‘Beidh TG4 fós ar fáil ó thuaidh den teorainn i ndiaidh an Bhreatimeachta’ – gealltanas ó Rialtas na Breataine

I gcáipéisí nua faoin mBreatimeacht a foilsíodh inniu tugann Rialtas Theresa May gealltanas i dtaobh chraoladh TG4 agus RTÉ ó thuaidh

‘Beidh TG4 fós ar fáil ó thuaidh den teorainn i ndiaidh an Bhreatimeachta’ – gealltanas ó Rialtas na Breataine

Tá geallta ag Rialtas na Breataine go mbeidh fáil i gcónaí ar TG4 ó thuaidh den teorainn is cuma cén cineál margaidh a dhéanfar i dtaobh an Bhreatimeacha.

Is i gcáipéisí nua faoin mBreatimeacht a foilsíodh inniu a thugann Rialtas Theresa May gealltanas i dtaobh chraoladh TG4 agus RTÉ ó thuaidh.

“Is cuma céard a tharlóidh [faoin mBreatimeacht, tá an Ríocht Aontaithe tiomanta de go gcinnteofar go mbeadh teacht gan ceadúnas ar leith ar TG4, ar RTÉ1 agus RTÉ2 mar atá sonraithe sna gealltanais i gComhaontú Aoine an Chéasta agus chun tógáil orthu,” a deirtear sna cáipéisí a d’fhoilsigh Rialtas na Breataine inniu.

Baineann na cáipéisí sin lena dtarlódh sa chás go mbeadh Breatimeacht-gan-comhréiteach ann. Deirtear sna cáipéisí céanna go bhfuil Rialtas na Breataine tiomanta do choinneáil an Chomhlimistéir Taistil i ndiaidh an Bhreatimeachta.

Faoin gCoinbhinsiún Eorpach um Theilifís Trasteorann, bheadh dualgas fós ar Rialtas na Breataine a chinntiú go mbeadh TG4, RTÉ1 agus RTÉ 2 ar fáil sa tuaisceart. Tá an scéal amhlaidh mar go n-áireofaí léirithe teilifíse mar léirithe Eorpacha fiú i ndiaidh an Bhreatimeachta.

Fág freagra ar '‘Beidh TG4 fós ar fáil ó thuaidh den teorainn i ndiaidh an Bhreatimeachta’ – gealltanas ó Rialtas na Breataine'