Beirt bhuachaillí ciontaithe as dúnmharú Ana Kriégel

Thug an giúiré 14 go leith uair a chloig i mbun machnaimh ar an gcás i gcoinne na mbuachaillí ar tugadh Buachaill A agus Buachaill B orthu toisc iad a bheith chomh hóg

Beirt bhuachaillí ciontaithe as dúnmharú Ana Kriégel

Tá beirt bhuachaillí 14 bliain d’aois ciontaithe as dúnmharú Ana Kriégel i Leamhcán in iarthar Bhaile Átha Cliath mí na Bealtaine 2018.

Chinn an giúiré gur mharaigh an chéad duine acu an cailín óg nuair a rinne sé a ceann agus a muineál a ghortú go dona. Ciontaíodh chomh maith é as ionsaí gnéis foréigneach a dhéanamh uirthi.

Thug an giúiré 14 go leith uair a chloig i mbun machnaimh ar an gcás i gcoinne na mbuachaillí ar tugadh Buachaill A agus Buachaill B orthu toisc iad a bheith chomh hóg.

Fuarthas gur mheall an dara buachaill an cailín óna teach agus fios aige céard a bhí i ndán di. D’fhéach sé ar an gcailín á hionsaí agus cheil sé eolas ina dhiaidh sin.faoin dúnmharú a tharla i dteach feirme tréigthe i Leamhcán ar an 14 Bealtaine 2018.

13 bliain a bhí na buachaillí ag an am. Phléadáil an bheirt acu neamhchiontach.

Tá an bheirt á gcoinneáil faoi choimeád i dTeach Bhaile an Oibricigh go dtí an 15 Iúil, fad is atá tuairiscí promhaidh á n-ullmhú faoi réir Acht na Leanaí 2001.

Tuairiscítear go raibh cuma shuaite ar Bhuachaill A agus a cheann cromtha ag Buachaill B nuair a fógraíodh an bhreith.

Fág freagra ar 'Beirt bhuachaillí ciontaithe as dúnmharú Ana Kriégel'

  • Seán Mag Leannáin

    Pornagrafaíocht, gnéasú páistí, scaoilteacht i gcúrsaí collaíochta agus mímhoráltacht (nó easpa moráltachta) an lae inniu: bhí baint ag na fachtóirí seo ar fad leis an gcás úafásach seo. Ba léir ón bhfianaise nár thuig na buachaillí sin an difríocht idir ceart agus mícheart, idir mhaith agus olc, idir an fhírinne agus bréaga.

  • Joey

    Níor chóir an milleán a chur ar an pornagrafaíocht, a Sheáin. Bíonn go leor daoine ag féachaint ar an pornagrafaíocht ach nílid ag dúnmharú in aon chor.
    Níl aon rabharta coiriúlachta againn le blianta beaga anuas, tá an mhalairt i gceist i ndáiríre. Tá an ráta coiriúlachta ag laghdú bliain ina dhiaidh bliain. Is minic a bhíonn scéal chailleach an uafáis le feiceáil ar an teilifís, agus ar an raidió, ach nílid ag rá an fírinne.