Tá seanstáisiún loingseoireachta agus an talamh thart timpeall air i gCorca Dhuibhne le cur ar díol ag Oifig na nOibreacha Poiblí sna míonna amach romhainn. Tá an stáisiún Decca, córas loingseoireachta a bhí bunaithe ar thonnta raidió, i mBaile na nGall as feidhm le blianta fada ach fós ina sheasamh ansin.
Dheimhnigh Oifig na nOibreacha Poiblí do Tuairisc go bhfuil sé i gceist ag an oifig an foirgneamh a bhfuil an tarchuradóir ann agus an talamh a chur ar díol nuair a dheimhneofar “nach féidir leis an Stát aon fheidhm eile a bhaint as”.
“Aistríodh an stáisiún Decca agus an suíomh ó Bhord Iascaigh Mhara go Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in 2008. Níl aon taifead ag Oifig na nOibreacha Poiblí maidir le tógáil an stáisiúin ná maidir leis an bhfad a bhí sé in úsáid. Tabharfaidh ceantálaí eolas maidir le bunphraghas molta nuair a chuirfear an suíomh ar díol,” a dúirt urlabhraí de chuid Oifigeach na nOibreacha Poiblí le Tuairisc.
Bhí an stáisiún Decca i mBaile na nGall i measc na n-áitreabh ar liosta a cuireadh ar fáil don Teachta Dála Pa Daly níos luaithe i mbliana nuair a d’iarr sé ar an Roinn Caiteachais Phoiblí liosta de na háitribh fholmha atá i seilbh an stáit ar fud na tíre a bhfuil sé i gceist iad a dhíol.
Thug an tAire Stáit Kevin ‘Boxer’ Moran le fios ina fhreagra ar an gceist go bhfuil 73 áitreabh folamh i seilbh an OPW faoi láthair – 52 foirgneamh agus 21 suíomh. Dúirt sé go bhfuil dualgas ar an OPW polasaithe an rialtais a leanacht maidir le fáil réidh le háitribh nach bhfuil feidhm ag an oifig leo níos mó, ach nach ndéantar sin go dtí go bhfuiltear cinnte nach féidir aon úsáid a bhaint astu.
“Is é polasaí an OPW le haghaidh bainistiú áitribh bhreise fholmha ná, ar an gcéad dul síos, a dheimhniú an bhfuil an t-áitreabh ag teastáil le haghaidh úsáid eile Stáit…nó chun leas an phobail mhóir,” a dúirt an tAire Stáit Moran.
Dúirt sé go gcuirtear na háitribh “ar an margadh oscailte” nuair a chinntear nach féidir leis an stát aon earraíocht eile a bhaint astu “ag brath ar chúinsí reatha an mhargaidh”.
Baineann an stáisiún Decca i mBaile na nGall le ‘slabhra’ Decca a bhí in úsáid in Éirinn mar chuid de líonra níos mó sa Bhreatain. Bhí cúig stáisiún in Éirinn nuair a bhí an córas in úsáid: an Clochán Liath (Dún na nGall), Gaillimh, Eochaill (Corcaigh), Cluain Rothla (Ard Mhacha), agus Baile na nGall (Ciarraí). Bhí 24 stáisiún ar fud na hÉireann, na Breataine, agus Oileáin Mhuir nIocht.
Forbraíodh an córas loingseoireachta sa Bhreatain le linn an Dara Cogadh Domhanda agus bhí sé an-tábhachtach san ionsaí a rinne fórsaí na Comhghuaillíochta ar an Normainn ar D-Day. Tar éis an chogaidh, scaoileadh an córas amach go poiblí agus bhí sé in úsáid ag mairnéalaigh ar fud an domhain roimh theacht an chórais GPS in 2000.
Cuireadh deireadh leis an tseirbhís Decca sa Bhreatain ar an 31 Márta 2000 agus cuireadh deireadh leis an tseirbhís in Éirinn ar an 19 Bealtaine 2000. Ba í an tSeapáin an tír dheireanach a d’éirigh as úsáid an chórais Decca, i mí Mhárta na bliana 2001.
Sa cháipéis a chuir an Roinn Caiteachais Phoiblí ar fáil don Teachta Dála Pa Daly, tá an stáisiún Decca i mBaile na nGall san áireamh le háitribh a bhain leis an nGarda Cósta agus tugtar le fios go raibh sé “in úsáid” go dtí 2023 – ní deirtear cén úsáid a bhaintí as idir 2000 agus 2023.
Fág freagra ar 'Seanstáisiún loingseoireachta i gCorca Dhuibhne le cur ar díol'