Agus súile an domhain dírithe ar an Vatacáin mar gheall ar scéala bhás an Phápa Proinsias, bhí mé féin ag smaoineamh siar ar an tréimhse a chaith mé san Airgintín níos luaithe i mbliana.
I rith an ama sin i mí Feabhra, ceapadh go raibh an Pápa ar leaba a bháis. Toisc go mba as an Airgintín é, bhí mise ag cuimhneamh freisin ar an am a mbínn ag déanamh corr-agallamh do Raidió na Gaeltachta, dá mbeinn in áit éicint shuimiúil thar lear. Ba bheag nach mbíodh mé ag súil le glaoch ó mo sheanmhéit Seán Ó Cuirreáin lá ar bith, go ndéanfainn tuairisc ‘ar an spota’ faoin gcaoi a raibh muintir Buenos Aires ag aireachtáil faoina chruachás.
Cé nár tháinig aon ghlaoch, bhí mé fós fiosrach faoin gcaoi a raibh muintir na cathrach – a sheandeoise- ag glacadh leis an drochscéal.
Ar an gcead chamchuairt a thugamar i mbus timpeall na cathrach, luaigh an treoraí an teach pobail mór a raibh a ainm luaite leis tráth. Ach níor léirigh aon duine suim ann agus ní raibh fonn rómhór uirthi féin imeacht ón script. Daoine óga, a dúirt mé liom féin, níl aon mheas acu ar a scéal féin. D’fhág an treoraí céanna muid taobh amuigh de gheata na reilige cáiliúla Recoleta, mar a bhfuil Evita curtha, chomh maith le bunaitheoir an chabhlaigh Airgintínigh, an tAimiréal Browne. ‘Beidh sibh in ann bhur mbealach féin a dhéanamh timpeall ann’ a dúirt sí agus í ag glanadh léi sa mbus.
Ina dhiaidh sin, rinneamar ár mbealach féin timpeall ar go leor de na radharcanna agus na suíomhanna stairiúla sa gcathair. Agus mise ag coinneáil súil amach an t-am ar fad don imní a bheadh ar mhuintir na cathrach faoin bPápa bocht agus an t-ómós dó.
Ach ní fhaca mé tada mar sin. Tada a thabharfadh le fios go rabhadar ag guí lá agus oíche ar a shon. Cheap mé go mbeadh bord agus ‘altóir’ feistithe in aice an phríomhdhoras ins na heaglaisí- pictiúr den Phápa agus b’fhéidir coinneal nó dhó lasta ar a shon. Bhí an domhan mór ag súil le scéala a bháis gach lá.
Ag siúl abhaile chuig an óstán lá, thángamar ar eaglais mhór Íosánach. Ar ndóigh b’Íosánach é an Pápa. Má bhí coinneal lasta os comhair a phictiúir, ní fhaca mise é. Chuala sagart a bhí in aice láimhe muid ag caint ar an bPápa Proinsias.
‘Bhí aithne agamsa air,’ dúirt sé. ‘Fear an-deas a bhí ann.’ D’inis sé dúinn gur roinn siad seomra le chéile uair amháin – b’fhéidir sa chliarscoil. D’fhreastail an Pápa air sna seascaidí sular oirníodh ina shagart é i 1969.
Ach ní raibh seisean ag caoineadh faoi ach an oiread. ‘Chuir sé suas go leor meáchain,’ a dúirt sé go cáinteach os íseal. ‘Bhí sé róthugtha do na ‘noodles.’ Ag tagairt don bhia Iodálach, an spaigití a bhí sé, ar ndóigh.
Tháinig muintir Jorge Bergoglio go dtí an Airgintín mar inimircigh. Bhí an Iodáil ar cheann de na tíortha Eorpacha ba mhó a chuir imircigh chuig an Airgintín ag tús an chéid seo caite. Sin an fáth go bhfuil an oiread sin bialann pasta agus bia Iodálach eile le fáil ann.
Cúpla lá ina dhiaidh sin agus an fear bocht fós ag saothrú an bháis, mar a ceapadh, leaindeáil muid i Mendoza i bhfad siar ó Buenos Aires – lárionad do tháirgeadh na fíona.
