‘Alltacht’ ar mhinistrí Preispitéireacha faoi ócáid a rinne comóradh ar an nasc idir an eaglais agus an Ghaeilge

Tá grúpa beag ministrí tar éis litir a scríobh ag cáineadh na hócáide, a d’eagraigh urramach Preispitéireach, ach bhí an tUrramach Kyle Paisley, mac le Ian Paisley, ina measc siúd a mhol í 

‘Alltacht’ ar mhinistrí Preispitéireacha faoi ócáid a rinne comóradh ar an nasc idir an eaglais agus an Ghaeilge

Kyle Paisley

Tá ócáid a rinne comóradh ar an nasc idir an eaglais Phreispitéireach agus an Ghaeilge tar éis raic a tharraingt i measc ministrí ó thuaidh.

D’fhreastail thart ar 100 duine ar an ócáid ‘Preispitéirigh agus an Ghaeilge’ a reáchtáladh in Aontroim Dé hAoine seo caite. An tUrramach Paul Thompson ón Free Presbyterian Church a d’eagraigh an ócáid.

Bhí an tUrramach Kyle Paisley, mac leis an iarChéad-Aire Ian Paisley, ina measc siúd a bhí i láthair agus a mhol an ócáid ach tá ministrí eile de chuid na heaglaise Preispitéirí tar éis an t-imeacht a cháineadh á rá gur baineadh úsáid as an ócáid chun an Poblachtachas a chur chun cinn.

I litir a shínigh roinnt ministrí ón Free Presbyterian Church agus a cuireadh chuig an Belfast News Letter, dúradh go raibh “alltacht” orthu gur tugadh cuireadh do Declan Kearney, cathaoirleach náisiúnta Shinn Féin agus Comhalta den Tionól Reachtach, a bheith i láthair ag an ócáid Dé hAoine seo caite.

Bhí iarmhéara Bhéal Feirste ó Shinn Féin, Tom Hartley, agus duine de bhunaitheoirí an DUP, Wallace Thomspon, ina measc siúd eile a bhí láthair.

“Ní féidir le haon duine ár stair a shéanadh agus is fíor gur úsáid ár sinsear Protastúnach an Ghaeilge chun soiscéalú a dhéanamh ar chainteoirí dúchais Gaeilge ón 17ú go dtí an 19ú haois. ‘Is cóir ómós a léiriú dóibh agus iad a chomóradh,’ a dúirt na ministrí ina litir.

‘Ach ní hionann in aon chor úsáid agus comhthéacs na Gaeilge sa lá atá inniu ann. Tá seilbh glactha ag poblachtánachas an fhoréigin ar an teanga ar mhaithe le cath cultúir a throid in aghaidh thraidisiúin agus chultúr na bProtastúnach agus na nAontachtach.’

Dúradh sa litir go raibh díomá orthu go ligfeadh ministrí eile de chuid an Free Presbyterian Church do Shinn Féin agus do na meáin úsáid a bhaint astu agus as an ócáid chun a gcuid “spriocanna poblachtacha” a chur chun cinn.

Agus é ag labhairt leis an BBC, dúirt an tUrramach Paul Thompson, a d’eagraigh an ócáid, go raibh nasc láidir idir an Preispitéireachas agus an Ghaeilge agus gur deis a bhí inti súil a chaitheamh siar ar an stair sin.

‘Ní haon údar faitís é, is iontach an bealach é le droichid a thógáil,’ a dúirt sé. “Níl muid ag iarraidh ar aon duine a bhféiniúlacht a athrú, ach taitneamh a bhaint as an oidhreacht luachmhar Phreispitéireach ar cuid mhór den oileán seo í.’

Mar chuid den ócáid, rinne an Tréadaí John Duffy píosa cainte i nGaeilge faoin mBíobla agus Preispitéirigh agus taispeánadh bailiúchán de Bhíoblaí a foilsíodh i nGaeilge.

Dúirt an tUrramach Kyle Paisley leis an BBC go mbeadh “an-suim” ag a athair san ócáid agus go bhfreastalódh sé uirthi dá mbeadh sé fós beo.

Fág freagra ar '‘Alltacht’ ar mhinistrí Preispitéireacha faoi ócáid a rinne comóradh ar an nasc idir an eaglais agus an Ghaeilge'

