Is beag a bheidh idir Cill Chormaic-Cill Achaidh agus na Fianna nuair a bheidh an comhaireamh déanta

Drochsheans go mbuafar ar Bhaile Gunnair ná Sleacht Néill i gcluichí ceannais na Mumhan agus Uladh ach tá sé i bhfad níos deacra cluiche ceannais Laighean a thuar

Is beag a bheidh idir Cill Chormaic-Cill Achaidh agus na Fianna nuair a bheidh an comhaireamh déanta

Imreoir Chill Chormaic-Cill Achaidh. Pic: INPHO/James Lawlor

Tá trí chluiche mhóra againn an deireadh seachtaine seo. Anseo sa Mhumhain, tá na seaimpíní, Baile Gunnair, ag imirt ina seachtú cluiche ceannais as a chéile agus iad sa tóir ar a gceathrú craobh as a chéile. Ina gcoinne beidh na Sáirséalaigh as Corcaigh, dream a bheidh ag imirt i gcluiche ceannais an chúige den chéad uair riamh.

Mar a tharla sé, chas na foirne seo ar a chéile sna babhtaí ceathrú ceannais i gcúige Mumhan anuraidh agus bhí farasbarr seacht gcúilín déag ag fir Phort Láirge. Bunaithe ar gach a bhfuil feicthe agam den dá fhoireann, is deacair ‘cás‘ a dhéanamh dos na Sáirséalaigh amárach ach an oiread.

Tá an méid sin taithí ag leaids na nDéise agus an méid sin imreoirí den chéad scoth acu, ag tosú le huimhir a haon, an cúl báire Stephen O’Keeffe, go bhfuil sé an-deacair a rá nach mbeidh mórán difríocht idir an cluiche amárach agus an ceann anuraidh. Den chuid is mó, ní bhíonn iomaíocht ghéar i gcluichí Bhaile Gunnair. Tá tromlach a gcluichí buaite acu go héasca le scóranna arda. Tá ‘córas’ acu agus imreoirí chun an ‘córas’ sin a cur i bhfeidhm.

Ba mhaith liom go dtabharfadh na Sáirséalaigh ardtaispeántas. Bheinn sásta leis sin. Tá imreoirí ar an bhfoireann a bhfuil taithí acu, leithéidí Conor O’Sullivan, Craig Leahy agus Daniel Kearney agus tá tosaithe ábalta acu, Daniel Hogan, Aaron Myers agus Cathal McCarthy ach is dóigh liom go bhfuil bearna sách mór idir iad agus na seaimpíní.

Ó thuaidh tá Sleacht Néill ar ais ar pháirc na himeartha i ndiaidh na heipice siúd a bhí acu le Bun Abhann Dalla coicís ó shin. Is iad Port an Pheire ó chontae an Dúin (club an lúthchleasaí iontaigh Ciara Mageean, mar a tharlaíonn sé) a sheasann idir iad agus an ‘Four Seasons Cup‘ agus leaids Dhoire go láidir mar rogha. Tá mórán taithí ag Sleacht Néill agus iad ag imirt ina gcúigiú cluiche ceannais as a chéile agus péire díobh buaite acu. Mar bharr air sin, beidh fuinneamh agus spreagadh faighte acu ón chluiche deireanach acu agus ní haon rud beag é sin.

I gcúige Laighean, ní bheidh ach sé lá ag seaimpíní Uíbh Fhailí, Cill Chormaic–Cill Achaidh agus Na Fianna chun iad féin a réiteach do chluiche ceannais na hoíche anocht, cluiche ar cheart go mbeadh sárchoimhlint ann.

Sula gcaithfidh mé súil air sin, áfach, caithfidh mé ómós a thabhairt do Bhaile Chaisleáin Mhic Eochagáin na hIarmhí a chaill i gcoinne Chill Chormaic sa gcluiche leathcheannais an Domhnach seo caite. Bhí an mí-ádh dearg orthu agus iad níos fearr an lá sin, a cheapas, ná mar a bhí leads Uíbh Fhailí.

Dhá chúl ar an sean-nós do Chill Chormaic a bhí cinniúnach sa chluiche, pocanna fada a thuirling isteach go himeall na cearnóige agus, le cabhair botúin bhunúsacha ag na cúlaithe, a chríochnaigh san eangach. Bhí an-trua agam do chleas na hIarmhí. Ach, ar ndóigh, is í an fhoireann leis an méid is mó pointí ar chlár na scór a bhuann i gcónaí agus is iad fir Chill Chormaic-Cill Achaidh a bheidh ag taisteal go dtí an ardchathair anocht don chluiche ceannais.

Ní bheidh an t-aistear céanna ar an dream a bheidh rompu agus gan ach turas gearr le déanamh ag na Fianna chuig Páirc an Chrócaigh. Bhí roinnt den mhí-ádh orthu anuraidh nuair a chaill siad i gcoinne Ghaeil Uí Lochlainn le cúilín amháin sa chluiche mór. Sa chluiche leathcheannais i gcoinne Chumann Naomh Máirtín Dé Domhnaigh seo caite, bhí orthu teacht aniar a léiriú chun fáil réidh le leaids Loch Garman. Caithfidh go rachaidh siad chun páirce anocht mar rogha na coitiantachta ach ní bhfaighidh siad aon rud bog nó saor ó Chill Chormaic-Cill Achaidh. Beidh troid go bás anseo.

Fág freagra ar 'Is beag a bheidh idir Cill Chormaic-Cill Achaidh agus na Fianna nuair a bheidh an comhaireamh déanta'