Beirt Teachtaí Dála le cúiseamh agus é curtha ina leith gur eagraigh siad dinnéar ‘Golfgate’ i gConamara

Tá Noel Grealish, Teachta Dála Neamhspleách do Ghaillimh Thiar, ar dhuine de bheirt pholaiteoirí a chúiseofar i sárú rialacháin an Covid-19

Beirt Teachtaí Dála le cúiseamh agus é curtha ina leith gur eagraigh siad dinnéar ‘Golfgate’ i gConamara

 Tá Noel Grealish, Teachta Dála Neamhspleách do Ghaillimh Thiar, ar dhuine de bheirt pholaiteoirí a chúiseofar i sárú rialacháin an Covid-19 agus ócáid chonspóideach ghailf an Chlocháin á eagrú acu mí Lúnasa seo caite.

Beidh ar Noel Grealish agus an t-iarTheachta Dála, Donie Cassidy teacht os comhair chúirt dúiche na Gaillimhe agus líomhaintí á gcur ina leith gurbh iad a d’eagraigh ócáid chumann gailf an Oireachtais i gConamara. Ceathrar ar fad atá á gcúiseamh faoin ócáid in Óstán Theach an Stáisiúin sa gClochán. An dinnéar a eagrú an chúis atá á cur in aghaidh na beirte eile. Tá Cumann Gailf an Oireachtais scortha ó shin.

Dheimhnigh urlabhraí de chuid an Gharda Síochána an scéal: “Tá treoir faighte ag An Garda Síochána ón Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí maidir le ceathrar a chúiseamh in ócáid a eagrú a sháraigh rialacháin sláinte ag áitreabh gnó i nGaillimh mí Lúnasa 2020.

“Tá gairm chúirte curtha chuig na Cúirteanna agus táthar ag fanacht le dátaí na gCúirteanna Dúiche i leith gach duine den cheathrar. Ní bheidh aon ráiteas eile faoin scéal ón nGarda Síochána.”

D’fhéadfaí fíneáil suas go €2,500 agus sé mhí príosúin a ghearradh ar dhuine as na rialacháin sláinte a sharú.

An mhí seo caite a críochnaíodh an fiosrúchán coiriúil a rinne an Garda Síochána faoi dhinnéar ghalfairí an Oireachtais, Golfgate mar a tugadh air, agus seoladh comhad faoin gcás go dtí an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí.

Tharraing an ócáid sa gClochán go leor cainte is conspóide agus d’éirigh an tAire Talmhaíochta Dara Calleary agus an Coimisinéir Eorpach Phil Hogan as a bpoist dá bharr.

Moladh don Bhreitheamh sa gCúirt Uachtarach Seamus Woulfe éirí ar a phost chomh maith toisc é a bheith ag an dinnéar ach dhiúltaigh sé sin a dhéanamh.

 

Fág freagra ar 'Beirt Teachtaí Dála le cúiseamh agus é curtha ina leith gur eagraigh siad dinnéar ‘Golfgate’ i gConamara'