Éireannach an páistín deireanach a bheannaigh an Pápa Proinsias

An uair dheireanach gur tháinig sé os comhair an phobail roimh bhás dó thug an Pápa a bheannacht do John Flynn, leanbh trí mhí d’aois as Ráth Caola in iarthar Luimnigh

Éireannach an páistín deireanach a bheannaigh an Pápa Proinsias

Daniel agus Jessica Flynn lena mic, John agus Daniel, sa Róimh

Páistín as Éirinn an páistín deireanach a bheannaigh an Pápa Proinsias an uair dheiridh gur tháinig sé os comhair an phobail roimh bhás dó.

Agus é ar a chamchuairt dheireanach ar Chearnóg Naomh Peadar Dé Domhnaigh seo caite, thug an Pápa a bheannacht do John Flynn, leanbh trí mhí d’aois as Ráth Caola in iarthar Luimnigh.

Ceathrar páistíní agus beirt pháistí níos sine a bheannaigh an Pápa le linn a chamchuairt gan choinne timpeall na cearnóige i gcarr an phápa, nó an popemobile, Domhnach Cásca.

Bhí John Flynn ar an bpáistín beag deireanach a bheannaigh an Pápa Proinsias sular fhill sé ar an Casa Santa Marta, áit a bhfuair sé bás an mhaidin dár gcionn.

Dúirt Daniel Flynn, athair John, le Tuairisc, gur bheag nár thit sé i laige nuair a tugadh a mhac don Phápa lena bheannacht a fháil.

“Bhí iontas ar dhaoine gur éirigh leis an bPápa an bheannacht a thabhairt ar an mbalcóin, ach baineadh creathadh asainn go léir sa slua nuair a chualamar go raibh sé chun teacht amach go dtí an Chearnóg.

Daniel agus Jessica Flynn lena mic, John agus Daniel, in Assisi

“D’éirigh linn dul síos chomh fada leis na ráillí, stop sé go tobann [carr an phápa]. Bhí John s’againne ag mo bhean agus tháinig duine de na fir shlándála anall agus thóg sé é agus thug sé don Phápa é. Ba bheag nár thit mé i laige. Ní fhéadfaimis é a chreidiúint. Ba é an leanbh beag deireanach a bheannaigh an Pápa. Cé a chreidfeadh é?”

Le seans a bhí muintir Flynn sa Róimh in aon chor. Bhí óstán curtha in áirithe acu don deireadh seachtaine seo caite i San Giovanni Rotondo, mar bhfuil Naomh Padre Pio curtha.

“Bhíomar meáite ar dhul go dtí Padre Pio agus bhí gach rud eagraithe agus an t-óstán curtha in áirithe againn don Satharn agus don Domhnach, agus ansin maidin Dé Sathairn, dúramar ‘rachaimid go dtí an Róimh, feicfimid Padre Pio arís’.

“Cén chúis a bhí againn ár n-intinn a athrú? Ní fhéadfainn é sin a mhíniú duit.”

Ina n-óstán sa Róimh a bhí Daniel agus a chlann nuair a chuala sé scéal bhás an Phápa maidin Dé Luain.

John Flynn, trí mhí, as Luimneach, á bheannú ag an bPápa Proinsias

“Baineadh siar asam. Ní fhéadfainn é a chreidiúint. Chuaigh mé ar ais go dtí an áit chéanna sa Chearnóg agus leag mé bláthanna ann don Phápa.

“Bhí comhrá agam ann le bean as an nGearmáin agus le sagart a casadh orm agus d’inis mé an scéal dóibh faoi John, an páistín deireanach a fuair beannacht an phápa. Labhraíomar faoi cé chomh stairiúil is a bhí sé.”

De réir tuairisc sa Vatican News bhí an Pápa “tuirseach ach sásta” i ndiaidh bualadh leis an bpobal den uair dheireanach Domhnach Cásca.

“Go raibh maith agat as mé a thabhairt ar ais go dtí an Chearnóg,” a dúirt sé lena chúramóir sláinte, Massimiliano Strappetti.

De réir na tuairisce, theastaigh ón bPápa dul i measc an phobail ach bhí ábhairín amhrais air an ligfeadh a shláinte dó an chamchuairt timpeall na cearnóige a dhéanamh.

Strappetti a chuir ar a shuaimhneas é go n-éireodh leis an turas a dhéanamh sa popemobile i ndiaidh beannacht Urbi et Orbi na Cásca a thabhairt ó Bhalcóin Bhaisleac Naomh Peadar.

Fág freagra ar 'Éireannach an páistín deireanach a bheannaigh an Pápa Proinsias'