Ó DHÚCHAS: Beidh fuisce agam gan chuntas is fíon do dhaoine fiúntacha

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo file mór Chonamara atá againn…

Ó DHÚCHAS: Beidh fuisce agam gan chuntas is fíon do dhaoine fiúntacha

Níl file ar bith san tír seo ach bhí duine amháin aon fadó agus sé an t-ainm a bhí air ná Colm De Bhailís. Bhí sé in ann filíocht a dhéanamh ó rugadh é agus bhí a mhuintir roimhe go maith freisin. Bhí sé ina chónaí i mBaile na Cille agus tá ballaí an tí a bhí aige le feiceáil ann fós. Bhí sé pósta agus is Siubhán a bhí ar a bhean.

Ag siúinéaracht is mó a bhíodh sé agus ní raibh mórán talún aige. Bhí sé an-bhocht agus rinne sé amhrán mar gheall ar é a bheith bocht. Tugtar ‘An Gréasaí’ mar ainm air mar sin é an t-ainm a thug sé ar an mbochtanas. Rinne sé amhrán breá dhó agus bhí sé le haghaidh an bochtanas a dhíbirt agus le siopa a chur ina áit. Nuair a rinne sé an t-amhrán dúirt sé ach a dtiocfadh ráithe an fhómhair nuair a bheadh chuile shórt saor agus go leor airgid aige go ndíbreodh sé an bochtanas agus go gceannódh sé úllaí, builíní agus líon agus nach mbeadh an bochtanas aige níos mó.

Rinne sé go leor amhráin dheasa agus seo cuid acu: An Gréasaí; Amhrán a’ Tae; Cúirt an tSrutháin Bhuí; Brídín; An Fear Cam. Bíonn an chuid is mó de na hamhráin sin le cloisteáil ins gach teach faoi láthair ag ceol mar bíonn an-mheas ag muintir na tíre air.

Rugadh é i mBaile na Cille agus bhí sé an-bhocht i ndeireadh a shaoil. Ní dhearna sé aon amhrán ariamh ag cáineadh mhuintir na tíre seo agus bhíodh sé dá moladh i gcónaí. Bhí teach deas aige agus é suite in áit an-deas in aice na farraige. Tugadh go Baile Átha Cliath é mar gheall ar chomh maith is a bhí sé ina fhile agus bhí sé tuairim is céad agus deich mbliana d’aois. Bhí sé ina chónaí tamall maith taobh amuigh de Leitir Calaidh agus bhí teach an-bheag aige agus bhíodh chuile dhuine ag caint air agus thug sé ‘Cúirt an tSrutháin Bhuí’ mar ainm air mar bhí sé suite in aice leis an Sruthán Buí. Tháinig sé go Baile na Cille ansin agus rinne sé teach ann.
Bhí sé thiar i gCill Chiaráin lá agus bhí sé ag gearradh adhmaid in áit darb ainm Aill na Brón. Ní bhfuair sé aon bhéilí ann agus dúirt sé na focla seo:

“Aill na Brón,

Aill na rón
Aill gann gortach.

An lá a ghabhfas tú ann tabhair leat arán

Nó beidh tú an lá sin ocrach.”

An Gréasaí

Is suarach an tslí dhomsa, do bhuachaillín óg fiúntach,
Ag dul faoi mhórán cúram is an bhliain ag teacht ródhaor,
Gréasaí a bheith in mo sheomra nach gcuirfeadh mo chumhacht ar siúl é,
Is olc an cúnamh dhomsa é is níor íoc sé fós mo chíos,
Fuair mé beagán cuntais as Albain is as Londain
Gur i mBaile Átha Cliath gan chontúirt atá an Pharlaimint le suí,
Beidh páigh mhaith ar dtús againn agus beatha gan aon chuntas,
Proctóirí ag dul ar gcúl agus deachú gan aon phingin.

An mhuintir a cheap dhomsa gréasaí a bheith in mo sheomra,
Rinne mise a gcomhairle is níor íoc sin fós mo chíos,
Maidin is tráthnóna fearg agus gruamacht,
Ar Shiubhán is í go buartha is gan fios ar bith cé faoi,
Nuair a thiocfas ráithe an fhómhair díbreoidh mé ar siúl é,
Ceannóidh mé roinnt úllaí, builíní agus lionn,
Beidh fuisce agam gan chuntas, fíon do dhaoine fiúntach,
Spás go haimsir chnúdáin is íocfar chuile phingin.

Ach a bhfaighidh mé isteach an méid sin, ceannóidh Siubhán éadach,
Lásaí, síodaí, céimbric [cáimric], muislíní a bheas daor,
Bróga den ór Gréagach, fallaing mar an gcéanna
A mbeidh ribíní go féar ina gcnotaí léi síos,
Piléirín a bheas déanta a mbeidh cosúlacht gach éin ann,
Pictiúr Rí na Gréige is a arm ar gach taobh,
Beidh móruaisle na hÉireann ar cuireadh aici is ar féasta,
Sin de bharr mo ghréasaí is nach fearr ná cíos an tí.

– Maighréad Nic Dhonnchada a bhí ar scoil i Leitir Mealláin i 1938 a fuair an t-eolas seo ó Phádhraic Ó Conghaile (58), Leitir Mealláin agus 30 bliain roimhe sin a fuair seisean é óna mháthair Nóra Nic Dhonnchadha.

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Beidh fuisce agam gan chuntas is fíon do dhaoine fiúntacha'

  • Seosamh Ó Cuaig

    Dúradh go minic gur in Inis Meáin a bhí Colm. Dúirt file eile an rud céanna faoi Bhealach an Doirín.
    Sea agus tá leagan dá leitheid le fáil faoi dhá bhaile sa mBriotáin.
    Is cinnte nach in Aill na Brún a bhí sé agus ní dream gortach iad muintir Inis Meáin ach an oiread.