Cinneadh déanta ag Mairéad McGuinness gan seasamh i dtoghchán na huachtaránachta de bharr cúrsaí sláinte

Bhí McGuinness ainmnithe le seasamh ag Fine Gael ach d’fhógair sí tráthnóna go bhfuil cinneadh déanta aici gan seasamh

Cinneadh déanta ag Mairéad McGuinness gan seasamh i dtoghchán na huachtaránachta de bharr cúrsaí sláinte

Tá sé fógartha ag Mairéad McGuinness, iarrthóir Fhine Gael do thoghchán na huachtaránachta níos deireanaí i mbliana, nach bhfuil sí anois chun seasamh don toghchán.

Cúrsaí sláinte is cúis lena cinneadh seasamh siar, a deir McGuinness.

I ráiteas a d’eisigh sí tráthnóna, dúirt McGuinness go raibh sí san ospidéal ar feadh roinnt laethanta an tseachtain seo caite agus go raibh sí anois ag iarraidh díriú ar a sláinte.

“Tá cinneadh an-deacair déanta agam gan m’ainm a fhágáil mar iarrthóir Fhine Gael do thoghchán na hUachtaránachta,” a dúirt McGuinness.

“Ní go héasca a rinneadh an cinneadh seo agus tagann sé i ndiaidh dom a bheith san ospidéal an tseachtain seo caite.”

“Mo shláinte is mó atá mar chúram orm anois. Ó tharla go mbeidh an toghchán ann i gceann cúpla mí, ní dóigh liom go bhfuil sé de neart ionam mo dhícheall a dhéanamh sa bhfeachtas.”

“Ar chomhairle lucht leighis atá an cinneadh seo á dhéanamh agam agus dá dheacra é mar chinneadh is é is ceart domsa agus mo theaghlach.”

Bhí McGuinness, a bhí ina Coimisinéir Eorpach, ainmnithe ag Fine Gael ón mhí seo caite chun seasamh do thoghchán na uachtaránachta.

Dúirt McGuinness gur labhair sí leis an Tánaiste Simon Harris, ceannaire Fhine Gael, agus gur ghabh sí buíochas leis as a chuid tacaíochta agus a thuisceana.

“Ní raibh aon súil ag aon duine againn leis seo,” a dúirt Harris i ráiteas. “Is ball dílis do mhuintir Fhine Gael í Mairéad. Tá sé an-riachtanach go deo go dtabharfaidh sí tús áite dá sláinte anois agus tá a fhios agam go bhfuil chuile dhuine ar aon fhocal liom agus mé ag guí gach rath uirthi ar an aistear sin.”

Dúirt Harris go mbeadh cruinniú ag Ard-Chomhairle Fhine Gael sna laethanta amach romhainn chun toghchán na huachtaránachta a phlé ach go raibh sé ag iarraidh inniu a mbeannachtaí a chur chuig McGuinness agus a clann.

Is í an Teachta Dála Neamhspleách Catherine Connolly an t-aon iarrthóir go dtí seo a bhfuil dóthain tacaíochta faighte aici chun seasamh sa toghchán.

D’fhógair an fear gnó Gareth Sheridan le cúpla lá anuas go bhfuil sé i gceist aige ainmniúcháin a fháil ó údaráis áitiúla.

Léirigh an Feisire Eorpach Seán Kelly suim seasamh sa toghchán ar son Fhine Gael sular ainmníodh McGuinness mar iarrthóir an pháirtí.

Fág freagra ar 'Cinneadh déanta ag Mairéad McGuinness gan seasamh i dtoghchán na huachtaránachta de bharr cúrsaí sláinte'

  • Niall

    Anois má chaileann Connolly, b’fhearra dhúinn ár gcaipíní chaitheamh le lucht vótála na hEireann.