Bhogfadh Bundee Aki do chroí agus tá na barróga tuillte aige

Shaothraigh Bundee Aki cuid mhaith níos fearr ná aon imreoir eile i gCraobh na Sé Náisiún i mbliana

Bhogfadh Bundee Aki do chroí agus tá na barróga tuillte aige

Sona, sásta a bhí Bundee Aki nuair a bhain sé Gaillimh amach tráthnóna Lá‘l Pádraig. Bhain an sonas le bheith ar ais i gceartlár a theaghlaigh arís tar éis dó cuid mhaith den bhliain go dtí sin a bheith caite aige i gcampaí traenála de chuid na hÉireann agus iad ag réiteach do Chraobh Rugbaí na 6 Náisiún.

Bogann mo chroí nuair a fheicim an bealach a lasann súile Bundee a luaithe agus a bhaineann a thriúr clainne amach é agus deireadh tagtha leis an iomaíocht sna cluichí sin nó i gcinn atá imeartha do Chonnachta aige ar an mBóthar Beag.

Tagann aoibh air nach bhfeictear ach amháin nuair a bhreathnaíonn athair nó máthair ar a gcuid muirníní.

Bhain an tsástacht leis an gcaoi inar imir sé i gCraobh na 6 Náisiún sin a bhí díreach críochnaithe.

Cé go raibh beagnach 50 cluiche imeartha aige d’Éirinn faoin am ar thosaigh Craobh Rugbaí an Domhain sa bhFrainc ag deireadh an fhómhair seo caite, ba ansiúd a léirigh Aki go bhfuil sé anois ar dhuine de phríomhimreoirí na tíre seo. Cé gur buadh ar Éirinn i mbabhta ceathrú ceannais, bhí sé ar an liosta den cheathrar imreoirí ab fhearr a d’imir sa gcomórtas.

Ba ar éigean a bhí a chuid balcaisí bainte as an mála aige Dé Domhnaigh seo caite nuair a fógraíodh ar shuíomh idirlín Chomórtas na Sé Náisiún é a bheith ar an ngearrliosta don chomórtas sin freisin. An pobal a roghnóidh sin agus beidh deis vótála go dtí 23.00 anocht. Seo é do sheans.

Ba bhreá liom dá mbuafadh sé, ach tá pobal rugbaí Shasana i bhfad níos líonmhaire ná ceann na tíre seo agus dá bharr déarfá gur é Uimhir 8 s’acu siúd, Ben Earl a thiocfaidh ar barr liosta. Ní bheinn ina dhiaidh air siúd ach an oiread. Bhí sé thar barr nuair a tháinig a fhoireann aniar aduaidh ar Éirinn, ní raibh imreoir sa gcomórtas a d’iompair an liathróid níos minice ná é (73) agus ba é ba mhó a rinne dul chun cinn agus an liathróid ina sheilbh (419m).

Sin ráite, measaim gur shaothraigh Bundee cuid mhaith níos fearr ná é.

San imirt ba thúisce a rinne Éirinn i gCraobh 6 Náisiún na bliana seo, bhí forlámhas acu sa gcéad cheathrú uaire sa Stade de France, agus gan acu dá bharr ach trí chúilín as cic éirice. As síneadh amach a tháinig an ghluaiseacht a chuir ar an mbóthar iad – faoi dhó a bhí Bundee páirteach, é ionann is tugtha chun talún ag lánchúlaí na Fraince Thomas Ramos nuair a d’éirigh leis ar bhealach éicint an liathróid a chaitheamh chuig Jamison Gibson Park agus bhí Éire faoi bhealach i mbua 38-17.

Tugadh sos do Bundee sa mbua ar an Iodáil, ach ag deireadh na míosa seo caite thug sé an taispeántas ab fhearr a chonacthas uaidh nuair a rinne sé cion beirte in aghaidh na Breataine Bige.

Uimhir 12 nó 13 a bhíonn ar dhroim Aki, ach is minic ráite faoi go mbeadh sé chomh héifeachtach céanna ar thaobh éicint den ró cúil.

Argóint í nach gcuirfeadh Gibson Park ina haghaidh – agus ruc na hÉireann ag déanamh ar an líne, bí cinnte gurb é Aki an chéad duine a gcuirfidh sé fios air agus é ag iarraidh spreacadh breise  a chur leis an iarracht.

Ba in aghaidh Shasana agus na hAlban ba mheasa a d’imir Éire, ach rinne Bundee Aki an oiread sna cluichí sin agus a d’fhág go bhfuil mise ar chuma ar bith den tuairim nár facthas a shárú ó thús an chomórtais.

Bhí bua na craoibhe chomh tuillte céanna ag a chomhghleacaithe ar fhoireann na hÉireann. Ba iad ba mhó a scóráil úid (19), a chuir pointí ar chlár an scóir (144) agus a d’iompair an liathróid (2217m).

Is é an trua nár bhuaigh siad ar an tsean-namhaid. Le fírinne ní raibh sin tuillte acu. Ba é Marcus Smyth a bhuail buille maraithe na muice, ach bheadh sin buailte le fada roimhe sin dá mbeadh George Ford in ann an liathróid a chur thar na postaí.

Níl aon rud ráite fós ag Peter O’Mahony faoina bhfuil i ndán dó. Fiú má éiríonn sé as, tá imreoirí óga den scoth ag teacht an bealach. Mura bhfeicfear an Mathúnach an séasúr seo chugainn é, ní hin anois is baolaí d’fhoireann Andy Farrell agus dá mba é féin is fear géarchúiseach é a thuigeann gur beag is féidir leis-sean a dhéanamh ina thaobh.

Nuair a fhillfidh Bundee Aki agus a chomrádaithe ar Bhleá Cliath an fómhar seo chugainn beidh na fístéipeanna faoi réir ag Andy a thaispeánfaidh gur theip ar 103 taicleáil ar thugadar fúthu, gur ghéilleadar 49 cic éirice – 6 cinn in imeacht ceathrú uaire in aghaidh na Breataine Bige agus gur taispeánadh cártaí buí do chúigear acu.

Idir an dá linn is ar an mBóthar Beag a bheas Daid ag fáil na mbarróg agus na bpóigíní.

Fág freagra ar 'Bhogfadh Bundee Aki do chroí agus tá na barróga tuillte aige'