Bhí scata Teachtaí Dála i bhFine Gael chomh hamhrasach faoi chumas John Bruton mar cheannaire ar an bpáirtí go ndearna siad iarracht é chur as oifig i mí Feabhra 1994. Tháinig sé slán ón bhfeachtas ina choinne agus toghadh mar Thaoiseach é deich mí ina dhiaidh sin.
Léirigh an dá eachtra an tslí ina n-athraíonn an léargas polaitiúil uaireanta ar dhóigh nach mbíonn aon súil leis roimh ré. In ainneoin an amhrais a bhí ar mhórán agus é ag dul i gceannas ar rialtas, bhí sé ina cheannaire éifeachtach ar an gcéad rialtas riamh a bunaíodh i lár tréimhse Dála seachas tar éis olltoghcháin.
Ní raibh John Bruton ach 22 bliain d’aois nuair a toghadh ina Theachta Dála é i ndáilcheantar na Mí in olltoghchán 1969. Ceapadh é ina aire airgeadais nuair a chuaigh Fine Gael i mbun comhrialtais leis an Lucht Oibre tar éis olltoghchán 1981.
Nuair a dhiúltaigh sé cáin ar bhróga do pháistí, a d’fhógair sé ina bhuiséad i 1982, a tharraingt siar, vótáil an Teachta Dála sóisialach Jim Kemmy in aghaidh an bhuiséid.
Bhí Bruton den tuairim go raibh an baol ann mura ngearrfaí an cháin ar bhróga do pháistí go mbeadh an baol ann go gceannódh mná iad. B’éigean olltoghchán a ghairm agus chuaigh an rialtas as oifig.
Cuimhníodh ar feadh i bhfad ar bhuiséad 1982 mar chinneadh místuama nach raibh aon ghá leis agus a scrios rialtas, cé go raibh an Taoiseach Garret Fitzgerald chomh freagrach as agus a bhí John Bruton.
Nuair a bhunaigh Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre comhrialtas tar éis an dara holltoghchán i 1982, chaith John Bruton tréimhsí ina aire tionscail agus fuinnimh agus tréimhse eile ina aire airgeadais.
Toghadh mar cheannaire ar Fhine Gael é i 1990 ach chaill an páirtí deich suíochán in olltoghchán 1992, agus chuaigh an clamhsán sa pháirtí faoina chumas i dtreise de réir a chéile.
Bhí iontas ar mhórán mar sin go raibh sé ina cheannaire éifeachtach ar chomhrialtas idir a pháirtí féin, an Lucht Oibre agus Daonlathas Clé idir 1995 agus 1997.
Thug a rialtas tosaíocht don chaidreamh le rialtas na Breataine a bhí riachtanach leis an bpróiseas síochána a chur chun cinn.
Bhí an chuma ar chúrsaí go raibh an próiseas ag dul ar gcúl i 1996 nuair a chuir ceannairí an IRA deireadh lena sos comhraic (a d’fhógair siad i1994) le buamáil i Londain a mharaigh beirt fhear.
In ainneoin ionsaithe eile an IRA sa Bhreatain agus i dTuaisceart Éireann, cuireadh dlús leis an gcaidreamh príobháideach agus poiblí idir an dá rialtas. Sula ndeachaigh rialtas Bruton as oifig tar éis olltoghchán 1997, rinneadh cuid mhór den obair ullmhúcháin agus idirghabhála a bhí riachtanach chun tús a chur leis na comhráite a chríochnaigh le síniú Chomhaontú Aoine an Chéasta i 1998.
Chuir dúnmharú an Gharda Jerry McCabe i gcontae Luimnigh a rinne comhaltaí an IRA i 1996, agus dúnmharú an iriseora Veronica Guerin an bhliain chéanna brú ar pholasaí slándála an rialtais.
Is le linn ré John Bruton mar Thaoiseach a vótáladh i reifreann i 1995 i bhfabhar leasú ar an mBunreacht a cheadaigh colscaradh. Cuireadh deireadh lena thréimhse mar cheannaire ar Fhine Gael in 2001 nuair a vótáil móramh sa pháirtí parlaiminte i bhfabhar Michael Noonan mar cheannaire.
Ceapadh mar ambasadóir an Aontais Eorpaigh sna Stáit Aontaithe é in 2004 agus chaith sé cúig bliana sa phost sin in Washington.
Phós sé Finola Gill i 1978 agus saolaíodh ceathrar páistí dóibh. Chónaigh sé i gcónaí, taobh amuigh dá sheal in Washington, san áit inar tógadh é, ina aice le Dún Búinne i gcontae na Mí.
Fág freagra ar 'Bhí roinnt ina pháirtí féin amhrasach faoi ach léirigh John Bruton ardchumas mar Thaoiseach'