Beirt eile básaithe, 54 cás nua de COVID-19 ó dheas agus moltaí faoi shrianta nua ó thuaidh

Tá tuairiscí ann go mbeidh an tAire Sláinte Robin Swann ag moladh go gcuirfí tuilleadh srianta i bhfeidhm ó thuaidh den teorainn le scaipeadh an Covid-19 a cheansú

Beirt eile básaithe, 54 cás nua de COVID-19 ó dheas agus moltaí faoi shrianta nua ó thuaidh

Tá sé fógartha go bhfuil beirt eile básaithe ó dheas de dheasca Covid-19 agus 54 cás nua deimhnithe ag an Roinn Sláinte inniu.

Bhain 19 den 54 cás nua le Baile Átha Cliath, ocht gcinn le Cill Dara agus cúig cinn le Tiobraid Árann. Bhain an chuid eile de na cásanna le 13 contae éagsúla.

Deimhníodh chomh maith tráthnóna gur bhain leath de na cásanna nua le ráigeanna den Covid-19 nó le daoine a raibh gartheagmháil acu le daoine eile a raibh tástáil dhearfach don ghalar faighte acu. Bhain ocht gcinn de na cásanna nua le scaipeadh sa phobal.

Bhí 67% de na daoine a bhí buailte faoi bhun 45 bliain d’aois.

Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Príomhoifigeach Leighis gníomhach na Roinne Sláinte, go gcaithfí cloí leis na srianta nua a thug an Rialtas isteach inné.

“Chun beatha daoine a shábháil agus an víreas seo a chur faoi chois, caithfidh gach duine an líon daoine a mbuaileann siad leo sna trí seachtainí seo romhainn a laghdú. Má dhéanann teaghlaigh, fostóirí agus eagraíochtaí fíor-iarracht, beidh an-tionchar go deo acu ar scaipeadh an víris sa bpobal agus cuideoidh sin lenár dteaghlaigh agus ár bpobal a chosaint ón Covid-19.”

Dúirt Glynn go raibh cead ag daoine “spórt a imirt, dul chuig bialann agus bualadh le do chairde ach iarraimid ort sin a dhéanamh ar bhealach sábháilte”.  Mheabhraigh an Príomhoifigeach Leighis dhá uimhir thábhachtacha do dhaoine “is gá cuimhneamh orthu – 6 agus 15. Ná tabhair níos mó ná seisear go dtí do theach ná do ghairdín, agus taobh amuigh faoin aer, ná tagadh níos mó ná 15 duine le chéile agus ansin féin, bígí cinnte go bhfanann sibh amach dhá mhéadar óna chéile,” an chomhairle a bhí aige.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt go raibh 34 cás nua den Covid-19 deimhnithe tráthnóna.

Tá tuairiscí ann go mbeidh an tAire Sláinte Robin Swann, ag moladh go gcuirfí tuilleadh srianta i bhfeidhm ó thuaidh den teorainn le scaipeadh an Covid-19 a cheansú.   

Beidh cruinniú ag an bhFeidhmeannas ansin amárach agus tuairiscítear go mbeidh an tAire Swann ag cur moltaí maidir le srianta breise faoina mbráid, mar a rinneadh ó dheas inné. An líon daoine a mbeidh cead acu cruinniú le chéile in aon tíos agus cruinnithe laistigh agus lasmuigh a bheidh á bplé.

Tá beagnach 300 cás nua deimhnithe ó thuaidh den teorainn le seachtain anuas.

2,334 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn de bharr na paindéime, 1,775 duine ó dheas den teorainn agus 559 ó thuaidh di.

34,052 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 27,547 cás ó dheas agus 6,505 cás ó thuaidh.

D’fhoilsigh Painéal Saineolaithe ar Ionaid Altranais tuarascáil inniu faoi conas mar a dhéileáil an earnáil sin le géarchéim Covid-19. Ar iarratas ó NPHET a ullmhaíodh an tuarascáil agus na hionaid buailte go dona ag ráigeanna den víreas.

Ceann de na moltaí atá sa tuarascáil go mbeadh cosc ar oibrithe a bheith ag obair i níos mó ná ionad altranais amháin ag an am céanna agus gur “conradh fostaíochta d’aon láthair amháin” a bheadh ag gach fostaí.

Meastar gur chuir an fhoireann oibre a bheith ag dul ó ionad go hionad le scaipeadh an víris.

Tá breis is 80 moladh ar fad sa tuarascáil, cuid acu a mholtar a chur i bhfeidhm láithreach agus cuid eile a dhéanfaí san fhadtéarma. Moltar go gcuirfí tástáil Covid-19 ar gach duine a thiocfadh as ospidéal nó as an bpobal le fanacht in ionad altranais.

D’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh inniu figiúirí a léirigh an tionchar atá ag an gcoróinvíreas ar chúrsaí aerthaistil.

Bhí titim 98% ar  an líon daoine a chuaigh trí aerfoirt na tíre seo sa dara ráithe de 2020.

Sna trí mhí, Aibreán, Bealtaine agus Meitheamh, ní dheachaigh ach 164,400 paisinéir trí chúig aerfort na tíre  seo – Baile Átha Cliath, Corcaigh, Sionainn, Aerfort an Iarthair agus Ciarraí. 72,000 paisinéir a thuirling in Éirinn agus 90,000 duine a d’fhág an tír san aer. Sna trí mhí chéanna anuraidh chuaigh 10.4 milliún paisinéir trí na haerfoirt chéanna. Breis is 6,000 eitilt a tháinig go hÉirinn sna trí mhí sin, breis is 67,500 eitilt níos lú ná a tháinig anseo in 2019.

Cuireadh srianta aerthaistil i bhfeidhm san Earrach in iarracht scaipeadh an choróinvíris a mhaolú.

Fág freagra ar 'Beirt eile básaithe, 54 cás nua de COVID-19 ó dheas agus moltaí faoi shrianta nua ó thuaidh'