Bréagchúirt Uí Dhálaigh Gael Linn 2016 buaite ag Coláiste na hOllscoile, Corcaigh

Ba iad Ruth Ní Éanáin agus Niamh Ní Choileáin a bhuaigh an comórtas bliantúil inné in aghaidh foirne ó Choláiste na Tríonóide, Coláiste na hOllscoile, Gaillimh agus Óstaí an Rí

Bréagchúirt Uí Dhálaigh Gael Linn 2016 buaite ag Coláiste na hOllscoile, Corcaigh

Foireann bhuacach Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, ( sa lár, ó chlé ) Niamh Ní Choileáin, Therese Ní Choileáin agus Ruth Ní Éanáin in éineacht le (ar chlé) An Breitheamh Sinéad Ní Chúlacháin, An Chúirt Chuarda, Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn agus An tOnórach Colm Mac Eochaidh, Breitheamh den Ardchúirt ( ar dheis ) ag Bréagchúirt Uí Dhálaigh 2016.

Ba iad an fhoireann ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, Ruth Ní Éanáin, Therese Ní Choileáin agus Niamh Ní Choileáin, a thug an chraobh leo ag Bréagchúirt Uí Dhálaigh Gael Linn 2016 sna Ceithre Cúirteanna tráthnóna Dé hAoine.

Is iad Gael Linn a reáchtálann an comórtas bliantúil seo, le cabhair ó na habhcóidí Daithí Mac Cárthaigh agus Ruadhán Mac Aodháin, agus mic léinn dlí a bhíonn páirteach ann. Ainmníodh an comórtas i gcuimhne an Bhreithimh Cearbhall Ó Dálaigh, a bhí ina Uachtarán ar Éirinn freisin. Achomharc in aghaidh breithe cúirte a bhíonn i gceist, agus bíonn sonraí an cháis ar fáil roimh ré.

San iomaíocht arís i mbliana bhí foirne ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Dlí-Chumann na hÉireann agus Óstaí an Rí.

Reáchtáladh réamhbhabhtaí in Óstaí an Rí  maidin Dé hAoine agus bhí ar gach foireann dhá thaobh an cháis a réiteach agus a phléadáil. Cás a bhain le briseadh conartha agus airgead gan íoc a bhí faoi chaibidil i mbliana, agus ceadaíodh aighneachtaí béil de thuairim is fiche a cúig nóiméad, mar aon le frisnéis de thrí nóiméad, do na foirne.

Is breitheamh de chuid na hArdchúirte,  An tOnórach Colm Mac Eochaidh, mar aon leis an mBreitheamh Sinéad Ní Chúlacháin ón Chúirt Chuarda a bhí ina moltóirí, le cabhair ón Abhcóide Sinsearach, Cormac Ó Dúlacháin, a bhfuil baint fhada aige leis an gcomórtas. Tugadh ábhar, struchtúr, cumas argóna agus úsáid gutha san áireamh agus iad ag teacht ar a mbreith.

Ghlac foireann UCC taobh an Fhreagróra. Tháinig Feidhlim Mac Róibín agus Benn Ó hÓgáin ó Choláiste na Tríonóide, a throid an cás don Achomharcóir, sa dara háit agus fuaireadar duais €300.

“Cúis sásaimh do Gael Linn an tóir leanúnach atá ag mic léinn dlí  ar Bréagchúirt Uí  Dhálaigh. Tá níos mó deiseanna fostaíochta anois ann ná riamh i gcomhair dlíodóirí a bhfuil máistreacht acu ar an nGaeilge, toisc stádas dlíthiúil  na Gaeilge in Éirinn agus san AE. 

Is léiriú é ar stádas na Gaeilge sna cúirteanna go bhfuil triúr Breithiúna Sinsearacha mar mholtóirí ar an mBréagchúirt i mbliana,” a dúirt Príomhfheidhmeannach Gael Linn, Antoine Ó Coileáin.

Fág freagra ar 'Bréagchúirt Uí Dhálaigh Gael Linn 2016 buaite ag Coláiste na hOllscoile, Corcaigh'