Blaiseadh den chaighdeán is airde faighte ag Gaoth Dobhair, ról nua ag Mannion agus clabaireacht Tyrell

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar na cluichí móra a imríodh sa pheil agus san iomáint ag an deireadh seachtaine

Blaiseadh den chaighdeán is airde faighte ag Gaoth Dobhair, ról nua ag Mannion agus clabaireacht Tyrell

Blaiseadh den chaighdeán is airde faighte ag Gaoth Dobhair

Tar éis dóibh cluiche leathcheannais na hÉireann a chailliúint Dé Sathairn, thuigfeá d’imreoirí agus do phobal Ghaoth Dobhair má tá siad in ísle brí an tseachtain seo. Chuaigh siad ar aistear iontach ach chríochnaigh sé céim amháin ó Pháirc an Chrócaigh agus tógfaidh sé tamall orthu teacht chucu féin.

Bhí taithí Chora Finne ar na buanna is mó a léirigh siad Dé Sathairn. Rinne Gaoth Dobhair go maith teacht ar ais tar éis dóibh an dara cúl a scaoileadh isteach roimh leath ama agus ní raibh ach dhá phointe idir na foirne agus deich nóiméad nó mar sin fágtha. Ach níor tháinig aon scaoll ar Chora Finne. Tá na Gaillimhigh ag imirt ag an leibhéal seo le fada agus ba é cluiche an tSathairn an ceathrú huair acu le cúig bliana anuas i gcluiche leathcheannais na hÉireann. Thuig siad go maith céard a bhí ag teastáil chun smacht a fháil ar chúrsaí arís.

Mar sin féin, nuair a bheas muintir Ghaoth Dobhair ag breathnú siar ar an gcluiche, tuigfidh siad nach raibh siad chomh fada sin as marc Dé Sathairn. Beidh díomá orthu mar gheall ar na cúil a ghéill siad agus mar gur chaill siad seilbh na liathróide rómhinic, ach beidh an-chuid foghlamtha acu chomh maith.

Tá sé sách deacair Craobh Dhún na nGall a bhuachan gan trácht ar chraobh an chúige ach tá an mianach i nGaoth Dobhair an leibhéal seo a bhaint amach arís sula i bhfad. Beidh siad níos ullmhaithe chuige an uair sin.

 

Cathal Mannion. Pictiúr: INPHO/Oisin Keniry

Saoirse na páirce tugtha do Chathal Mannion

Tugann an tsraith deis do bhainisteoirí rudaí a thriail roimh thús na craoibhe – imreoirí nua nó stíl imeartha nua, mar shampla.

Ar na hathruithe suimiúla atá feicthe againn sa tsraith tá cinneadh bhainisteoir na Gaillimhe Micheál Donoghue Cathal Mannion a chur ag imirt lár páirce.

Go dtí seo, is sa chúinne nó ar an gcliathán a bhíodh Mannion d’fhoireann na Gaillimhe den chuid is mó agus, uaireanta, ba dheacair dó dul i bhfeidhm ar an imirt. Tugann an ról nua seo níos mó saoirse dó áfach, rud a fheileann dó.

Ceann de na cúiseanna go bhfuil Mannion ag imirt i lár páirce ná go bhfuil David Burke, captaen na foirne, gafa lena chumann, Naomh Tomás, a bhfuil áit bainte amach acu i gcluiche ceannais na hÉireann, ach seans go mbeidh comhghleacaí nua lár páirce ag an mBúrcach nuair a fhillfidh sé ar fhoireann an chontae.

Is iománaí den scoth é Mannion agus beidh sé breá ábalta deiseanna a chruthú dá chuid comhghleacaithe nó scóranna aimsiú é féin, mar atá feicthe againn cheana féin sa tsraith. Tá naoi bpointe aimsithe ag Mannion ón imirt sna trí chluiche atá imeartha ag Gaillimh i Roinn 1B go dtí seo, ceithre cinn in aghaidh Laoise, ceann in aghaidh Cheatharlach agus ceithre cinn eile in aghaidh Átha Cliath an deireadh seachtaine seo.

 

Kyle Hayes. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

B’fhearr do Jackie fanacht ina thost

Dúirt iarimreoir Chill Chainnigh Jackie Tyrell an lá eile nach raibh Luimneach ar cheann de na trí fhoireann iomána is fearr sa tír. Tráthnóna inné, bhí bua naoi bpointe ag seaimpíní na hÉireann ar na Cait i bPáirc Uí Nualláin, an tríú cluiche as a chéile atá buaite ag foireann John Kiely tar éis dóibh Loch Garman agus Tiobraid Árann a shárú roimhe seo.

Agus bliain fhada anuraidh acu thuigfeá do Luimneach dá ligfead siad a scíth luath sa bhliain i mbliana ach ní dhearna siad amhlaidh ar chor ar bith.

Níos tábhachtaí fós, is imreoirí a bhí ina n-ionadaithe anuraidh is fearr atá ag imirt faoi láthair acu. Ba é Tom Condon laoch na himeartha i gcoinne Chill Chainnigh inné, fuair Shane Dowling 1-2 ina chéad chluiche i mbliana agus rinne Barry Murphy agus Conor Boylan go maith go dtí seo freisin.

Is iad Luimneach an t-aon fhoireann a a bhfuil gach cluiche buaite acu i Roinn 1A. Is seaimpíní na hÉireann 2018 iad agus tá scuad acu atá ag dul ó neart go neart. Níl aon amhras ach gurb iad an fhoireann is fearr sa tír faoi láthair, is cuma céard a deir Jackie Tyrell.

 

Niall Houlihan. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Tuilleadh crá croí d’Uíbh Fhailí

Chuir iománaithe Uíbh Fhailí tús uafásach leis an tsraith nuair a thug Port Láirge greadadh dóibh sa chéad bhabhta. Bua seacht bpointe agus fiche a bhí ag fir na nDéise orthu, 2-28 in aghaidh 0-7, agus níl rudaí imithe i bhfeabhas d’fhoireann Kevin Martin ó shin.

Trí phointe dhéag a bhí le spáráil ag Áth Cliath orthu i bPáirc Uí Chonchúir coicís ó shin agus chaill siad i gcoinne Laoise inné, 3-17 in aghaidh 2-16. Tá sé ionann is cinnte go mbeidh ar Uíbh Fhailí cluiche dícháilithe a bhuachan ag deireadh na sraithe más leo fanacht i Roinn 1 an bhliain seo chugainn.

Chríochnaigh siad ag bun an tábla i gCraobh Laighean anuraidh agus beidh orthu Corn Sheosaimh Mhic Dhonncha a bhuachan chun áit a bhaint amach sa phríomhghrád arís. I bhfianaise na dtaispeántas atá tugtha acu go dtí seo i mbliana, tá bóthar fada le dul acu.

Fág freagra ar 'Blaiseadh den chaighdeán is airde faighte ag Gaoth Dobhair, ról nua ag Mannion agus clabaireacht Tyrell'

  • Aine Ni Fhiannusa

    Is minic a bhris béal duine a shrón!!!!!