Cor eile curtha ag Donald Trump i gceist na teorann

Údar uchtaigh do roinnt Aontachtach is ea an díréir nua atá tugtha ar an saol ag Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá

Cor eile curtha ag Donald Trump i gceist na teorann

Fear gnó i dTuaisceart Éireann, foraois de ghléasanna gutháin crochta suas lena dhá chluais agus tuilleadh ar an mbord os a chomhair. Gníomhaire eastáit an fear, mar dhea, is é ag freagairt d’éilimh aneas ar oifigí do ghnólachtaí a bheadh ag iarraidh seoladh a bheith acu ó thuaidh. Scigphictiúr ar mheán sóisialta ach léargas ar bharúil go mbeadh buntáiste le baint ag an Tuaisceart as taraifí Meiriceánacha níos ísle ná a ghearr an tUachtarán Trump ar an bPoblacht.

Ní chun leasa éinne na taraifí ach ar chéad amharc is cosúil gur bhuntáiste do dhrioglann Bushmills agus do thionscal agraibhia an Tuaiscirt thairis a mhacasamhail ó dheas is ea an díréir. Sé ráta 10% na Ríochta Aontaithe a ghearrfar ar an Tuaisceart i gcomparáid leis an 20% sa deisceart agus san Aontas Eorpach ar fad. Ina theannta sin beidh rochtain acu ar mhargadh an AE.

Den chéad uair ó d’fhág an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach tá lucht tacaíochta an Bhreatimeachta sásta go bhfuil sochar le baint as. Tá go leor le soiléiriú fós, lucht gnó agus polaiteoirí éiginnte faoina bhfuil i ndán don réigiún de bharr na dtaraifí. Tá imní faoin tionchar a bheadh ag frithbheartais nó taraifí díoltais de chuid an AE ar an eacnamaíocht abhus mar go gcaithfí iad a chur i bhfeidhm faoi Chreat Windsor. Measann cuid den lucht feachtais ar son Breatimeacht crua gur deis a bheadh sna frithbheartais sin chun an Creat a chaitheamh i dtraipisí- agus dá dheasca sin an teorainn a neartú.

Seans gur caisleáin aeir na tuairimí sin ach bíodh siad ceart nó mícheart tá cor nua curtha i scéal na teorann ag Trump. Ó glacadh le reifreann an Bhreatimeachta beagnach naoi mbliana ó shin bhí borradh faoin bplé ar reifreann faoin teorainn agus údar míshuaimhnis ag aontachtaithe. Tháinig méadú ar líon agus ar chineál na ndaoine a d’éiligh go ndéanfaí taighde, obair ullmhúcháin le haghaidh Éire nua, Éire aontaithe a bheadh ina ball den Aontas Eorpach.

Níl móramh i bhfabhar Éire nua ach thit an céatadán atá ag iarraidh fanacht san Ríocht aontaithe. Léirigh pobalbhreith Lucid Talk san Belfast Telegraph i mí Feabhra i mbliana gur 48% a bhí i bhfabhar fanacht san RA agus 41% ar son athaontaithe; b’in athrú ó 49% v 39% ag an am céanna anuraidh. Léirigh suirbhé ARINS a foilsíodh san Irish Times an mhí seo caite 48% ar son fanacht san RA agus 34% i bhfabhar athaontaithe. Bhí tuairimíocht go raibh cuid mhór de na daoine nár nocht a rogha báúil le hathaontú dá mbeadh buntáiste eacnamúil leis.

Ní fada ó dúirt an t-iarThaoiseach Leo Varadkar gur cheart a bheith i mbun réamhoibre le haghaidh reifrinn. Bhí na ‘plátaí teicteonacha’ ag bogadh, dar leis. Bhí go leor den lucht feachtais a eagraíonn cruinnithe agus taighde Ireland’s Future den bharúil gur chruthaigh cur chuige airgeadais rialtas na Breataine go mbeadh an Tuaisceart níos fearr as in Éire nua/aontaithe. Goilleann déine rialtas Keir Starmer agus a sheansailéir Rachel Reeves go mór ar na daoine is goilliúnaí abhus.

Ach céard is fiú an argóint sin más cúngú 2%, 3%, nó níos mó atá i ndán do gheilleagar na Poblachta gan an buille a bheith chomh trom sa Bhreatain ná sa Tuaisceart? Níor léirigh an tUachtarán Trump ná a chomhairleoirí sa Teach Bán suim san eacnamaíocht uile-Éireann ná san argóint gur shárú ar phrionsabail Chomhaontú Aoine an Chéasta a bheadh i dteorainn chrua. Údar uchtaigh do roinnt Aontachtach is ea an díréir nua, iad den bharúil gur olc an ghaoth nach mbaineann duine éicint tairbhe as.

Fág freagra ar 'Cor eile curtha ag Donald Trump i gceist na teorann'