B’fhéidir go mba cheart do lucht scríofa na nóibhillí éirí amach

Sár-fhoirm is ea sár-fhoirm, is cuma cén lipéad a bhuaileann muid air

B’fhéidir go mba cheart do lucht scríofa na nóibhillí éirí amach

Séard a mheallann go fóill mé ná an smaoineamh, seachmall b’fhéidir, go bhfuil rud foirfe agus álainn ann a bhaineann an barr de gach rud eile dá bhfuil ann, nóibhille is dócha, in áit eicínt in aice láimhe, ach beagán thar m’acmhainn i gcónaí, an buaicscéal daonna is mó dá bhfuil ann agus a chaitheann solas ar ár mórchumas ardintleachtúil agus ar ár n-amaidí.  

            Ian McEwan

Is é an nóibhille, a dúirt Ian McEwan, ‘foirm fhoirfe an fhicsin phróis.’ Céard is nóibhille ann? Ar dtús, is rud í an nóibhille nach mbíonn éinne a iarraidh. Tá drogall ar fhoilsitheoirí rompu mar ní cheannóidh duine ar bith iad. Níl aon duais ann don nóibhille is fearr sa mbliain; ní bheidh go brách. Má tá tú ag scríobh nóibhille, is leis an mothú uaigneach nach bhfuil aon duine ag fanacht go gcríochnaíonn tú í atá tú á scríobh.

Ní déarfaidh aon duine go deo leat: tá mé ag tnúth go mór le do chéad nóibhille eile.

Tá an nóibhille sáinnithe idir an gearrscéal agus an t-úrscéal. Mura miste leat, ná fiafraigh díom céard is gearrscéal ann. Tá sé gearr, de réir dealraimh, agus is scéal é, ach tá sé riachtanach freisin go mbeadh rud eicínt mistéireach agus suntasach ann. Is minic go bhfuil an ghné seo i bhfrása nó in abairt amháin ar a bhfuil chuile rud ag brath. Mar sin, tá sé cosúil le dán.

Ar bhealach eicínt, ardaíonn sé os cionn a ábhair féin, ar nós aráin, nó ar nós an choisreacain san aifreann.

Tá an nóibhille níos simplí. Is féidir go mbeadh snáithe scéil amháin i nóibhille, príomhphearsa amháin, agus is féidir lena brí a theacht chun solais go díreach nó í a bheith léirithe gan dul i mbun na tarchéimnitheachta. Is nóibhille é Foster le Claire Keegan, ach is úrscéal é Small Things Like These léi de bharr go léirítear scéal bheatha Furlong féin chomh maith leis na heachtraí a tharlaíonn lena linn. Mura mbeadh a thaobh siúd againn den scéal, an cuntas faoi agus é ag fás suas, ba nóibhille a bheadh sa leabhar.

Cé hiad na nóibhillí is fearr? B’fhéidir: Heart of Darkness le Joseph Conrad, Hadji Murat agus The Death of Ivan Ilyich le Tolstoy, The Dead le James Joyce, The Turn of the Screw le Henry James, The Late Bourgeois World le Nadine Gordimer, The Blind Rider le Juan Goytisolo, The Valley of the Lagoons le David Malouf, On Chesil Beach le Ian McEwan, Heritage le Eugene McCabe.

Ba bhuntáiste do chuid de na nóibhillí sin gur foilsíodh mar leabhair astu féin iad nó ar a laghad ar bith go raibh siad mar theidil ar leabhair ina raibh scéalta eile chomh maith. Ach tá nóibhillí eile ann nach bhfuair an seans céanna sin ariamh.

Dhiúltaigh roinnt irisí don nóibhille The Country Funeral le John McGahern, an píosa ficsin is fearr a scríobh sé, b’fhéidir. D’fhág sé ar leataobh ansin é nó gur fhoilsigh sé a Rogha Scéalta agus chuir ag deireadh an leabhair é. Níor thug ach corrdhuine suntas dó. Sa bhFrainc, áfach, d’fhoilsigh sé mar imleabhar aonair é agus aithníodh é mar an sárshaothar atá ann.

Léiríonn The Country Funeral go bhfuil rud eicínt glan agus gan chosaint sa seánra seo. Ní gá an plota a fhás ná a fhorbairt nó casadh a chur ann, mar a dhéanfá in úrscéal. Ní gá go dtiocfadh athrú ar na carachtair. Ní bhraitheann an fhoirm ar nóiméad fileata nó íorónach amháin – a chuireann ar an eolas muid, go minic, faoi cé chomh brónach nó aisteach is atá an saol – mar a dhéanann gearrscéal.

