Manna as flaithis na bolscaireachta a bhí i gcaint fhear Ryanair agus é ag seoladh feachtas toghchánaíochta Peter Burke, aire stáit sa Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta. An moladh is mó a bhí ag fear Ryanair don Aire Burke gur duine ón earnáil phríobháideach é [Aire Stáit?] a “gets shit done”.
In áit imní agus fearg a léiriú faoi Aire Stáit Fiontar agus Trádála na tíre seo a bheith ina ghíománach, b’fhéidir, ag an gcomhlacht aerthaistil idirnáisiúnta, bhí polaiteoirí is meáin ag cáineadh a chuid cainte faoi mhúinteoirí.
Céard go díreach a dúirt fear na cainte?
Dúirt sé gur aoibhinn leis múinteoirí agus go ndéanann siad sárobair sa seomra ranga ach nach dóigh leis gur gá [‘necessarily’] gurb iad ab fhearr le cur i bhfeighil na fiontraíochta ná an t-athrú atá ag teastáil sa tír seo agus an daonra ag ardú go tréan.
Ní fheicimse blas as alt leis sin cé nach raibh na cuntasóirí ná na hóstóirí ró-iontach sa Dáil ach an oiread agus is mór acusan a thug faoin Dáil agus faoi cheannaireacht!
Roghnaigh mé féin a bheith i mo mhúinteoir, oileadh sa ngairm sin mé agus chaith mé blianta fada ag iarraidh déagóirí a chur ar bhóthar a leasa agus a réiteach don saol mór.
Níl scil ná luí agam le fiontraíocht, airgeadas, polaitíocht, caidreamh poiblí ná plásántacht le vótálaithe is iriseoirí, ná ag cuid mhaith d’oidí na cruinne déarfainn.
Dá mbeadh, gairm eile a roghnóimis.
Ar ndóigh ba í an ghoimh is mó a chuir as dóibh go ndúirt sé go raibh an iomarca acu sa Dáil. Is léir gur beagmhaitheasach a bhíodar ansin agus gur beag tionchar a bhí ag a gcáilíochtaí múinteoireachta ar a gcuid oibre Rialtais.
Múinteoir í Norma Foley, an tAire Oideachais reatha, agus bhí scata eile acu ansin roimpi, agus is fánach an lorg atá fágtha aici ar an oideachas.
Bhí gasúir as Baile Átha Cliath 2,4,6,8 ag agóidíocht taobh amuigh de Theach Laighean ag iarraidh scoil dara leibhéal lánGhaeilge. An scéal céanna ag gaeilgeoirí óga i mBÁC 8,10; i Sord Cholmcille agus i gCoill na Silíní; i nDroichead na Bandan, sa Tulach Mhór agus in oirdheisceart na Mí. Cluas bhodhar ó oide na Dála.
An múinteoir-aire céanna a d’fhág gan réiteach praiseach T1 agus T2 na hArdteiste a rinne beithé d’oidí, tuismitheoirí agus scoláirí.
Mar bharr ar an aistíl seo uilig bhronn a Roinn gradam scoil Ghaeltachta ar scoileanna i lár na Gaeltachta le gairid, an amhlaidh gur scoileanna Béarla a bhí iontu go dtí sin i ngan fhios dúinn uilig?
Seo í an t-oide ar shos gairme sa Dáil a chaith naoi milliún ar thiachóga fón póca seachas clár feasachta do leanaí agus dá muintir faoi shábháilteacht ar líne.
Cuimhnigh ar na múinteoirí ar fad a ceapadh ina n-airí oideachais agus breathnaigh ar an gcóras oideachais atá fós dírithe ar fhoghlaim de ghlanmheabhair agus an córas printíseachta sna fataí lofa agus an bhéim mhór uilig ar choláistí acadúla tríú leibhéal.
An scannal is measa atá mar oidhreacht againn ó na múinteoir-airí seo ná an leithcheal a dhéantar fós ar leanaí a bhfuil riachtanais faoi leith acu. Tuismitheoirí traochta ag iarraidh rang is múinteoir a fháil dá leanaí; scoileanna maraithe ag iarraidh áiseanna le freastal ar na riachtanais atá ag na leanaí sin agus turais fhada ar leanaí is a muintir le freastal ar rang áit éigin. Éagóir chórasach ceadaithe ag múinteoir-airí.
Bunphrionsabal mo ghairme gur i dtús an ghalair is furasta é a leigheas ach is léir nach dtuigeann ‘saineolaithe’ na Roinne Oideachais é sin.
An t-aon taithí fiontraíochta a chleacht mise i mo shaol múinteoireachta ná luach puint a bhaint as an bpingin a dheonaigh an Roinn Oideachais leis an scoil a rith. Níl oide sa tír seo nár thug peann, páipéar, leabhar, lón nó geansaí do ghasúr ar chúla téarmaí le cúiteamh ar bhealach beag éigin as faillí is cnuaisciúntacht na Roinne Airgeadais, beag beann ar oide-airí.
Bheadh príomhoidí na tíre go maith i mbun na Roinne Airgeadais mar déircínteacht is paisteáil é cuid mhaith dá saothar.
An locht is mó a fuair mé fhéin ar thiarnúlacht fhear an Mhuilinn Chearr gur gheall sé trí vóta don chuntasóir cairte Peter Burke as a theach féin. Bheadh amhras orm faoi fhear a gheallfadh vóta a mhná agus a mhic d’iarrthóir ar bith. Shíl mise gur le chuile dhuine a vóta rúnda féin. Déarfainn nach mórán bladair a bhí roimhe sa mbaile i dTeach Gigginstown!
Fiontán
An amhlaidh gur bronnadh aitheantas mar scoil Ghaeltachta ar scoileanna atá ag feidhmiú as Béarla? Freagair an cheist!
Siún
Nl sé “i ngan fhios” do phobal na Gaeltachta (múinteoirí na Gaeltachta ach go háirithe) nach féidir iachall ar dhaoine óga an Ghaolainn a labhairt eatarthu sa seomra ranga gan trácht ar amuigh i gclós na scoile.