Ba í an Ghaeilge an t-aon teanga ar tháinig méadú ar líon na ndaltaí a thug fúithi i scrúduithe A-Leibhéal sa Tuaisceart i mbliana. Tháinig ardú 2.1% ar líon na ndaltaí a rinne an scrúdú A-Leibhéal don Ghaeilge in 2025.
Titim a bhí i gceist i gcás gach teanga eile sna scrúduithe i mbliana cé gurb í an Spáinnis an teanga is mó a ndearnadh staidéar uirthi le linn na scoilbhliana 2024/2025. Sa dara háit a bhí an Ghaeilge, sa tríú háit a bhí an Fhraincis, agus sa cheathrú háit a bhí an Ghearmáinis.
Bhí titim 4.5% ar líon na ndaoine a thug faoin scrúdú Spáinnise i mbliana, titim 8% ar líon na ndaoine a rinne an Fhraincis, agus titim thubaisteach 33% ar líon na ndaltaí a rinne an scrúdú Gearmáinise.
Léiríonn na staitisticí a d’fhoilsigh an Roinn Oideachais an tseachtain seo go leanann níos mó daltaí den staidéar ar an nGaeilge ná mar a leanann den staidéar ar na teangacha eile freisin. Chuaigh 35% de na daltaí a rinne an Ghaeilge i scrúduithe an GCSE an bhliain seo caite ar aghaidh leis an teanga a fhoghlaim ag leibhéal an AS i mbliana – an chéad bhliain de chóras an A-Leibhéil.
Fuair 10.4% den 288 dalta a rinne an scrúdú Gaeilge A-Leibhéal grád A*, an grád is airde, i mbliana. Bhí an ráta sin níos airde ná an meánráta 9.3% sna hábhair uile a rinneadh i mbliana ach níos ísle ná na teangacha eile. Fuair 24.5% de na daltaí a rinne an Ghearmáinis A*, fuair 13.6% de na daltaí a rinne an Fhraincis an grád is airde, agus fuair 12.4% de na daltaí a rinne an Spáinnis an marc is fearr.
Dúirt Séamus Ó hEochaidh, bainisteoir Polasaí Oideachais Gael Linn, gur léiriú iad torthaí agus staitisticí an lae inniu ar an meon dearfach i leith na Gaeilge atá sa treis sa Tuaisceart i láthair na huaire.
“Ní hamháin go bhfuil múinteoirí na Gaeilge ag cur scoth an teagaisc ar fáil ach tá siad ag spreagadh an chéad ghlúin eile le titim i ngrá leis an teanga dhúchais chomh maith. Molann Gael Linn go mór na hiarrachtaí ríthábhachtacha seo atá á ndéanamh ag múinteoirí Gaeilge le daltaí a mhealladh leis an Ghaeilge a roghnú mar ábhar,” a dúirt Ó hEochaidh.
Mar sin féin, dúirt sé gur gá a bheith “tomhaiste” faoi scéal an lae inniu “ar an ábhar go mbeifeá ag dréim leis an ardú seo nuiar a chuirtear fás na Gaelscolaíochta san áireamh. Tá na forbairtí seo ann, chomh maith, beag beann ar polasaithe nó tacaíocht atá ar fáil don Ghaeilge mar ábhar scoile sa dlínse seo,” a dúirt sé.
Fág freagra ar 'Méadú 2.1% ar líon na ndaltaí a thug faoin nGaeilge i scrúduithe A-Leibhéal i mbliana'