Tá sé fógartha go bhfuil síneadh bliana á chur le Scéim na gCúntóirí Teanga don scoilbhliain 2025/26 agus go bhfuil ardú pá de 10% á thabhairt do na cúntóirí teanga, mar chuid de phacáiste ar fiú €1.96m é don bhliain.
Beidh ráta pá na gcúntóirí teanga ag ardú ó €23.20 go €25.52 in aghaidh na huaire, ó thus na scoilbhliana nua.
Is cainteoirí líofa Gaeilge iad na cúntóirí teanga agus cuirtear ar fáil do scoileanna Gaeltachta iad le tacú le páistí an Ghaeilge a shealbhú agus a neartú.
Tá an scéim ag feidhmiú i 102 bunscoil, 29 iarbhunscoil agus scoil speisialta amháin ar fud na Gaeltachta agus in 11 bunscoil agus 5 iarbhunscoil atá lonnaithe i mBailte Seirbhíse Gaeltachta nó i Líonraí Gaeilge a bhfuil pleananna teanga i bhfeidhm iontu.
Tá sé i gceist anois an scéim a leathnú amach go dhá Bhaile Seirbhíse Gaeltachta eile i gCathair Chorcaí agus i mBaile Dhún na nGall agus beidh 13 scoil úr ag teacht faoi scéim mar gheall ar na hathruithe seo.
Dúirt an tAire Forbartha Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary, go dtréaslaíonn sé le lucht bainistíochta na scéime agus na cúntóirí uilig as an obair “den scoth” atá ar siúl acu chun deiseanna a chur ar fáil don aos óg “an Ghaeilge a shealbhú agus a shaibhriú”.
“Tá an tacaíocht a thugann na cúntóirí teanga atá fostaithe faoin scéim seo ag cuidiú go mór le hobair na scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge, ag spreagadh na chéad ghlúine eile agus ag cinntiú go rachaidh an Ghaeilge chun cinn,” a dúirt sé.
Dúirt sé go dtabharfaidh an síneadh bliana seo deis dá Roinn féin “labhairt le páirtithe leasmhara” chun níos mó forbairtí a dhéanamh ar an scéim sna blianta amach romhainn.
Bunaíodh an scéim i 1992 agus is iad Muintearas i réigiún an iarthair, Oidhreacht Chorca Dhuibhne i réigiún an deiscirt, agus Glór na nGael i mbailte seirbhíse Gaeilge agus líonraí Gaeilge a dhéanann bainistiú ar an scéim, thar ceann na roinne.
161 scoil ar fad a bheidh ag baint leas as an scéim anois.
Fág freagra ar 'Ardú pá i ndán do chúntóirí teanga don chéad scoilbhliain eile'