Deir an impresario siamsaíochta cáiliúil Sharon Osbourne gur chóir víosaí oibre Meiriceánach an ghrúpa rap Gaelach Kneecap a chúlghairm i bhfianaise na tacaíochta a léirigh siad do mhuintir na Palaistíne ag an gceolchoirm Coachella in California.
Le linn na ceolchoirme Dé hAoine seo caite, teilgeadh íomhá ar stáitse a dúirt ‘Tá cinedhíothú á dhéanamh ag Iosrael in aghaidh mhuintir na Palaistíne’.
Dúradh sna híomhánna go raibh rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá ag tacú leis an gcinedhíothú trí airm agus maoiniú a chur ar fáil d’Iosrael “in ainneoin a gcoireanna cogaidh”.
“F*** Israel; free Palestine,’ a dúradh ar íomhá eile.
Dúirt Sharon Osbourne, a bhí tráth ina moltóir ar na cláir X Factor agus America’s Got Talent, go raibh ráitis pholaitiúla a ndéanamh go trodach.
Chuir Osbourne, atá pósta le Ozzy Osbourne, a bhí ina phríomhamhránaí ar an mbanna Black Sabbath, gur caint a spreagfadh fuath a bhí i dteachtaireachtaí “frith-Iosrael” Kneecap agus go mbíonn an grúpa “ag tacú go hoscailte le heagraíochtaí sceimhlitheoireachta”.
Le linn na ceolchoirme, thug Mo Chara ó Kneecap píosa cainte uaidh a spreag an slua le ‘Free, free Palestine’ a chanadh in éineacht leis an ngrúpa.
“Níl áit ar bith le dul ag na Palaistínigh. Is é an f***ing baile acu é agus tá buamaí á scaoileadh leo ón spéir.
“Mura dtabharfá cinedhíothú air sin, céard sa fu*k a thabharfá air?”
“Ní rófhada ó shin bhíodh muintir na hÉireann á gcéasadh ag na Brits ach níor buamáladh riamh sinn ón f***ing spéir agus gan aon áit le dul againn.”
Tá an mhír sin den cheolchoirm scaipthe go mear ar líne agus scaip an grúpa chomh maith míreanna eile “nach raibh aon chinsireacht déanta orthu” ón seó.
De réir tuairiscí, deir príomhfheidhmeannach Goldenvoice, lucht eagraithe Coachella, gur tháinig caint Kneecap aniar aduaidh air, ach deir Sharon Osbourne go bhfuil aithne aici ar go leor daoine a scríobh go dtí an comhlacht roimh ré lena rá leo go raibh imní orthu faoi Kneecap a bheith ag seinm ann.
Bhí plé faoin gconspóid ar Fox News agus áiteanna eile.
Bhí an banna cáiliúil as Meiriceá Green Day ar na grúpaí eile ag Coachella a cháin Iosrael.
Aonghus Mac an tSaoir
Feicim go bhfuil Dia beag déanta de Kneecap i saol na Gaeilge. Ach murach a gcuid tuairimí láidre polaitiúla, an mbeadh aon iomrá orthu in aon chor?
Dar liom féin go bhfuil cur chuige Kneecap gáifeach agus seanchaite (cé atá ag iarraidh filleadh ar laethanta an IRA agus ‘bás do na Sasanaigh!’?). Is cineál provocateurs iad a chuireann gothaí na híosaicme orthu féin chun gur féidir leo ról na n-íospartach a bheith acu – san fhíorshaol is daoine meánaicmeacha iad nach raibh riamh i bpríosún, déarfainn, agus nár bhlais mórán drugaí.
An bhfuil cead agam a leithéid a rá faoi dhream a ndéantar adhradh orthu sna meáin Ghaeilge? Seans nach bhfuil, agus gach seans nach bhfaomhfar mo thrácht dá bharr. D’fhág mé cúpla trácht den chineál seo cheana agus níor ceadaíodh iad! Caithfidh go bhfuil eagarthóirí Tuairisc.ie an-ghoilliúnach ar fad.
Breathnóir1
´´Dar liom féin go bhfuil cur chuige Kneecap gáifeach agus seanchaite (cé atá ag iarraidh filleadh ar laethanta an IRA agus ‘bás do na Sasanaigh!’?).´´
Is léir díreach ón abairt thuas nach dtuigeann tú faic na fríde faoi Kneecap, a Aonghuis.
Sílim gur laochra iad, ó thaobh cur chun cinn na Gaeilge, agus cur in aghaidh an chinedhíothaithe atá ag dul ar aghaidh sa Phalaistín.
Niall Gòrdan (Niall na Naoi bPionta)
Níl ceol é seo as maith liom féin go pearsanta ach is maith gur sa nGaeilge atá siad ag canadh. Níl cóir ag óinseach mar SO tada a rá. Ba cheart d’ Ozzy a tóin a bhreabadh!