Shinn Féin, i dtoghcheantar an Fheabhail, mar ar toghadh Mark H Durkan an SDLP chomh maith.

Rinne Alex Easton, atá ina neamhspleách ó d’fhág sé an DUP, an beart sa Dún Thuaidh. 9,568 vóta céad rogha a bhí aige. Dúirt Easton inniu nach raibh sé i gceist aige filleadh ar an DUP i ndiaidh an toghcháin. Dúirt sé go bhfanfadh sé ina neamhspleách mar gur ar an mbonn sin a sheas sé.

Fág freagra ar 'Breis is 250,00 vóta céad rogha ag Sinn Féin, 184,000 ag an DUP sa dara háit'