Biseach ar Ghaeilgeoir aitheanta as Béal Feirste a bhí buailte ag Covid-19 agus é bainte d’aerálaí 

Léiríodh tacaíocht mhór do Niall Murphy, Gaeilgeoir, dlíodóir agus feachtasóir aitheanta as Béal Feirste a bhí ag brath ar aerálaí agus é go dona tinn in ospidéal leis an gcoróinvíreas le coicís anuas

Biseach ar Ghaeilgeoir aitheanta as Béal Feirste a bhí buailte ag Covid-19 agus é bainte d’aerálaí 

Tá biseach ag teacht ar Niall Murphy, Gaeilgeoir, dlíodóir agus feachtasóir aitheanta as Béal Feirste a bhí ag brath ar aerálaí le coicís anuas agus é go dona tinn san ospidéal leis an choróinvíreas.

Tá Niall Murphy, atá 43 bliain d’aois agus a bhfuil triúr clainne aige, bainte den aerálaí agus an-dóchas ann go bhfuil an chuid is measa den ghalar sáraithe aige.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, cara le Niall agus urlabhraí de chuid an Dream Dearg, gur “faoiseamh mór” do phobal na Gaeilge i mBéal Feirste an “dul chun cinn” atá déanta ag an dlíodóir mór le rá.

“Tá sé tagtha fríd an chuid ba mheasa den ghalar seo agus tá biseach mór tagtha air.

“Is léir ón saol a chaith sé go dtí seo gur trodaí é Niall. Is trodaí diongbháilte é a throid ar son cearta daoine eile agus ar son pobail eile, pobail a bhí leochaileach. Anois, tá sé ag troid ar a shon féin agus tá an toradh sin le feiceáil. Ta bóthar fada roimhe ach tá sé ag dul sa treo ceart,” a dúirt Mac Giolla Bhéin.

Tuairiscíodh gur i Nua-Eabhrac a tholg Niall Murphy an coróinvíreas tar éis dó a bheith ar cuairt ansin i lár na míosa seo caite.

Léiríodh tacaíocht mhór don Fheirsteach ó chuir an comhlacht dlí, KWR Law, ina bhfuil sé ina pháirtnéir, an scéal amach go raibh sé go dona tinn san ospidéal.

Tá clú agus cáil ar Niall Murphy as lear mór cásanna dlí éagsúla, ina measc cinn inar chosain sé cearta íobartaigh na dTrioblóidí.

Sheas sé an fód go minic do chearta teanga chomh maith agus tá sé ina chrann taca ag an bhfeachtas ar son achta Gaeilge.

Nuair a foilsíodh an cháipéis New Decade, New Approach’ roimh athbhunú Stormont i mí Eanáir rinne Niall Murphy anailís ar na moltaí i leith na teanga a bhí inti don Dream Dearg agus do Chonradh na Gaeilge, obair a rinne sé go deonach.

Bhí páirt aige san iarracht Gaelscoil Éanna a bhunú i nGleann Gormfhlaith, atá taobh thuaidh de Bhéal Feirste. Ball gníomhach é chomh maith de CLG Naomh Éanna agus tá sé ina chathaoirleach ar Chlub Aontroma.

Bhí baint mhór ag Niall Murphy le cás mhuintir Loch an Oileáin i gcontae an Dúin, cás a bhain leis an sléacht inar mharaigh an UVF seisear agus inar ghortaigh siad cúigear i dteach tábhairne.

Chosain Murphy cearta iriseoirí freisin nuair a cuireadh an dlí ar Trevor Birney agus Barry McCaffrey i ngeall ar eolas  sceite a d’úsáid siad sa scannán No Stone Unturned, scrúdú ar an bhfiosrú  easnamhach a rinneadh ar shléacht Loch an Oileáin.

Fág freagra ar 'Biseach ar Ghaeilgeoir aitheanta as Béal Feirste a bhí buailte ag Covid-19 agus é bainte d’aerálaí '

  • Séadna

    Buíochas le Dia.