Tá ‘blas fiáin a mheabhróidh torthaí dearga duit’ ar an gcupán caife seo

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Cén tionchar a bhíonn ag an gcur síos ar chúl pacáiste caife, nó go deimhin ag an mblurba ar chúl leabhair, ar an mblas a fhaighimid ar an gcaife sin, nó ar an léamh a dhéanaimid ar shaothar?

Tá ‘blas fiáin a mheabhróidh torthaí dearga duit’ ar an gcupán caife seo

‘Blas fiáin ach cothrom cruinn a mheabhróidh torthaí dearga duit’ a gheall pacáistiú an chaife chóirthrádála as Guatamala dom.

Shuigh mé síos, dhún mo shúile agus bhog bolgam timpeall i mo bhéal le mo theanga.

Fiáin? Bhí an caife blasta, cinnte, ach ainmhithe allta ná sléibhte iargúlta níor mheabhraigh sé dom. Cothrom cruinn? Céard atá i gceist le blas cothrom cruinn ar chor ar bith? Cé a scríobhann an stuif seo?

‘Caithfear céadfaí uile an léitheora a mhealladh’, sin ceann de bhunphrionsabail na scríbhneoireachta cruthaithí, comhairle a chloisfidh an scríbhneoir atá ag tosú amach go mion minic. ‘Ná déan dearmad ar mhothú, ar bholadh agus ar bhlas.’

Tá sé éasca go leor súil aigne an léitheora a mhealladh le cur síos físiúil; má aimsíonn tú na focail chearta cloisfidh an léitheoir tíleanna an dín ag cleatráil sa ghaoth; má dhéanann tú do dhícheall mothóidh an léitheoir buille i mbolg do phríomhcharachtair ina ghoile féin; tá boladh an-úsáideach má theastaíonn uait cuimhní a spreagadh, nó atmaisféar áirithe a chothú.

Ach blas?

Faighimse an-deacair é cur síos a dhéanamh ar bhlas – go háirithe, b’fhéidir, toisc nach féidir aon rud a rá go hoibiachtúil faoi bhlas. Is féidir a rá faoi liathróid go bhfuil sí cruinn agus ní bheidh aon díospóireacht faoi; is féidir a rá faoi phléasc go bhfuil sé callánach agus ní chuirfidh éinne i do choinne; drochsheans go mbeidh argóint agat má deir tú go bhfuil buille sa ghoile pianmhar agus boladh caife teolaí.

Ach má deir tú, mar shampla, go bhfuil blas cré ar chaife, cén chré atá i gceist agat? Ithir phortaigh Chonamara? Ithir ghaineamhach iarthar na hÍsiltíre? An ithir mheirgeach sin atá chomh coitianta sin i Meiriceá Theas? Ní lia duine ná tuairim, agus cén chaoi a gcinntíonn tú go dtuigfidh an léitheoir go díreach cén blas a bhí ar an mbolgam caife sin?

Agus an cuma? Nár chóir spás a fhágáil don léitheoir, agus ligean dó siúd a dhomhan samhlaíoch féin a thógáil leis na blocanna tógála a chuireann tú ar fáil dó?

Aisteach go leor fuair mé blas torthaí dearga ar an gcaife úd as Guatamala dáiríre, ach rith sé liom ina dhiaidh sin gurbh fhéidir gurbh éard ba chúis leis sin ná gur as cupán dearg a bhí sé á ól agam.

Rud a spreag ceisteanna eile.

Cén tionchar a bhíonn ag an gcur síos ar chúl pacáiste caife, nó go deimhin ag an mblurba ar chúl leabhair, ar an mblas a fhaighimid ar an gcaife sin, nó ar an léamh a dhéanaimid ar an leabhar atá i gceist?

Agus an mbeadh léamh éagsúil againn ar an saothar céanna dá mbeadh clúdach buí air, seachas clúdach dearg?

Ceisteanna iad ar fiú iad a chíoradh ar do shuaimhneas maidin Sathairn éigin agus cupán caife á ól agat – agus gach seans, más scríbhneoir thú, gur rudaí iad arbh fhiú iad a fhágáil faoin dream a thuigeann na cúrsaí sin: foilsitheoirí agus dearthóirí leabhar.

Fág freagra ar 'Tá ‘blas fiáin a mheabhróidh torthaí dearga duit’ ar an gcupán caife seo'

  • Niall Ó Flatharta

    Sé an caifé a thagann ó cheanntar Huehuetenango i nGuatamala an caifé is fearr dár ólas riamh gan aon amhras.