Bhí séipéilín beag deas i lár an bhaile a rabhamar ag cur fúinn ann. Shocraigh muid freastal ar an Aifreann agus súil a chaitheamh ar na nósanna a bhain leis an gCaitliceachas ansin. Chuir sé iontas orainn chomh mór is a bhí an slua sa séipéal. Chuile aoisghrúpa, lánúineacha óga, páistí, daoine amach sna blianta, agus chuile dhuine beo acu ag casadh na n-amhrán agus na n-iomainn, ar bharr a gcinn is a ngutha.
Ba léir nach raibh an tAifreann gar do bheith críochnaithe agus uair a’ chloig caite istigh againn agus an teas ag drannadh le 40 céim Ceinteagrád taobh amuigh.
Chomh fada agus a bhíomar in ann a dhéanamh amach, níor dhúradh aon cheo faoin bhfear thall sa Róimh le linn an Aifrinn, agus ní raibh tada le feiceáil ar an altóir nó gar don phríomhdhoras a thabharfadh le fios go rabhadar ag guí go síoraí ar a shon.
Ní féidir liom fós aon mheabhair a bhaint as sin uilig. Cé go mb’fhéidir go bhfuil fírinne éigin sna tuairiscí a deir gur duine é a sheas leis na bochtáin seachas leis an uasaicme. Ní fhaca muid mórán fianaise den bhochtanas thart ar Mendoza, ach ní hin le rá nach bhfuil sé ann.
Pobal é an pobal Airgintíneach atá deighilte fós idir iad siúd a bhfuil rachmas acu agus iad siúd nach bhfuil tada acu.
Bheadh rian le brath ansin fós den chineál intinn a sheas leis an deachtóireacht i rith na seachtóidí. Scríobh me anseo cheana faoin bpríosún cáiliúil [an droch-cháil] a bhí ansin san Acadamh Míleata i mBuenos Aires. Coinníodh na sluaite príosúnach óg ann a tógadh gan chúis, a céasadh agus ansin, a caitheadh amach as eitleáin isteach in inbhear ollmhór Abhainn an Phláta. Bhí a mhacasamhail in go leor ionaid mhíleata eile ar fud na hAirgintíne.
Bhí Bergoglio ina cheannasaí ar na hÍosánaigh le linn an Uafáis sna seachtóidí. Níl sé iomlán soiléir cén chaoi ar chaith sé a shaol le linn na ndrochbhlianta sin. Bhí sé curtha ina leith gurb é ba chionsiocair le beirt shagart de chuid na nÍosánach a bheith tógtha agus curtha sa bpríosún sin – áit ar céasadh iad. Ach níor cruthaíodh é sin ariamh.
Ar an taobh eile den scéal, deirtear gur thug sé tearmann do go leor daoine a bhí ar a dteitheadh ón deachtóireacht. Rud eile atá deacair a chruthú.
Chuaigh an chuairt ar an bpríosún sin i bhfeidhm go mór orm. Agus i lár báire, ar taispeáint ann, bhí macasamhail an eitleáin as ar caitheadh na príosúnaigh – agus lipéad air ag tabhairt le fios gur tógadh é i monarcha Shorts i mBéal Feirste.
Dúradh ina dhiaidh sin ar fad, nach raibh a fhios ag muintir Buenos Aires go raibh a leithéid ag tarlú. Tá Rialtas na hAirgintíne ag súil go ‘ndéanfaidh daoine neamhshuim den tréimhse sin,’ mar a dúirt bean ag doras an phríosúin liom.
Is cinnte gur tréimhse an-chorraitheach sa stair a bhí ann – ní haon leithscéal é sin ar ndóigh, chun dearmad a dhéanamh air. Ní féidir a rá go bhfuiltear ag ligean an iarChairdinéil Bergoglio i ndearmad – fear nár sheas san Airgintín ó toghadh ina Phápa é. Ach níl siad ag déanamh Dia beag de ach an oiread, is cosúil.
Fág freagra ar '‘Bhí aithne agamsa ar an bPápa Proinsias,’ a dúirt an sagart linn'