Bhí blianta fada ag muintir Luimnigh gan fios an bhealaigh go Páirc an Chrócaigh…

Caitheann iarimreoir Luimnigh, Shane Dowling, súil chun cinn ar chluiche ceannais an Domhnaigh idir Luimneach agus Cill Chainnigh

Bhí blianta fada ag muintir Luimnigh gan fios an bhealaigh go Páirc an Chrócaigh…

Go tobann tá lá mór na hiomána ar an tairseach. Agus uair amháin eile táimidne istigh ina lár. Bhí mé ag comhrá le comrádaí de mo chuid a bhfuil mac naoi mbliana d’aois aige atá glan as a mheabhair ag an iomáint. Dúirt an t-athair liom go bhfuil sé ina imní air féin faoin lá a gcaillfidh Luimneach cluiche mar ceapann a mhac nach bhfuil le déanamh ag an bhfoireann ach teacht chuig an gcluiche agus go mbuafaidh siad mar nach bhfuil a mhalairt feicthe aige. Is iontach go deo na rudaí a dtéann leanaí an lae inniu ina dtaithí – i gcomparáid le leanaí na seanlaethanta.

Leis an fhírinne a rá, is iontach an phribhléid a bheith te bruite mar rogha láidir na coitiantachta lá chluiche ceannais na hÉireann. Sin a mbeadh uait sa saol seo. Ach cuimhním siar ar na blianta atá caite – ní féidir linn dearmad a dhéanamh orthu go deo agus is é an faitíos sin ba chóir ugach a thabhairt do gach duine a ndícheall a dhéanamh lena chinntiú, fiú mura mbíonn muid ag buachan i gcónaí, go mbeimid san iomaíocht i gcónaí i measc an scoth agus nach mbeimid i bhfad ón mbarr.

Bhí mé féin ag cluiche ceannais 2010 nuair a choinnigh Tiobraid Árann muid ón gcúigiú Corn Mhic Cárthaigh as a chéile nó an five in a row a bhí uainn. B’iontach go deo an aisling í. D’fhág mé an áit an lá sin agus mé ag smaoineamh an dtiocfadh an lá go deo go bhfeicfinn a leithéid – an éireodh le Luimneach an t-éacht sin a dhéanamh go brách – b’in an tráth a raibh stailc ann. Is iontach chomh tobann agus a d’athraigh cúrsaí ach chun cinn atá an carr seo ag dul agus caithfimid ar fad anois an chos a chur go hurlár.

Bhí blianta fada ann nuair nach raibh fios an bhealaigh go Páirc an Chrócaigh ag muintir Luimnigh ach d’fhéadfaidís féin mapaí Google a leasú anois agus an bealach is éasca go dtí an pháirc sin a thaispeáint do Google. Is í Páirc an Chrócaigh láthair an chatha Dé Domhnaigh agus an chonairt is fíochmhaire inár gcoinne. Sin iad Cill Chainnigh agat – conairt fhíochmhar, gharbh a shracfadh an léine de do dhroim le ghabháil thar an líne – ach a leithéid d’ómós a thagann ó chleas an chontae sin. Bhí mé ag caint le duine an lá cheana agus muid ag rá murach gur de dhúchas Luimnigh duine gurbh é Cill Chainnigh a rogha. Daoine breátha a dhéanann a gcúram. An rud is fearr faoi na Cait go nglacfaidh siad uait an céasadh céanna a thugann siad duit agus nach gcúlóidh siad.

Mise á rá leat go gcaithfidh Luimneach tabhairt fúthu ón gcéad bhuille ar an Domhnach. Ní hacmhainn dúinn na maidí a ligean le sruth le tús mall – nó íocfaimid go daor as leis na boic seo. Ach ní dóigh liom go dtarlóidh sé sin. Beidh cuimhní 2019 ar chúl a gcinn ag mórán agus cé nach mbeidh tionchar dá laghad aige sin arú amárach, meabhróidh sé do dhuine céard a d’fhéadfadh tarlú ach an tsúil a thógáil den sliotar an meandar fánach féin.

Céard faoin gcluiche agus conas a rachaidh sé?

Gan focal bréige a rá, creidimse go bhfuil cúlaithe Chill Chainnigh an-mhaith. Tá teacht aniar iontach i Huw Lawlor agus is é a mbeidh uaidh a bheith ag ceansú Aaron Gillane. Is dóigh go gcoinneoidh Mikey Butler súil ghéar ar Peter Casey, agus cuibhreoidh Tommy Walsh Séamus Flanagan.

Níos faide amach – déarfainn go mbeidh David Blanchfield ag leanúint Ghearóid Hegarty, agus Paddy Deegan ag faire Tom Morrissey agus Richie Reid ag fosaíocht na líne lánchúil. Scoth na n-imreoirí iad sin ar fad agus taithí mhór acu faoin tráth seo. Tá a fhios againn ar fad cé atá ar an taobh eile ach ní dóigh liomsa go mbeidh Luimneach ag iarraidh ar aon imreoir duine ar leith den dream eile a chúinneáil. Imreoidh Luimneach an cluiche is dual dóibh. An rud is mó a mbeidh mise ag faire air amárach – na pocanna amach. Is maith an seans go bhféadfadh thart ar 80 poc amach a bheith sa gcluiche seo. Seo í cloch nirt Luimnigh, an bua is fearr atá acu leis an Cait a chloí. Dá n-éireodh leo 50 as 80 poc amach a bhuachan, ní bheadh ag Cill Chainnigh ach 30 agus bheadh an ghaoth inár seolta. Ar ndóigh scéal eile ar fad céard a dhéanfar leis na sliotair sin.

Ceapaim féin gurb éard a tharlóidh le poc amach Chill Chainnigh – tiocfaidh an líne lántosaithe siar ar fad agus tiocfaidh an líne leatosaithe siar ar fad. Má bhuaileann sé fada an sliotar, beidh na leatosaithe ansin don bhriseadh ach má bhuaileann sé gearr é cuirfidh na tosaithe brú ollmhór ar imreoirí nach bhfuil aon chleachtadh acu an liathróid a bhualadh timpeall agus bainfidh siad díobh í. Ag an taobh eile den pháirc tá Luimneach thar cionn. Thug siad lascadh do Chill Chainnigh san ionad seo anuraidh. Cheap mé féin go ndearna Cill Chinnigh an-dearmad – thug siad cead a gcinn do Morrissey, Hayes and Hegarty.

Caithfidh mé a rá nach raibh Cill Chainnigh faoi réir ag cluiche ceannais na sraithe agus bhí mé díreach taobh thiar de Derek Lyng an lá agus bhí sé le ceangal ceart.

Ní shílimse go mbeidh aon tionchar ag an gcluiche sin ar thoradh an Domhnaigh ach sílim go bhfuil níos mó taithí ag Luimneach ó thaobh teaicticí agus leagan amach. Ar ndóigh is cuma faoi sin más ionann an dá fhoireann agus gan ach cúig nóiméad fágtha go dtosóidh an cluiche. Dá fhaide a choinneoidh Cill Chainnigh leis an gcluiche seo, is déine an comhrac. Má thugann muid a seacht ndóthain le déanamh dóibh agus tarraingt ar n-anála a bheith fágtha ionainn i dtreo dheireadh na himeartha beidh seans níos fearr againn. Ach is mairg a dhéanfadh beag is fiú de na boic seo mar is maith is eol dúinn ar fad go dtroidfidh siad go dtí an braon deireanach.

Fág freagra ar 'Bhí blianta fada ag muintir Luimnigh gan fios an bhealaigh go Páirc an Chrócaigh…'