Tá stoirm Callum ag déanamh a bealaigh go hÉirinn agus rabhadh stoirme tugtha ag Met Éireann a bheidh i bhfeidhm óna deich a chlog anocht go dtí meán lae maidin amárach, Dé hAoine. Cuirtear fainic orainn go mbeidh gaoth láidir ann agus go bhféadfadh sí a bheith ina stoirm chontúirteach a chuirfeadh beatha an duine agus maoin i gcontúirt.
Iarrtar ar dhaoine fanacht amach ó chladaí oscailte go dtí go gcuirfear an rabhadh ‘Oráiste’ seo ar ceal.
Moltar do thiománaithe a bheith ar an airdeall mar d’fhéadfadh trasghaotha agus contúirtí eile a bheith ar a slí, crainnte a bheadh á leagan nó leagtha ag an ngaoth. Deirtear gur mó an chontúirt d’fheithiclí arda agus gluaisrothair agus gur chóir tiomáint go mall réidh agus tuilleadh spáis a fhágáil ag coisithe agus rothaithe. Comhairlítear do dhaoine a bheith ar an eolas faoi dhálaí áitiúla toisc gur minic difríocht mhór idir luas na gaoithe ó áit go háit agus é ag brath ar threo na gaoithe agus ar an tírdhreach.
Tá Rabhadh ‘oráiste’ gaoithe i bhfeidhm sna contaetha seo: Baile Átha Cliath, Lú, Loch Garman, Cill Mhantáin, an Mhí, Corcaigh, Port Láirge, Dún na nGall, Gaillimh, Maigh Eo, Sligeach, an Clár agus Ciarraí.
Gaoth láidir anoir aneas, agus í ag athrú aniar aneas, atáthar a thuar le stoirm Callum ach ar an drochuair, beidh sí ann ag an am céanna leis an rabharta mór.
I rith na hoíche anocht agus maidin amárach, is é is láidre a bheidh an ghaoth agus beidh gustaí idir 110 agus130 ciliméadar san uair le cósta.
Rabhadh ‘Buí’ gaoithe atá i bhfeidhm sna contaetha eile seo ar lú an chontúirt iontu: Ceatharlach, Cill Dara, Cill Chainnigh, Laois, Longfort, Uíbh Fhailí, an Iarmhí, Cabhán, Muineachán, Liatroim, Ros Comáin, Luimneach, agus Tiobraid Árann.
Ruairí Ó Bleine
Buíochas mór do Dhia nach mbeidh Stoirm Callum ag cur isteach orainne anseo i gContae an Dúin. Ach tá muid anseo iontach buartha faoi na contaetha eile sin atá measartha cóngarach dúinn dála An Cabhán agus Muineachán. Beidh muid ag guí ar a son.