I scéal McGahern, faigheann an t-uncail a bhí ina bhaitsiléir bás agus taistealaíonn an triúr nianna ó Bhaile Átha Cliath chuig an tsochraid i Liatroim. Sa scéal, tugtar an t-am a chuaigh thart chun cuimhne chomh maith leis an am i láthair, ach ní ghluaiseann an nóibhille ar aghaidh níos faide ná an tsochraid féin. Tugtar radharcanna dúinn ina bhfuil an oiread sin mionsonraí iontu, gan aon bhrú a bheith gearr nó gonta, gur cruthaíodh saol iomlán mar sin, gan é a bheith forbartha nó tugtha chun críche. Bíonn orainn féin todhchaí na gcarachtar a shamhlú.

Timpeall cúig bliana déag ó shin scríobh mé nóibhille, mo chéad cheann, ceann darbh ainm A Long Winter. ’Spáin mé do roinnt foilsitheoirí í ach ní raibh spéis ag aon cheann acu í a fhoilsiú mar imleabhar aonair as Béarla. (Níos deireanaí foilsíodh mar imleabhar aonair í i roinnt teangacha iasachta.) Céard a d’fhéadfainn a dhéanamh? Chreid mé dháiríre nach scríobhfainn rud ar bith chomh maith leis sin.

Ar bhealach eicínt, réitigh an fhoirm leis an ábhar.

Ní mba ghearrscéal é, ní raibh aon bhrú ann uair fholaithe na cinniúna a aimsiú; ní mba úrscéal é, gan ann ach snáithe amháin na scéalaíochta ag rith tríd, gan aon fhorbairt. Faoi dheireadh d’fhoilsigh mé sa leabhar scéalta Mothers and Sons í agus is ansin atá sí i gcónaí. Ní dóigh liom gur léigh mórán daoine í agus b’fhéidir nach drochrud é sin. Sin agat an nóibhille de ghnáth: cé is moite de na cinn cháiliúla, is beag duine a léann iad.

Ach b’fhéidir go mba cheart do lucht scríofa nóibhillí éirí amach. Nó b’fhéidir go mba cheart go n-athrófaí an t-ainm féin — nóibhille —  díreach mar a rinneadh Sellafield de Windscale, a raibh droch-cháil air, nó Facebook a ndearnadh Meta de. Nó b’fhéidir nach bhfuil ciall ar bith leis na catagóirí sin a bheith ann agus nach bhfuil teorainneacha soiléire ann.

Cé hé nó céard é César Aira sa gcomhthéacs seo? San Airgintín a rugadh é, sa mbliain 1949, in áit leis an ainm iontach Coronel Pringles. D’fhoilsigh sé níos mó ná céad leabhar, b’fhéidir gur nóibhillí go leor acu, tá thart ar chéad leathanach i chuile cheann acu. Scaití, foilsíonn sé cúpla ceann sa mbliain. (Sa mbliain 1992, d’fhoilsigh sé chúig leabhar.)

Is deacair coinneáil suas leis; agus tá an chuma air go bhfuil sé deacair aigesean freisin coinneáil suas leis féin. Ligeann sé don phlota nó don scéal dul ina rogha áit, leanann sé iad ach ní leasaíonn ná ní athraíonn sé mórán iad. Uaireanta, bíonn cuma na foirfeachta air sin.

Tá Aira ar cheann de na scríbhneoirí is neamhchoitianta agus is suimiúla, go háirithe nuair is measa a bhíonn sé ag scríobh. Ligfidh sé do nóibhille gluaiseacht léi ón bhfíor-réalachas go haistíl iomlán.

Bíonn sé ag spraoi leis an seánra; bíonn sé seiftiúil, cailleann sé an plota. Nó beidh sé ina oscailteacht amach is amach ón gcéad líne. Sin nó cuirfidh sé scéal ar fáil a insítear go hiomlán i stíl dhúthrachtach dháiríre an 19ú haois.

Is féidir le Aira scríobh faoin Airgintín sa lá atá inniu ann nó sa saol atá caite leis an diongbháilteacht chéanna ach, níos tábhachtaí ná sin, cuireann a fhuadar sceitimíní ar a lucht leanúna. B’fhéidir gur foirm mhaith í an nóibhille chun fuadar a chruthú gan an fhreagracht ná an brú a bheith ort a thaispeáint ná a chruthú céard a chaithfeas tarlú sa scéal ina dhiaidh sin.

