Bliain chinniúnach roimh an tSlóvaic agus an Eoraip dá réir

Nuair a chailleann an pobal a muinín as a gceannairí daonlathacha, tá an baol ann, i lár na hEorpa go háirithe, go leanfaidh siad an bhréagnuacht agus an bholscaireacht Rúiseach

Bliain chinniúnach roimh an tSlóvaic agus an Eoraip dá réir

Uachtarán na Slóvaice, Zuzana Čaputová

Thug uachtarán na Slóvaice, Zuzana Čaputová, le fios an mhí seo caite go raibh sé socraithe aici gan rith don dara téarma uachtaránachta an bhliain seo chugainn.

Cúis díomá a bhí ann dá lán daoine sa tSlóvaic agus sna tíortha máguaird, go háirithe dóibh siúd a bhfuil tuairimí liobrálacha acu.

Thug Čaputová léas dóchais don tír tar éis na n-imeachtaí corraitheacha in 2018, nuair a dúnmharaíodh iriseoir óg, Jan Kuciak, tar éis dó tráchtaireacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí an mhaifia áitiúil a bhí gar go leor don rialtas ag an am.

Nuair a toghadh í in 2019, thaispeáin sí gur féidir le duine a bheith ina cheannaire láidir gan an crúibín cam agus gan ionsaithe drochbhéasacha a dhéanamh ar pholaiteoirí eile. Bhí a buanna mar pholaiteoir le feiceáil go soiléir san fhómhar seo caite, nuair a maraíodh beirt in ionsaí sceimhlitheoireachta ar chlub LADTA sa Bhratasláiv – gan aon mhoill, thug sí cuairt ar an áit agus rug sí barróg ar úinéir an chlub gan smaoineamh.

Bhí sí mar eiseamláir mhór do na daonlathaithe i bPoblacht na Seice, fiú, sna blianta a raibh an lámh in uachtar ag an bpobalachas ann. Tá cúrsaí sa tSlóvaic thar a bheith guagach anois tar éis don rialtas titim mí na Nollag seo caite, agus níl aon amhras go mbeidh sé níos deacra don tír an daonlathas a chosaint nuair a fhágfaidh an t-uachtarán eisceachtúil seo an oifig an bhliain seo chugainn.

Ina dhiaidh sin uile, ba dhána an té a chuirfeadh milleán ar Čaputová toisc nach bhfuil sí toilteanach leanúint ar aghaidh ar feadh cúig bliana eile.

Ídítear fuath ar pholaiteoirí i gcónaí agus is minic a bhíonn an fuath níos binbí nuair atá an polaiteoir ina bean. Rinneadh bagairtí foréigin agus báis ar Čaputová i bhfad rómhinic. Agus tá polaiteoirí tábhachtacha ag gríosú an fhuatha, go háirithe ceannaire mór de chuid an fhreasúra, Robert Fico, a chaith deich mbliana mar phríomh-aire sular athraigh dúnmharú an iriseora cúrsaí sa tír ó bhonn.

Baineann Fico leas as dioscúrsa na bréagnuachta go comhfhiosach, ag cur i leith Čaputová gur gníomhaire rúnda de chuid na Stát Aontaithe nó de chuid George Soros í. Ag léirsiú amháin anuraidh, bhí feisire de chuid Smer – páirtí Fico – ag gríosú an tslua chun “striapach Mheiriceánach” a scairt amach, agus ní raibh Fico ach ag miongháire.

Tá bliain chorraitheach roimh an tSlóvaic, mar sin, le holltoghchán luath ag teacht i mí Mheán Fómhair agus toghchán uachtaránachta san earrach 2024. De réir na bpobalbhreitheanna, is é Smer an páirtí is láidre, le timpeall 19% den tacaíocht, agus tá sé ag fás i gcónaí. Ceann de na cúiseanna ná tuatáil na rialtas a tháinig ar an bhfód ó 2020, a léirigh seasamh láidir i leith an chogaidh san Úcráin, ach a raibh ag teip orthu go rialta teacht ar aon réiteach sásúil laistigh den chomhrialtas maidir le cúrsaí eile.

Nuair a chailleann an pobal a muinín as a gceannairí daonlathacha, tá an baol ann, i lár na hEorpa go háirithe, go leanfaidh siad an bhréagnuacht agus an bholscaireacht Rúiseach. Is sampla maith í an tSlóvaic: de réir an tsuirbhé Globsec a foilsíodh mí ó shin, creideann 51% de phobal na Slóvaice go bhfuil an milleán ar an Iarthar nó ar an Úcráin féin maidir leis an gcogadh uafásach atá ar siúl ar an taobh eile den teorainn.

An chontúirt is mó ná go mbeidh Fico in ann comhrialtas a chruthú le ceann nó dhó de na páirtithe faisisteacha atá san iomaíocht freisin, agus go rachaidh an tSlóvaic i dtreo na hUngáire tar éis an toghcháin – ag cur srianta ar an daonlathas agus ag tacú leis an Rúis. (Is paradacsa mór staire é go bhfuil náisiúnaithe Slóvacacha báúil leis an Ungáir, an namhaid sinseartha, ach sin an t-am ina mairimid.)

Ach is féidir an chontúirt sin a sheachaint go fóill. Seachas Smer, tá páirtí eile ag fás sna pobalbhreitheanna  – Progresívne Slovensko (An tSlóvaic Fhorásach) a bhunaigh Zuzana Čaputová féin, i measc daoine eile, in 2018. Ós rud é go bhfuil timpeall 15% tacaíochta ag an bpáirtí liobrálach seo faoi láthair, tá seans ann go mbeidh tionchar acu ar dhéanamh an chéad rialtais eile.

Tá rud amháin soiléir: beidh impleachtaí móra ag torthaí an olltoghcháin ní hamháin don tSlóvaic féin, ach don réigiún trí chéile.

Fág freagra ar 'Bliain chinniúnach roimh an tSlóvaic agus an Eoraip dá réir'

  • Breathnóir1

    Alt spéisiúil, grma. Ní shílim go dtugtar a dhóthain airde ar chúrsaí i lár na hEorpa sna meáin in Éirinn de ghnáth, i nGaeilge nó i mBéarla, ar réigiún tábhachtach é san Aontas Eorpach, mar sin de is deas alt mar seo a fheiceáil.