Bonn óir eile buaite Paul O’Donovan agus Fintan McCarthy sa rámhaíocht

Is é an dara bonn óir atá buaite ag an mbeirt Chorcaíoch, a rinne an gaisce céanna i dTóiceo trí bliana ó shin

Bonn óir eile buaite Paul O’Donovan agus Fintan McCarthy sa rámhaíocht

Tá bonn óir eile buaite ag Paul O’Donovan agus Fintan McCarthy d’Éirinn ag na Cluichí Oilimpeacha tar éis don bheirt a rás ceannais sa rámhaíocht a bhuachan ar maidin.

Is é an dara bonn óir atá buaite ag an mbeirt Chorcaíoch, a rinne an gaisce céanna i dTóiceo trí bliana ó shin.

Tá ainm O’Donovan sa Táin ar chúis eile freisin agus é ar an gcéad Éireannach riamh a bhuaigh bonn ag trí cinn de Chluichí Oilimpeacha. Chomh maith leis an dá bhonn óir, bhuaigh sé bonn airgid lena dheartháir Gary in Rio in 2016.

Chríochnaigh O’Donovan agus McCarthy chun tosaigh ar an Iodáil agus ar an nGréig sa rás ceannais i gcomórtas bád beirte éadrom na bhfear ar maidin.

Chuir na hIodálaigh tús láidir leis an rás ach thóg na hÉireannaigh ceannas ar chúrsaí agus 1,000 méadar le dul agus bua cuimsitheach a bhí acu sa deireadh.

Fintan McCarthy agus Paul O’Donovan. Pictiúr: ©INPHO/Morgan Treacy

Is é an bonn óir a bhuaigh O’Donovan agus McCarthy an cúigiú bonn a bhuaigh foireann na hÉireann go dtí seo i bPáras. Tá bonn óir agus bonn cré-umha tugtha leo ó Pháras ag na snámhaithe Éireannacha Daniel Wiffen agus Mona McSharry cheana féin agus bonn cré-umha ar a laghad buaite ag Kellie Harrington sa dornálaíocht.

Níor éirigh le beirt Fhear Manach, Ross Corrigan agus Nathan Timoney, bonn a thabhairt leo i mbabhta ceannais sa chomórtas bád beirte trom-mheáchain níos luaithe ar maidin.

Chríochnaigh na hÉireannaigh sa séú háit agus an bonn óir tugtha leo ag an mbeirt deartháireacha ón gCróit, Martin agus Vincent Sinković, i gcoimhlint ghéar. An Bhreatain a tháinig sa dara háit agus bád na hEilvéise a tháinig sa tríú háit.

Sa chúigiú háit a chríochnaigh Mags Cremen agus Aoife Casey sa rás ceannais i gcomórtas bád beirte éadrom na mban. Bhí an bheirt san iomaíocht do bhonn leath bealaigh tríd an rás ach ní raibh siad in ann fanacht leis na Briotanaigh, a tháinig sa chéad áit, ná leis na Rómánaigh ná na Gréagaigh, a tháinig sa dara agus sa tríú háit.

Fág freagra ar 'Bonn óir eile buaite Paul O’Donovan agus Fintan McCarthy sa rámhaíocht'