Beirt bhan mhisniúla á gcomóradh –Mary Ann McCracken agus Winifred Carney

Réabhlóidithe ab ea an bheirt bhan seo d’fhág a lorg ar an saol cé gur beag aird a bhí orthu go poiblí go dtí gur thug staraithe feimineacha faoina saothar a scrúdú

Beirt bhan mhisniúla á gcomóradh –Mary Ann McCracken agus Winifred Carney

Tá séadchomharthaí an tseanreachta flúirseach i Halla na Cathrach i mBéal Feirste. Ón lá a tógadh an foirgneamh galánta ba iad maithe agus móruaisle na ríochta agus na haontachta a comóradh le dealbha agus portráidí. Tá an áit breac leo. D’athraigh cóimheá na cumhachta sa Chomhairle tamall ó shin ach níorbh amhlaidh do na siombailí.

De hAoine seo caite, lá idirnáisiúnta na mban, rinneadh athrú suntasach. As seo amach beidh beirt bhan mhisniúla de bhunadh na cathrach ag breathnú amach ón bhfaiche, Mary Ann McCracken (1770-1866) agus Winifred Carney (1887-1943).

Nochtadh dealbha na beirte ag searmanas speisialta chun an obair stairiúil a rinneadar san ochtú/naoú haois déag agus sa chéad seo caite, fá seach, a cheiliúradh. Réabhlóidithe ab ea an bheirt a d’fhág a lorg ar an saol cé gur beag aird a bhí orthu go poiblí go dtí gur thug staraithe feimineacha faoina saothar a scrúdú agus aitheantas a bhaint amach dóibh.

Ar feadh i bhfad is mar dheirfiúr Henry Joy McCracken a rinneadh tagairt do Mary Ann, í faoi scáth an Éireannaigh Aontaithe a crochadh in 1798.Thacaigh sí leis agus le haidhmeanna na nÉireannach Aontaithe ach b’iomaí ruaim ar a slat. Ní áibhéil é a rá go ndearna sí éacht agus ar feadh achar níos faide ná a deartháir, mhair sí 68 bliain ina dhiaidh agus í gníomhach go dtí an deireadh.

Feachtasóir in aghaidh na sclábhaíochta ar feadh a saoil, bhíodh sí fós le feiceáil ag na duganna is í os cionn ceithre scór ag scaipeadh bileoga i measc na n-imirceach ag tarraingt a n-aird ar uafás na sclábhaíochta i Meiriceá.

Preispitéirigh mheánaicmeacha ab ea a muintir. Bhí baint ag an dá chraobh, muintir Joy agus muintir McCracken, le bunú theach na mbocht an Belfast Charitable Society agus bhí Mary Ann an-tógtha le scéimeanna chun bochtáin a bheathú, oiliúint a chur ar a bpáistí agus printíseachtaí a fháil dóibh. Bhí sí gafa freisin le sláinte agus leas na mban, suim ar leith aici i gcearta ban.

Nuair a bhí comóradh an chéid ar éirí amach 1916 ar siúl ba mhinic a cluineadh tagairtí do Winnie (Winifred) Carney mar an bhean a raibh clóscríobhán agus gunna aici in Ardoifig an Phoist. Tá a scéal níos ilghnéithí ná sin. Rugadh í i mBeannchor i gcontae an Dúin, duine de sheisear clainne.

Nuair a scar a tuismitheoirí bhí cónaí uirthi i mBéal Feirste agus cháiligh sí mar rúnaí. Ball de Chonradh na Gaeilge, sóisialach agus gníomhaí ar son cearta vótála do mhná, chuaigh sí ag obair le ceardchumann na n-oibrithe teicstíle, brainse den TGWU a bhunaigh Séamus Ó Confhaola; bhí sí i gCumann na mBan freisin.

Ar iarratas Connolly chuaigh sí go Baile Átha Cliath roimh an éirí amach agus ba í an chéad bhean í in Oifig an Phoist mar bhall d’Arm Cathartha na hÉireann agus mar aide- de-camp don gConfhaolach. Chaith sí seal i bpríosún i Sasana ina dhiaidh.

D’fhill sí ar Bhéal Feirste í, ag obair don gceardchumann agus ina rúnaí ar chiste do dhaoine a raibh a muintir i bpríosún. Nuair a bunaíodh Tuaisceart Éireann ba mhinic a cuardaíodh a teach. Bhí díomá uirthi faoi choimeádachas an tSaorstáit, d’éirigh sí níos gníomhaí i bpolaitíocht shóisialach agus lucht oibre.

Phós sí George McBride, sóisialach agus oráisteach as Bóthar na Seanchille, cé nár aontaigh sé le náisiúnachas agus poblachtánachas a mhná. Mhair siad le chéile go bhfuair Winnie bás in 1943 in aois a 55 .Tá inscríbhinn Ghaeilge ar a dealbh agus leabhrán Gaeilge faoin mbeirt ar fáil.

Ní raibh dealbh ag bean neamhríoga ariamh cheana ag Halla na Cathrach. Tús maith is ea e seo agus rogha an-mhaith iad Mary Ann McCracken agus Winifred Carney. Ní athrú saoil go dtí é. Tá tuilleadh athruithe riachtanach.

Fág freagra ar 'Beirt bhan mhisniúla á gcomóradh –Mary Ann McCracken agus Winifred Carney'