Beartas Príobháideachais

Cé muid féin?

Seoladh Gréasáin: https://tuairisc.ie.

Na sonraí pearsanta a bhailímid agus an chúis

Tráchtanna

Ach a bhfágann cuairteoirí tráchtanna ar an suíomh bailímid na sonraí a bhíonn le feiceáil ar an bhfoirm, seoladh IP an chuairteora chomh maith le teaghrán gníomhaí úsáideoir an bhrabhsálaí chun cuidiú linn turscar a aimsiú.

D’fhéadfaí teaghrán anaithnidithe a chruthú ó do sheoladh ríomhphoist (ar a dtugtar hais) don tseirbhís Gravatar chun a fháil amach an bhfuil sé in úsáid agat. Is féidir polasaí príobháideachais na seirbhíse Gravatar a scrúdú anseo: https://automattic.com/privacy/. Nuair a cheadaítear do thrácht, bíonn do phictiúr próifíle le feiceáil ag an bpobal le do thrácht.

Meáin

Má bhíonn íomhánna á n-uaslódáil agat ar an láithreán gréasáin, ná huaslódáil pictiúir ina bhfuil sonraí suímh leabaithe (EXIF GPS). Is féidir le cuairteoirí chuig an láithreán aon sonraí suímh a íoslódáil agus a bhaint amach as na híomhánna ar an láithreán gréasáin.

Foirmeacha Teagmhála

Fianáin

Má fhágann tú trácht ar an láithreán, féadfaidh tú a liostáil gur féidir d’ainm, do sheoladh ríomhphoist agus do láithreán gréasáin a shábháil i bhfianáin. Mar éascaíocht duitse é seo ionas nach mbeidh ort na sonraí sin a líonadh isteach arís más uait trácht eile a fhágáil. Bliain amháin a sheasfaidh na fianáin seo.

Má thugann tú cuairt ar ár leathanach logáil isteach, socróimid fianán sealadach lena fháil amach an nglacann do bhrabhsálaí le fianáin. Ní bhíonn aon sonraí pearsanta sa bhfianán sin agus faightear réidh leis chomh luath agus a dhúnann tusa do bhrabhsálaí.

Nuair a logálann tú isteach, cumróimid roinnt fianán chun d’eolas logáil isteach agus do roghanna taispeána scáileáin a shábháil. Dhá lá a sheasfaidh na fianáin logáil isteach agus bliain amháin a sheasfaidh fianáin na roghanna scáileáin. Má roghnaíonn tú “Cuimhnigh Orm” (Remember Me) seasfaidh do logáil isteach ar feadh coicíse. Má logálann tú amach as do chuntas, glanfar na fianáin logáil isteach.

Má dhéanann tú eagarthóireacht ar alt nó má fhoilsíonn tú alt, sábhálfar fianán breise i do bhrabhsálaí. Ní bhíonn aon sonraí pearsanta sa bhfianán seo agus níl ann ach aitheantas postála an ailt a ndearna tú eagarthóireacht air. Lá amháin a sheasfaidh an fianán sin.

Ábhar Leabaithe ó Láithreáin Ghréasáin Eile

D’fhéadfadh ábhar leabaithe (e.g. físeáin, íomhánna, ailt, etc.) a bheith in ailt ar an suíomh seo. Is ionann a oibríonn ábhar leabaithe ó láithreáin eile agus dá mba ar an láithreán eile sin a bheadh an cuairteoir.

D’fhéadfadh na láithreáin ghréasáin sin sonraí a bhailiú fút, fianáin a úsáid, rianú tríú páirtí breise a leabú agus monatóireacht a dhéanamh ar do chuid idirghníomhaíochta leis an ábhar leabaithe sin má bhíonn cuntas agat agus tú logáilte isteach ar an láithreán gréasáin sin.

Anailísíocht

Cé leis a roinnimid do chuid sonraí?

Má éilíonn tú pasfhocal a athshocrú, beidh do sheoladh IP san áireamh sa ríomhphost athshocraithe.

Cé chomh fada a choinnímid do chuid sonraí?

Má fhágann tú trácht, coinneofar an trácht agus na meiteashonraí go deo. Déantar sin ionas gur féidir linn aon tráchtanna eile uait a aithint go huathoibrithe in áit a bheith á gcoinneáil i scuaine modhnóireachta.

Aon úsáideoir a chláraíonn ar ár láithreán gréasáin (sa chás go dtarlaíonn sin), stórálaimid an t-eolas pearsanta a chuirtear ar fáil sa phróifíl úsáideora. Is féidir le gach úsáideoir a n-eolas pearsanta a fheiceáil, a leasú nó a ghlanadh aon uair (ach ní féidir leo a n-ainm úsáideora a athrú). Is féidir le riarthóirí gréasáin an t-eolas sin a fheiceáil agus a leasú chomh maith.

Céard iad na cearta atá agat ar do shonraí féin?

Má tá cuntas agat ar an láithreán seo, nó má d’fhág tú tráchtanna, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar chomhad easpórtáilte de na sonraí pearsanta atá againn fút, aon sonraí a chuir tú féin ar fail dúinn san áireamh. Ní chuimsíonn sin aon sonraí a bhfuil dualgas dlí orainn iad a choinneáil chun críocha riaracháin, dlí nó slándála.

Nuachtlitir

Úsáideann Tuairisc.ie Mailchimp chun a nuachtlitir a scaipeadh. Is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo: https://mailchimp.com/gdpr/

Anailísíocht Google

Úsáidtear Google Analytics chun an trácht ar an láithreán seo a thomhas. Is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo: https://mailchimp.com/gdpr/

Cá seolaimid do chuid sonraí?

Féadfar tráchtanna úsáideoirí a sheiceáil trí sheirbhís uathoibrithe aimsithe turscair.

D’eolas teagmhála

Eolas Breise

Conas a dhéanaimid do shonraí a chosaint?

Cad iad na nósanna imeachta i leith sárú ar shonraí atá i bhfeidhm againn?

Cad iad na tríú páirtithe óna bhfaighimid sonraí?

Cad iad na cinntí uathoibrithe a dhéanaimid agus /nó cén próifíliú a dhéanaimid le sonraí úsáideoirí?

Riachtanais nochta rialála tionsclaíochta