Borradh faoi na Muimhnigh agus an buntáiste ag na Gaeil go fóill

D’éirigh go geal leis na Cúigí sna comórtais Eorpacha an tseachtain seo caite agus beidh súil acu tógáil ar an méid sin an deireadh seachtaine seo

Borradh faoi na Muimhnigh agus an buntáiste ag na Gaeil go fóill

Captaen na Mumhan, Peter O'Mahony. Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

Má tá tada ann, is ag foirne na tíre seo atá aon bhuntáiste a bhí ar fáil ó Bhabhta a hAon de na comórtais Eorpacha, cluichí a bhí á n-imirt an deireadh seachtaine seo caite. Bhí dhá bhua éasca sa mbaile ag Cúige Laighean agus Cúige Uladh agus d’éirigh le Cúige Mumhan a bheith ar comhscór agus iad as baile i gcoinne Exeter, curaidh Shasana, toradh nach raibh súil ar bith leis.

Thug Cúige Chonnacht lascadh le bearna de dhá phointe dhéag do Bordeaux na Fraince ar an mBóthar Beag. Nach iontach an scéal go bhfuair ógánach na Ceathrún Rua, Colm de Buitléar, a chéad dheis leis na Connachtaigh. Treise leat, a Choilm.

As baile sa bhFrainc a bheas triall Chúige Laighean agus Chúige Uladh i mBabhta a Dó den chomórtas sin an deireadh seachtaine seo. Ar an Satharn, beidh na hUltaigh i bPáras agus iad i gcoinne Racing 92, foireann nua Simon Zebo. Bhí cluiche crua agus bua le haon phointe amháin ag na Francaigh agus iad as baile i gcoinne Scarlets na Breataine Bige i mBabhta a hAon, bua a thabharfaidh misneach don fhoireann atá sa séú háit sa Top 14 faoi láthair. Cé go mbeidh Cúige Uladh ag iarraidh tógáil ar an tsár-imirt a chonaic muid uathu i mBabhta a hAon, tá sé deacair bua a aimsiú as baile sa gcomórtas seo, sa bhFrainc go háirithe. Éacht a bheas ann cinnte má éiríonn le fir Bhéal Feirste lánphointí a aimsiú sa gcoimhlint seo.

Níos faide ó dheas sa bhFrainc a bheas Cúige Laighean ag tabhairt faoi Toulouse ar an Domhnach. Seans gurb é seo coimhlint Bhabhta a Dó idir dhá fhoireann a fuair greim ar an gcorn seo ocht mbabhta eatarthu. Bhí an lá leis an dá fhoireann seo i mBabhta a hAon, ach tháinig Toulouse tríd le turas an-chrua agus iad sa mbaile i gcoinne Bath seachtain ó shin. I mo thuairimse braitheann toradh Ghrúpa1 ar an gcluiche seo, má bhíonn an lá le Cúige Laighean go háirithe. Is fiú d’fhir Leo Cullen sár-iarracht a dhéanamh an Domhnach seo, cé go bhfuil sé luath fós sa gcomórtas. Chinnteodh bua áit sna cluichí ceathrú ceannais dóibh.

Ar Pháirc Thuamhan a bheas na Muimhnigh ag cur fáilte roimh Gloucester an Satharn seo. Sa gceathrú háit ar thábla an Premiership atá Gloucester faoi láthair agus bhí bua maith acu ar Castres na Fraince seachtain ó shin. Ach tá borradh faoi na Muimhnigh. Rinne siad éacht i gcoinne Exeter agus cruthaíonn siad go maith sa gcomórtas seo agus iad ag imirt i Luimneach. Is deacair dá bhrí sin bua a thuar do na cuairteoirí sa gcluiche seo.

Tá dúshlán mór roimh Chúige Chonnacht, agus iad thall i Sale Shasana ag imirt i gCorn an Dúshláin. Ach an oiread le Cúige Chonnacht, bhí bua éasca ag Sale i mBabhta a hAon ach is as baile sa bhFrainc a bhí siadsan ag imirt. Mar sin féin, níl fir na Gaillimhe gan seans iad féin. Díreach mar atá ag Cúige Laighean sa gcomórtas sinsearach, beidh tionchar mór ag toradh an chluiche seo ar Ghrúpa 3 an chomórtais. Má bhíonn an bua ag Cúige Chonnacht agus iad as baile i gcoinne an dara foireann is fearr sa ngrúpa seo, beidh seans iontach acu dul chun cinn go dtí na babhtaí ceathrú ceannais.

Ach is fusa caint ná gníomh!

Fág freagra ar 'Borradh faoi na Muimhnigh agus an buntáiste ag na Gaeil go fóill'