Tá sé molta ag grúpa feachtais rothaíochta go mbeadh áiseanna iompair rothar ar sheirbhís bus amhail bealach an 424 (bus na Gaillimhe) i nGaeltacht Chonamara, bealach an 490 (bus Ghleann Cholm Cille) i nGaeltacht Dhún na nGall, agus bealach an 275 (bus an Daingin) i nGaeltacht Chiarraí.
Chuir Feachtas Rothaíochta na hÉireann (ICC) aighneacht faoi bhráid an Údaráis Náisiúnta Iompair (NTA) maidir leis an staidéar atáthar a dhéanamh ar sholáthar na seirbhísí bus faoi oibleagáid seirbhís phoiblí. San aighneacht sin, moltar go ndéanfaí infheistíocht mhór i “dturais idirmhodúla”, .i.e. turais a dhéantar ar níos mó ná modh iompair amháin.
Maítear san aighneacht gur féidir le turais idirmhodúla cur go mór le líon na gceann scríbe is féidir a bhaint amach tríd an gcóras iompair poiblí agus gur cheart spás a chur ar fáil do rothair sna busanna agus ar ráillí taobh amuigh díobh.
“Ba é ab fhearr linn ná go mbeadh áiteanna ar an mbus a mbeadh suíocháin fillte iontu do rothair agus go bhféadfaí rothair a rolladh ar an mbus agus ón mbus gan dua mar a dhéanfaí le cathaoir rothaí. D’fhéadfaí na háiteanna sin a úsáid do chathaoireacha rothaí freisin, ar ndóigh.
“D’fhéadfaí spás a chruthú i gcófra an bhus do rothair, nó d’fhéadfaí ráillí rothar a fheistiú taobh amuigh den bhus (agus leantóirí rothar ar bhealaí bus atá gar do ghlasbhealaí – go háirithe le linn séasúr na turasóireachta,” a deirtear san aighneacht.
Tagraítear ann don tseirbhís bus Flixbus atá ar fáil ar fud na hEorpa agus a mbíonn ráillí ar a gcúl i gcaitheamh an tsamhraidh. Moltar san aighneacht freisin gur cheart áiseanna páirceála rothar a chur ar fáil ag gach stop bus faoin tuath.
“Amuigh faoin tuath go háirithe, níl cónaí ar go leor de mhuintir na hÉireann faoi fhad siúil de stopanna/stáisiúin bus – ach tá cónaí orthu faoi fhad rothaíochta díobh. Mar sin, le líon na dturas carr a laghdú is gá pleanáil le turais idirmhodúil rothar-bus a éascú le háiseanna dea-dheartha páirceála do rothair ag stopanna/stáisiúin,” a deirtear.
Ba mhaith le ICC go gcrochfaí bileoga eolais ag stopanna agus stáisiúin bus a mhíneodh do phaisinéirí cén chaoi ar cheart rothair a iompar ar na busanna agus go mbeadh córas “soiléir” ticéadaithe ann do rothair – saor in aisce, mar atá ar sheirbhísí Iarnród Éireann. Moltar go gcuirfí oiliúint ar thiománaithe agus baill eile foirne na seirbhísí busanna faoi iompar rothar agus go gcuirfí fáilte roimh rothaithe ar sheirbhísí bus na tíre.
“Tá sé ríthábhachtach go mbeidh sé éasca rothar a thabhairt ar mhodhanna éagsúla iompair poiblí le go mbeadh córas ilmhodúil iompair poiblí ann atá ar bheagán carbóin. Tá sé ríthábhachtach níos mó daoine a chur ag rothaíocht, ní hamháin mar gheall go bhfuil sé go maith don chomhshaol, agus tá sé sláintiúil freisin agus go maith d’earnáil na turasóireachta.
“Tá sé seo níos tábhachtaí fós amuigh faoin tuath in Éirinn agus in áiteanna iargúlta nach bhfuil an éagsúlacht áiseanna iontu atá i gcathracha,” a dúradh.
I measc na moltaí eile a rinne ICC don NTA bhí feabhsú ar an soláthar WiFi ar bhusanna, obair chothabhála níos rialta ar phoirt USB, agus cead a thabhairt do dhaoine madraí beaga a thabhairt leo ar bord busanna.
Fág freagra ar 'Molta go mbeadh spás do rothair ar an 424 i gConamara agus busanna eile tuaithe'