B’fhéidir gurb í an nóibhille an chuid is fearr den scéalaíocht, scéal i gcéad leathanach nó mar sin gan dul chun leadráin.

Is iomaí bronntanas a thairgeann an Airgintín don scríbhneoir. Ceann amháin acu ná nach bhfuil oiread agus méaróg idir na hAindéis agus an tAigéan Atlantach agus tá naoi dtroithe den chré is fearr ann. Má thagann tintreach, níl foscadh ná dídean ann duit. Sa gcothroime mhór fhairsing sin — pampas na hAirgintíne — béarfaidh sé greim ort gan amhras.

Tá mé idir dhá chomhairle ar chóir dom rá gurb é An Episode in the Life of a Landscape Painter an leabhar is fearr le Aira mar níor léigh mé chuile cheann acu.

Ach is saothar iontach é, mar léiríonn sé go bhfuil smacht aige ar ghuth atá díreach, fíriciúil, sollúnta, cruthaithe chun áitiú ar dhaoine. Éiríonn le haistriúchán Chris Andrews an téagar seo chur in iúl, nuair a theipfeadh ar aistritheoir eile, rud a d’fhágfadh tur an leabhar. Ach tá fuinneamh rithimeach agus fuadar sceitimíneach san aistriúchán.

Cuid den fhuadar a bhaineann le ficsean ná go bhfuil an ficsean in ann seachmall a chruthú agus dallamullóg a chur ar dhaoine. Gné amháin de shárbhua Aira is ea gur féidir leis tosú le guth amháin — in An Episode in the Life of a Landscape Painter is é guth an chroiniceora é — agus tosú ag spraoi leis ansin, nó an léitheoir a chur amú ionas go gcreidfeadh sé sa scéal fiú nuair a thosaíonn an scéal ag athrú.

In An Episode in the Life of a Landscape Painter, tarlaíonn sé sin ar an naoú leathanach le linn don bheirt phéintéirí, a phéinteáil radharcanna tíre an 19ú haois, dul trasna na nAindéis ón tSile go dtí an Airgintín:

‘Ba mhó de cheobhrán éadrom ná báisteach a bhí ann, ag dúnadh isteach ar an tírdhreach i dtonnta séimhe bogthaise ar feadh an tráthnóna ar fad. Thitfeadh na scamaill anuas chomh híseal go mba bheag nár thuirling siad ar an talamh, ach sciobfadh an leoithne ba éadroime gaoithe chun siúil arís iad… agus chruthódh cinn eile ó phasáistí mearbhallacha a raibh an chuma orthu gur thug siad bealach isteach don spéir chuig lár an domhain. I lár na n-athruithe draíochta sin, bronnadh físeanna brionglóideacha ar na healaíontóirí ar feadh tamall gearr, gach ceann acu níos scóipiúla ná an ceann a chuaigh roimhe. Cé gur rianaigh a n-aistear turas fiarlán ar an léarscáil, bhíodar ag dul ar aghaidh chomh díreach le saighead i dtreo na hoscailteachta.’

Tá sé seo cosúil le haimsir a bheadh ag athrú go mall agus go cáiréiseach, dhá ghuth ag coimhlint lena chéile, an cuntas cruinn ar an mbáisteach agus an tagairt don léarscáil i gcoinne na draíochta agus an bhrionglóidigh, ag teacht chun deiridh le ‘saighead i dtreo na hoscailteachta’ amhail is nach í an ‘oscailteacht’ deargnamhaid na bpéintéirí sin.

Agus muidne ag léamh linn, faigheann muid amach céard é a ndeargnamhaid. Ar chúis eicínt, tá scleondar breise ag baint leis mar tá a fhios againn gur gá go dtarlódh chuile rud taobh istigh de nócha leathanach, rud a bhfuil an chuma air gur sár-fhoirm é, is cuma cén lipéad a bhuaileann muid air.

Micheál Ó Conghailei gcomhar le Niklas Finka d’aistrigh go Gaeilge na hailt le Colm Tóibín sa tsraith seo, sraith atá á foilsiú againn i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon. Tá Colm Tóibín ina Laureate i gcomhar Ficsean Éireannach, 2022-2024

Fág freagra ar 'B’fhéidir go mba cheart do lucht scríofa na nóibhillí éirí amach'