Tá colscaradh á fháil ag cara de mo chuid agus a bhean chéile – achrann eipiciúil a sháródh aon cheo a d’fheicfeá i ndráma teilifíse, ach ní hé sin is ábhar don cholún seo.
Is é an chaoi go bhfuil an bheirt acu, ní hea, an bheirt acu agus dlíodóir na mná lena chois, ag baint úsáid as ChatGPT ina gcuid iarrachtaí an duine eile a scriosadh.
Fuair mé sin amach ar an bpointe boise nuair a d’iarr mo chara orm súil scríbhneora a chaitheamh ar an bhfreagra scríofa a chaithfidh sé a chur ar fáil ar iarratas colscartha na mná.
Bhí cleachtadh agam cheana féin ar an nós atá ag mo chara cabhair ChatGPT a lorg do chuile shórt. Bíonn sé ag siúl siar is aniar agus ag béicíl isteach ina ghuthán, chuile dhrochrud faoin spéir á chur i leith a mhná aige agus chuile ainm faoin spéir á thabhairt aige uirthi lena chois. Déanann ChatGPT téacsanna múinte, neamhphearsanta as na rachtanna sin, doiciméid a sheasfadh sa chúirt – ar an gcéad radharc.
Ar an gcéad radharc. Mar a deirim, bhí taithí agam cheana féin ar nós mo chara ChatGPT a úsáid le haghaidh chuile shórt (‘Hé ChatGPT, cén t-achar a chaithfidh mé ubh a bhruith?’)
Ach tháinig mearbhall agus go deimhin déistin orm nuair a chonaic mé iarratas colscartha na mná, doiciméad fada a bhí orm a léamh ionas go bhféadfainn ‘súil scríbhneora’ a chaitheamh ar an bhfreagra a bhí á chur i dtoll a chéile ag mo chara.
Ba léir ar an bpointe boise go raibh dlíodóir na mná tar éis úsáid a bhaint as ChatGPT chun an doiciméad sin a scríobh. Bhí sé breac le focail fhada agus le téarmaíocht theibí – díreach mar a bheifeá ag súil leis, is dócha, i ndoiciméad dlí – ach bhí an chomhréir mínádúrtha nach mór síos tríd agus bhí an téacs breac le botúin ghramadaí agus litrithe, agus, níos tromchúisí fós, le habairtí a bhí débhríoch nó fiú amháin go hiomlán dothuigthe.
Caithfidh sé gur léigh mé líomhain amháin a rinne dlíodóir na mná níos mó ná fiche uair – ní hea, go ndearna mé iarracht í a léamh. Bhí an chomhréir ina cíor thuathail agus bhí focail ar lár; ní fhéadfaí bun ná barr a fháil ar an abairt sin, gan trácht ar adhmad a bhaint aisti. (Seans go mbeadh níos mó céille le ‘scríbhneoireacht’ ChatGPT i mBéarla ach is san Ollainn atá cónaí ar mo chara agus a bhean agus is in Ísiltíris atá a gcás le héisteacht; ní mé cinnte an san aistriúchán a chuaigh an intleacht shaorga amú nó ag pointe éigin roimhe sin, ach i gcás ar bith, láib a bhí sa toradh.)
‘An t-aon fhreagra gur féidir leat a thabhairt ar an líomhain sin ná seo,’ a dúirt mé le mo chara. ‘Tá an téacs seo míchruinn ó thaobh na gramadaí de agus débhríoch dá bharr. Iarrtar orm freagra a thabhairt ar líomhain nach féidir ciall a bhaint aisti, rud nach mbeadh inmholta agus a d’fhéadfadh a bheith contúirteach. Beidh mé breá sásta freagra a thabhairt nuair a bheidh leagan intuigthe den téacs thuas ar fáil.’
Bhí masmas orm. Ní hamháin gur baineadh úsáid as intleacht shaorga chun téacs a d’fhéadfadh a bheith cinniúnach a chur i dtoll a chéile, ach níor seiceáladh an toradh lena chois. Níl a fhios agam cén saghas táillí a ghearrann dlíodóirí ar a gcuid cliant sa lá atá inniu ann, agus tá súil agam nach mbeidh gá agam lena leithéidí go brách, ach má bhíonn, an chéad cheist a chuirfidh mé ná: ‘An mbaineann tú úsáid as ChatGPT chun do chuid doiciméad dlí a scríobh? Más ea, fostóidh mé duine éigin eile, go raibh maith agat.’
Fág freagra ar '‘Beidh mé breá sásta freagra a thabhairt nuair a bheidh leagan intuigthe den téacs thuas ar fáil’'