Tá Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann [PSNI] i mbun fiosrúcháin faoi bhileoga frith-Ghaeilge a cuireadh ar fheithiclí taobh amuigh de rang Gaeilge i mBéal Feirste an tseachtain seo. Is mar “eachtra fuatha” atá scaipeadh na mbileog á fhiosrú, dar leis an PSNI.
Fágadh na bileoga A4 a raibh teachtaireacht chlóbhuailte fhrith-Ghaeilge orthu ar charranna na ndaltaí a bhí ag freastal ar an meánrang Gaeilge a bhíonn á reáchtáil saor in aisce i dteach tábhairne The Points mar a thugtar air, ar Bhóthar Bhaile Átha Cliath.
Dúradh ar na bileoga gur chóir go mbeadh “an ghráin ar an nGaeilge” ag 87% de mhuintir na hÉireann “agus gurb é an Béarla “máthairtheanga” mhuintir na hÉireann.
Maíodh gur tábhachtaí i bhfad d’oidhreacht na hÉireann “Caitliceachas na hÉireann” ná an Ghaeilge agus gur chóir don rialtas an Laidin a mhúineadh i scoileanna na tíre in áit na Gaeilge.
“Except for people from Galway and the west anyone from midland and eastern counties will find it very difficult to find any Irish language in their family background,” a dúradh ar an mbileog.
Tuairiscíodh gur fágadh na bileoga ar thuairim is cúig charr déag taobh amuigh den teach tábhairne a raibh an rang Gaeilge ar siúl ann. Bíonn dhá rang Gaeilge sa tseachtain ar siúl in ósta The Points – rang meánleibhéil ar an Luan agus rang bunleibhéil ar an Déardaoin.
Cháin an Comhairleoir Cathrach de chuid Alliance Emmet McDonough-Brown, fear a bhfuil Gaeilge aige féin, na bileoga agus dúirt gur údar díomá dó go ndéanfaí iarracht foghlaimeoirí teanga a scanrú.
“Is údar mór díomá é go ndéanfadh duine éigin iarracht foghlaimeoirí teanga atá ag cur lena gcuid eolais a scanrú. Is lenár bpobal an Ghaeilge, pobal a úsáideann í agus a bhfuil meas aige uirthi agus ba chóir go mbeadh daoine in ann í a fhoghlaim gan an amaidí ceart críochnaithe seo,” a dúirt sé.
Tá an PSNI ag iarraidh ar dhuine ar bith a bhfuil eolas acu faoin eachtra a dhul i dteagmháil leo agus dúirt gur “eachtra fuatha” a bhí ann.
Lillis Ó Laoire
Op scraitheachaí! Gaillimh abú!
Dáithí Mac Cárthaigh
Cuimhítear ar na pobail fairsinge Gaeltachta in Oirthear tíre roimh an nGorta Mór:
Co. Chill Chainnigh ar fad, ceantar Oirealla a shín ón Uaimh go hArd Mhacha agus na Saoirsí i gCathair Átha Cliath agus pócaí eile nach iad sa Dún, Tír Eoghain, Doire Theas, Glinntí Aontroma agus mar sin de. Is féidir liom plé leis an bhfuath ach an t-aineolas, sin scéal eile.
Pádraig Mac Brádaigh
Táim ag obair mar Oifigeach Gaeilge Aontas Mac Léinn Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus fuair mé féin an litir cheannann chéanna sa phost cúpla seachtain ó shin. Ní raibh a fhios agam cá as ar tháinig sí toisc nach raibh seoladh fillte ar an gclúdach. Ní raibh a fhios agam ar as na Sé Chontae a tháinig sí ach is dócha gurbh ea dá réir seo. Craiceáilte ar fad an méid fuatha inár gcoinne as gan ach ár saol a chaitheamh trí Ghaeilge. Sin ráite, taispeánann sé seo go bhfuil tionchar ag ár gcuid iarrachtaí ar an tsochaí agus ba chóir dúinn a bheith bródúil as sin.
Pádraig Mac Brádaigh
Ceartúchán ar an méid thuas: tá cuntas X luaite ag bun na litreach agus deir sé go bhfuil siad lonnaithe i mBaile Átha Cliath, ní sna Sé Chontae. Más é an duine céanna é, is dócha go ndeachaigh siad suas go Béal Feirste chun é seo a dhéanamh
Siún
Seans go bhfuil baint ag “Roinn Bhás Dosheachanta na Gaeilge” leis na póstaeir seo.
Caoimhín
Seans ar bith, dar liom, a Shiúin. Ní feachtas frith-Ghaeilge a bhí sna póstaeir sin ón “Roinn”. A mhalairt ar fad! Duine cliste atá ar son na Gaeilge agus a bhfuil féith an ghrinn ann a chuir na póstaeir sin le chéile, dar liom, murab ionann is an té a scríobh na bileoga thuas. Sin an léamh a bheadh agamsa ar an scéal cibé.