Bean as Fear Manach an chéad duine ar domhan chun an tsnáthaid in aghaidh Covid-19 a fháil

Altra as Dún Druma i gcontae an Dúin an chéad duine in Éirinn chun vacsaín in aghaidh an Covid-19 a fháil

Bean as Fear Manach an chéad duine ar domhan chun an tsnáthaid in aghaidh Covid-19 a fháil

As Inis Ceithleann i bhFear Manach an chéad duine ar domhan chun an vacsaín a fháil lasmuigh de thrialacha. Tugadh an vacsaín Pfizer-BioNTech do Margaret Keenan, 90, atá ag cur fúithi in Coventry Shasana le 60 bliain anuas, ag 6.45am inniu.

Altra as Dún Druma i gcontae an Dúin an chéad duine in Éirinn chun vacsaín in aghaidh an Covid-19 a fháil.

Tugadh an tsnáthaid do Joanna Sloan, 28, altra in ospidéal an Royal Victoria i mBéal Feirste, maidin inniu.

Tá tús á chur ag Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann inniu lena gclár vacsaínithe.

Joanna Sloan

Dúirt Joanna Sloan, a bheidh i gceannas ar chlár vacsaínithe Bhéal Feirste, gur rud iontach a bhí ann an tsnáthaid a fháil agus gur “pribhléid” é.

“Déarfa gurb é seo an claí deireanach atá le cur dínn againn chun daoine a choinneáil slán…” arsa Joanna Sloan.

Beidh Margaret Keenan as Fear Manach 91 an tseachtain seo chugainn agus dúirt sí gurb iontach an “bronntanas luath” an vacsáin a fháil.

“Braithim gur pribhléid an-mhór é a bheith ar an gcéad daoine le vacsáin a fháil in aghaidh an Covid-19. Is é an bronntanas luath is fearr a d’fhéadfainn a fháil do mo bhreithlá, mar ciallaíonn sé gur féidir liom a bheith ag súil arís le ham a chaitheamh le mo mhuintir agus mo chairde sa bhliain nua, i ndiaidh dom a bheith i m’aonar don chuid is mó den bhliain.”

Idir an dá linn, d’fhógair an tAire Sláinte Stephen Donnelly plean vacsaínithe an Rialtais in aghaidh an Covid-19 inniu.

Beidh an vacsaín seo saor in aisce, a dúirt sé, agus a luaithe a bheidh ceadúnas faighte di, beidh sí ar fáil don phobal ar fad de réir a chéile.

Chuir an Coiste Comhairleach Náisiúnta um Imdhíonadh agus an Roinn Sláinte tuairisc ar fáil don Aire faoin bplean náisiúnta vacsaínithe i gcoinne an Covid-19 agus chuir seisean meamram faoi bhráid an Rialtais agus glacadh leis an bplean inniu.

Faoin bplean sin tabharfar tosaíocht do na daoine is mó atá i mbaol ón víreas. San ord tosaíochta seo a dháilfear an vacsaín – daoine atá os cionn 65 bliain agus atá ina gcónaí in ionaid chúraim, oibrithe sláinte atá ar an líne thosaigh in aghaidh an ghalair, daoine atá os cionn 70 bliain d’aois, daoine a bhíonn i ngartheagmháil le hothair, daoine idir 65 agus 69 bliain, daoine idir 18-64 bliain a bhfuil fadhbanna sláinte ainsealacha acu agus daoine a chónaíonn in árais atá plódaithe.

Tá sé i gceist go bhfoilseodh an tascfhórsa a ceapadh chun dáileadh na vacsaíne a stiúradh a dtuairisc ar an Aoine. Tá feachtas faisnéise poiblí le reáchtáil chun an pobal a chur ar an eolas faoin vacsaín, feachtas a bheidh bunaithe ar an bhfianaise agus ar an oscailteacht.

Fág freagra ar 'Bean as Fear Manach an chéad duine ar domhan chun an tsnáthaid in aghaidh Covid-19 a fháil'

  • An Teanga Bheo

    Go dtéigh sibh slán agus beir bua