  • Seán Mag Leannáin

    An tSeanmóir ar an Sliabh: Na Biáide
    [Féach uimhir a 9 go háirithe]
    1 Nuair a chonaic sé na sluaite, chuaigh sé an sliabh suas. Shuigh sé síos agus tháinig a dheisceabail chuige.
    2 Thosaigh sé ag caint leo á dteagasc agus dúirt:
    3 “Is méanar dóibh seo atá bocht ó spiorad, óir is leo ríocht na bhflaitheas.
    4 “Is méanar do lucht an dobróin, óir sólásófar iad.
    5 “Is méanar dóibh seo atá ceansa, óir gheobhaidh siad an talamh mar oidhreacht.
    6 “Is méanar dóibh seo a bhfuil ocras agus tart chun na fíréantachta orthu, óir sásófar iad.
    7 “Is méanar do lucht na trócaire, óir déanfar trócaire orthu.
    8 “Is méanar dóibh seo atá glan ó chroí, óir feicfidh siad Dia.
    9 “Is méanar do lucht síochána a dhéanamh, óir glaofar clann Dé orthu.
    10 “Is méanar dóibh seo a d’fhulaing géarleanúint mar gheall ar an bhfíréantacht, óir is leo ríocht na bhflaitheas.
    11 “Is méanar daoibh féin nuair a thabharfar aithis daoibh agus a ghéarleanfar sibh, agus nuair a chuirfear gach sórt drochrud in bhur leith go bréagach mar gheall ormsa.
    12 “Bíodh áthas oraibh agus gairdeas, mar is mór é bhur dtuarastal ar neamh; óir is mar sin a rinneadh géarleanúint ar na fáithe a chuaigh romhaibh.

    (An Bíobla Naofa © 1981 An Sagart.)

  • Pádraig Mac Cearáin

    Tá na heaglaisigh seo ag cur a ladar isteach i gcúrsaí polaitíochta. Tá siad in ainm a bheith os cionn a leithéid.

  • Gabriel Rosenstock

    Ní minic a smaoinímid ar an gceangal atá idir teanga agus cumhacht. Deir Julia Penelope: ‘Is ionann teanga agus cumhacht, ar bhealaí atá níos bunúsaí ná mar a cheaptar. Oscail do bhéal, labhair, agus athróidh tú an saol. Conas nach n-aithníonn níos mó daoine an ceangal atá idir teanga agus cumhacht?’
    Má tá easnamh mór amháin ar fhoilsitheoireacht na Gaeilge (litríocht agus iriseoireacht san áireamh) easpa aistriúchán ar shaothar na bhfealsúna is ea é sin. Emil Cioran (1911-1995), mar shampla, as an Trasalváin, a dúirt: ‘Ní i dtír atá cónaí orainn; i dteanga atá cónaí orainn . . .’ Thabharfadh sé sin ábhar machnaimh duit, nach dtabharfadh?
    Protastúnach Éireannach ab ea J. M. Synge (1871 -1909), duine de mhórdhrámadóirí an domhain, a d’fhoghlaim teanga shinseartha na hÉireann agus a dúirt fúithi nach raibh teanga ar bith chomh maith leis an nGaeilge chun duine a shuaimhniú! An suaimhneodh sí na Saor-Phreispitéirigh a bhfuil eagla orthu roimpi?

  • Seán Mag Leannáin

    Trácht fíor-spéisiúil le Gabriel Rosenstock ansin.

  • Seathrún Mac Éin

    Sa bhliain 2007 – agus arís sa bhliain 2010 – d’iarr DCALNI (Roinn Cultúir, Ealaíon is Fóillíochta Thuaisceart Éireann) ar an bpobal aighneachtaí a sheoladh chucu faoin chruth ba chóir a bheith ar Acht Gaeilge.
    Chuir mise aighneacht isteach a bhunaigh mé ar theagasc an Bhíobla agus ar theagasc an Reifirméisin. San aighneacht sin, sheachain mé an pholaitíocht go hiomlán, cé go ndúirt mé nach iad Sinn Féin an t-aon dream atá ar son na Gaeilge! Ina ionad sin, dúirt mé nach raibh teanga ar bith “neamh-kosher” de réir an Bhíobla ach go bhfuil Dia sásta teangacha éagsúla a úsáid leis an Soiscéal a scaipeadh ar fud an domhain. Lena chois sin, dúirt mé gur bhunphrionsabal de chuid an Reifirméisin gach teanga a úsáid i gcúrsaí creidimh. Is é sin, go gcaithfear an Bíobla a chur ar fáil do gach pobal ina dteanga dúchais féin is go raibh an ceart ag na daoine é a léamh agus a thuiscint dóibh féin ina dteanga féin – seachas sa Laidin nach raibh ar eolas ach ag daoine léannta – agus go gcaithfear seirbhísí eaglaise agus seanmóirí agus soiscéalaíocht a dhéanamh i dteanga na ndaoine chomh maith.
    I mbeagán focal, an Protastúnach a chuireann in aghaidh úsáid theanga ar bith – go háirithe i gcúrsaí creidimh – ní thuigeann sé an Protastúnachas!
    Is ball mé de Choiste Chumann Gaelach Eaglais na hÉireann agus léim an Bíobla i nGaeilge go minic agus freastalaím ar sheirbhísí eaglaise Gaeilge.
    Cuirfidh mé cóip den Aighneacht s’agam ar fáil do Tuairisc má iarrtar orm é. Scríobh mé sa dá theanga í – as Gaeilge agus as Béarla.