Béarla dorcha saor ar begorrah agus by dad curtha ar an gCadhnach

Tá leagan Béarla de shaothar Mháirtín Uí Chadhain ‘Fuíoll Fuine’ curtha ar fáil ag Alan Titley

Béarla dorcha saor ar begorrah agus by dad curtha ar an gCadhnach

The Dregs of the Day
Máirtín Ó Cadhain
Arna aistriú go Béarla ag Alan Titley

Leagan Béarla de shaothar Mháirtín Uí Chadhain, Fuíoll Fuine, atá i gceist le The Dregs of the Day (Yale University Press), nóibhille, agus saothar eile atá aistrithe ag an scríbhneoir, Alan Titley.

Is beag léitheoir nach bhfuil aithne aige ar Titley faoin am seo, é ina cholúnaí de chuid an Irish Times, scríbhneoir ar an tsuíomh seo go minic agus údar a bhfuil cion fir déanta aige thar ceann litríocht na Gaeilge le fada fada an lá.

(Sea, tá aithne agam féin air agus, sea, seo ceann de na léirmheasanna sin a scríobhann scríbhneoir a bhfuil aithne aige ar scríbhneoir eile agus níl neart agam air ná aithreachas orm as.)

Is fiú cúpla focal molta a rá faoin leabhar féin ar dtús – an rud fisiciúil a chuireann tú i do mhála. Tá an leabhar féin thar barr mar earra liteartha.

Tuigim cad chuige a mbíonn spéis ag daoine i Kindle agus a leithéid; tá sé an-sásta mar áis le mórán leabhar a thabhairt leat ach gan meáchan na leabhar sin bheith ag cur as duit. Mar sin féin, mar sin féin, mar sin féin, saothar ealaíne ann féin atá sa leabhar (agus iris!) dea-dheartha.

Tá leabhair dheasa mhealltacha mar seo de dhíth ar sheilf an uile léitheora; é ag aimsiú a chuibhrinn féin i measc fhearann fiáin na léitheoireachta.

Tá clúdach den scoth ar The Dregs of the Day, saothar ealaíne nach mbeadh as áit ar an bhalla agat. Is deas liom machnamh a dhéanamh ar chomhar seo an leabhair, ar an mheitheal dhaonna a tháinig le chéile leis an aistriúchán a phlé, an eagarthóireacht a dhéanamh, an chló-aghaidh a shocrú, na profaí a cheartú, an leabhar a chur i gcló.

Tuigeann tú, nach dtuigeann, gur obair chruthaitheach í seo, ealaín? Tá rud inteacht mistéireach rómánsach faoin leabhar féin, idir chlúdach agus chló. B’fhéidir nach mbeadh an t-airgead agat go deo le pictiúr de chuid Jack Yeats a cheannach ach ealaín atá sa leabhar mhaith.

I ndáiríre.

Sin deireadh na seanmóra de réir Naomh Pól.

Tá meáchan sa bhuille i scéal seo, N.

Tá a chéile mná i ndiaidh bás a fháil agus fágtar faoi N. na socruithe cuí a dhéanamh lena hadhlacadh. Ar an drochuair, is bád gan stiúir é N. faoin am seo; imíonn sé chun na cathrach agus an tubaiste soir an bealach mar chompánach leis.

Ní bhíonn an t-ádh air agus é ar an bhaile mhór.

Goidtear a sparán agus imíonn a aistear in olcas de réir a chéile. Tá sé gan chairde – sa dá chéill den fhocal. Faigheann an saol greim gránna ar N. agus cairtear chun bealaigh é. Níl smacht aige ar na sráideanna, a mhalairt; sciúrsálann na sráideanna gan trócaire é. Odaisé uaigneach eaglach atá in aistear seo N.

Gan amhras, bíodh is gur saothar de chuid Uí Chadhain é seo, is é an Béarla teanga an leabhair agus bíodh is go bhfuil cleacthadh áirithe againn ar Bhéarla ar shaothar Uí Chadhain faoin am seo, is dócha gur ait an ní é go fóill an Cadhnach a léamh sa teanga oifigiúil eile.

Béarla na hÉireann atá anseo; sean-Bhéarla na hÉireann, b’fhéidir, an Béarla sin a bhí againn uilig sna laethanta sin roimh MTV agus na meáin shóisialta; Béarla atá ag imeacht i mórán áiteanna; Béarla tiubh feanntach dorcha; Béarla atá saor ar begorrah agus by dad: “This fucking bogplace shithole here,” he said, “we have to get our asses down here this time of day because of some shitehawk pissartist suckslob TD who wants us the only time it fucking suits him and his fucking cunning cuntconvent of a cuntstituency.”

Sin lán béil de Bhéarla agat, ach ina ainneoin sin ar fad, d’aithneofá na daoine go fóill, nach n-aithneofá, d’aithneofá a gcuid taomanna. Níor tháinig athrú chomh tobann sin ar na daoine agus a tháinig ar na focail Phoncánacha atá mar chuid de chaint na ndaoine anois. Tá daoine maithe anseo, daoine gránna, daoine a chuidíonn leat agus daoine atá fuar ionat. D’aithneofá na daoine gan stró.

Mar fhocal scoir, an réamhrá, léigh an réamhrá! Is fiú an réamhrá ann féin, gaois Thitlíoch ó thús deireadh ann, eolas fiúntach ar Ó Cadhain agus a ré gan amhras agus eolas fosta ar chás na teanga inar scríobh sé agus ina bhfuil mise agus tusa ag léamh: “Most of what the Irish people ever said or spoke or uttered or dreamed or wondered or argued or made up was in the Irish language. Any disregard of this fact is cultural amnesia.”

Áiméan!

Agus cúpla líne eile a thaitin liom agus é ag cur síos ar fhealsúna na Fraince, Satre agus a chomhluadar, agus ar an tionchar a d’imir a macasamhail, agus a imríonn, ar smaointe an phobail:  “They were among the most privileged of the superprivileged living a life in the centre of the establishment while pretending to be on the margins. It is one of the great con jobs of our time, taken up by the soft sofa sentiments of the most conservative student generation in history, who gave us in just a few years the exigencies of neoliberalism and the assaults of the next colonial wave.”

Tá mórán de lucht na ‘soft sofa sentiments’ ag plé le ceisteanna cultúir abhus, nach bhfuil?

Ba bhreá liom leabhar de chuid Titley a léamh ar soft sofa sentiments. Idir an dá linn, déanfaidh na dregs cúis agus cúis mhór.

Fág freagra ar 'Béarla dorcha saor ar begorrah agus by dad curtha ar an gCadhnach'

  • Robert McMillen

    Ó’Cadhain ar chlúdach an leabhair?? Síneadh fada agus uaschamóg, to be sure, to be sure.

  • Des O Murchu

    Tugtar cuir sios in eagran tus an 20u aois Cassell’s Book of Knowledge ar “Erse” a labhairt ag “Savages” in Eireann etc!

  • Pól Ó Muirí

    Ar eagla míthuiscint ar bith, níl Ó’Cadhain ar chlúdach an leabhair a fuair mé. “Máirtín Ó Cadhain” atá ar an phríomhleathanach mar is ceart.