Tá an ceathrú bonn buaite ag Éirinn ag Cluichí Oilimpeacha 2024 agus bonn cré-umha tugtha leo ag Philip Doyle agus Daire Lynch i gcomórtas bád beirte na bhfear sa rámhaíocht.
D’éirigh le beirt na hÉireann teacht aniar a dhéanamh sa chuid dheireanach den rás chun dul thar bhád Mheiriceá agus an tríú háit a bhaint amach. Andrei Cornea agus Marian Enache ón Rómáin a tháinig sa chéad áit agus beirt na hÍsiltíre, Melvin Twellaar agus Stef Broenink a thug leo an bonn airgid.
Bhuaigh Philip Doyle, arb as contae an Dúin dó, agus Lynch, arb as Tiobraid Árainn dó, bonn cré-umha freisin ag craobhacha an domhain anuraidh.
Tá bonn óir agus bonn cré-umha tugtha leo ó Pháras ag na snámhaithe Éireannacha Daniel Wiffen agus Mona McSharry cheana féin agus d’fhág bua Kellie Harrington sa bhabhta ceathrú ceannais sa dornálaíocht aréir go mbeidh bonn cré-umha ar a laghad aici.
Níos déanaí an tráthnóna seo, beidh Robert Dickson agus Seán Waddilove san iomaíocht i rás na mbonn sa tseoltóireacht. Bhí cuma láidir ar an mbeirt sna babhtaí cáilithe agus dóchas ann go bhféadfadh siad bonn eile a bhuachan d’Éire.
Beidh an dornálaí trom-mheáchain Jack Marley cinnte do bhonn cré-umha freisin má éiríonn leis Daviat Boltaev ón Táidsíceastáin a shárú sna babhtaí ceathrú ceannais sa chomórtas 92kg anocht théis 9.00in.
Tá seans maith ann go gcuirfidh rámhaithe na hÉireann le bonn Doyle agus Lynch amárach agus trí bhád eile san iomaíocht sna babhtaí ceannais.
Beidh Paul O’Donovan agus Fintan McCarthy ag iarraidh bonn óir a bhuachan i gcomórtas bád beirte éadrom na bhfear, chun cur leis an gceann a bhuaigh siad i dTóiceo trí bliana ó shin.
Beidh Ross Corrigan agus Nathan Timoney san iomaíocht i mbabhta ceannais sa chomórtas bád beirte trom-mheáchain Dé hAoine agus beidh Mags Cremen agus Aoife Casey sa tóir ar bhonn nuair a ghlacfaidh siad páirt sa rás ceannais i gcomórtas bád beirte éadrom na mban.
Bhí criúnna san iomaíocht d’Éirinn sna babhtaí ceannais B ar maidin freisin. Bhuaigh Emily Hegarty, Natalie Long, Eimear Lambe, agus Imogen Magner a rás sa bhabhta ceannais B i rannóg ceathrair na mban, rud a d’fhág gur chríochnaigh siad sa seachtú háit ar iomlán. Tháinig Zoe Hyde agus Alison Bergin sa cheathrú háit sa rás ceannais B i rannóg bád beirte na mban.
Fág freagra ar 'Bonn eile ag Éirinn Philip Doyle agus Daire Lynch sa tríú háit sa bhád beirte'