Seans maith go mbeidh an sprioc chéanna ar intinn Andy Farrell anocht agus a chúram ag dul chun páirce i gcoinne Tonga: bua le ceithre úd a chinntiú agus chuile imreoir a thabhairt leis slán ón gcoimhlint.
Seo é an chéad chluiche sa gCorn an Domhain seo ag Tonga, rud a cruthaíonn deacrachtaí eolais do Farrell maidir le stádas agus cur chuige an fhreasúra áirithe seo.
Mar sin féin ní dóigh go bhfeicfidh muid a chéad rogha imreoirí ag dul chun páirce le chéile anocht. Is cinnte go ndéanfaidh sé chuile iarracht an rogha sin a cheilt go dtí an nóiméad deiridh roimh imirt i gcoinne na hAfraice Theas faoi cheann seachtaine.
Caithfidh imreoirí na hÉireann a bheith thar a bheith airdeallach maidir leis an imirt thar a bheith fisiciúil a bhíonn ag na himreoirí ó Oileáin na Mara Theas i gcónaí.
Cuireann siad go leor béim ar fhearúlacht, ar fhisiciúlacht agus ar an imirt gharbh rud a cruthaíonn deacrachtaí, ní hamháin dóibh féin maidir le ciceanna pionóis géillte agus cártaí buí nó dearga, ach don fhreasúra a bhíonn thíos leis sin go minic.
Mar sin féin, ní bheidh aon easpa scile ná cumais rugbaí ar an bhfoireann seo as Tonga. Tá cúigear iar-All Black ag imirt leo faoi láthair, Charles Piutau, Augustine Pulu, Vaea Fifita, George Moala agus Malakai Fekitoa, fear a bhuaigh Craobh an Domhain leis na Nua-Shéalainn in 2015. Údar breise le bheith ar ár n-aire.
Ag an am céanna ní hí foireann Thonga an phríomhchúis imní dúinn i nGrúpa B. Tá an Afraic Theas romhainn faoi cheann seachtaine agus Albain faoi cheann trí seachtaine. Idir an dá linn, tháinig deacrachtaí chun solais sa síneadh amach i gcoinne na Rómáine sa gcéad chluiche, rud a cheil neart ardáin ionsaithe orainn. Seans gur chaith Paul O’Connell an tseachtain seo caite á gceartú sin. Seachas sin, bhí imreoirí na hÉireann ar a gcompord i chuile ghné eile den imirt in ainneoin iad a bheith ag imirt sa teocht dhamanta 36 céim Celsius thar ochtó nóiméad. Is mór is fiú gur ag a naoi a chlog anocht, nuair a bheas an teas i Naoned (mar a thugann na Briotánaigh ar Nantes) maolaithe de bheagán, a bheas siad ag imirt.
Níl aon easpa méid ná toirt i measc na gcúlaithe atá Farrell a chur chun páirce anocht, le leithéidí Porter, Furlong, Byrne, Ryan, agus O’Mahoney i measc na dtosaithe, chomh maith le Aki agus Lowe i measc na gcúlaithe. Is cinnte go mbeidh siadsan in ann an fód a sheasamh agus ag an am céanna is cinnte go gcuirfidh an paca ochtar Éireannach neart deiseanna ionsaithe ar fáil do na cúlaithe gasta atá Farrell a chur chun páirce anocht.
Sea, bua maith eile anocht agus leanfaidh an chamchuairt ar aghaidh ansin go Páras.
jpmorley0@gmail.com
Grma as Naoned a thabhairt ar Nantes agus aitheantas a thabhairt dár gcomhCheiltigh thall. Ba cheart an urraim chéanna a thabhairt do Cymru, Caerdydd na Breataine Bige srl. Ná bíodh aon imní ort, tabharfaidh na stonnairí atá againne a gcomaoin d’fhearúlacht srl do Tonga!
jpmorley0@gmail.com
Bainfear stangadh as Tonga…mise fé dhuit!