Bealaí nua leis na caoirigh a cheansú – scéim phíolótach i sléibhte Chonamara 

Céard a déarfadh Johnna Bán leis an scéim timpeallachta agus talmhaíochta atá ar bun ina cheantar dúchais anois?

Bealaí nua leis na caoirigh a cheansú – scéim phíolótach i sléibhte Chonamara 

Pictiúr: Seán Ó Mainnín

“Gabhfaidh muid amach aríst ag amharc ar na caoirigh.”  

Is minic a chloisinn mo chuid uncaileacha ag caint ar Johnna Bán.  Ba as Dúiche Sheoigheach é Johnna Bán agus thugadh sé caoirigh – ach an oiread le go leor eile – isteach as Dúiche Sheoigheach sa gcaoi agus go bhfaigheadh siad athrú sléibhe ar feadh cúpla mí.  Nós feilméarachta a bhíodh i gConamara sa tseanaimsir.  Ach a dtugtaí isteach as Dúiche Sheoigheach iad ligtí na caoirigh amach ar na cnoic agus d’imeoidís rompu síos i dtreo Chill Chiaráin agus ar fud an choimín sléibhe. 

An lá a dtugadh Johnna Bán na caoirigh isteach as Dúiche Sheoigheach chuirtí  sa gclós iad – nó an ‘yeárd’ mar a thugtaí air – nó go mbeifí réitithe lena gcur ar an sliabh lá arna mhárach.  D’fhanadh Johhna Bán i dteach cónaithe mo chuid uncaileacha an oíche sin.  Bhíodh comhrá breá ann – scéalta isteach as Dúiche Sheoigheach, muganna móra tae agus candaí mór aráin.  

Ansin agus é ag bordáil ar uair an mheán oíche d’éiríodh Johnna Bán míshuaimhneach agus d’abraíodh:   “Gabhfaidh muid amach aríst ag amharc ar na caoirigh.”

Ní raibh aon ghá leis; bhí na caoirigh coiscthe go maith.  Bhí mo chuid uncaileacha tuirseach théis obair throm an lae.  Ach bhí an oiread sin nádúir ag Johnna Bán leis na caoirigh agus nach sásódh tada é nó go rachfaí ag breathnú orthu aríst sula ngabhfadh sé a chodladh. 

Níl a fhios agam céard a déarfadh Johnna Bán leis an scéim timpeallachta agus talmhaíochta atá ar bun ina cheantar dúchais anois.   Scéim phíolótach atá i gceist agus é dírithe ar cheantar na mBeanna Beola agus sléibhte Mhám Tuirc.  An cuspóir atá leis an scéim seo ná go ndéanfaí nascadh a bheadh tairbheach don timpeallacht agus d’fheilméaracht na gcnoc araon.    Tá na caoirigh i lár an gharraí sa gcás seo. 

Míníonn Seosamh Ó Mainnín, fear óg as tuaisceart Chonamara atá ina shaineolaí talmhaíochta agus é fite fuaite sa bhfeilméaracht sléibhe freisin, go bhfuil eagrú na  gcaorach ar an sliabh ar cheann de na cuspóirí móra. 

Ní beart éasca é seo mar a bhí a fhios ag Johnna Bán agus a leithéid. 

Creideann an Mainníneach gur féidir é seo a dhéanamh ach nósmhaireacht na gcaorach agus nósmhaireacht an nádúir féin a leanacht.  Téann caoirigh ar ais go dtí an áit ar rugadh iad.  Dá réir sin, má thugtar na huascáin atá á gcoinneáil ar ais go gleann nó go cnocán a ndúchais, fanfaidh siad thart ansin.  Coinneáil leis an nós sin ar feadh cúpla bliain agus beidh agat, a deir an Mainníneach. 

D’fhágfadh a leithéid sin de scaipeadh ar na caoirigh nach mbeadh iomarca fásra fágtha áit ar bith ar an sliabh agus, ar an taobh eile den scéal, nach mbeadh réimse ar bith ró-lomtha ach an oiread.  Buntáiste a bheadh ansin ó thaobh rialacha na timpeallachta de. 

Is fada an cheist faoi stádas na gcnoc ina cnámh spairne idir údaráis timpeallachta agus feilméaraí. 

Ó thaobh na feilméarachta féin, d’fhágfadh sé nach mbeadh na caoirigh ag scaipeadh agus go mba fusa  go mór d’fheilméaraí iad a chruinniú isteach nuair a bheadh gá leis sin.  Siúlann roinnt feilméaraí sléibhe na scórtha ciliméadar agus iad sa tóir ar chaoirigh. 

Ní córas é seo a d’oibreodh 100% éifeachtach ach d’fhéadfadh sé a bheith gar dó, a deirtear.  Ach, tá bealaí níos nua-aoisí á dtriail. 

Tá samplaí feicthe ag an Mainníneach d’úsáid GPS le linn na scéime feilméarachta/timpeallachta de.  Cuirtear na coiléir chumarsáide ar mhuiníl na gcaorach agus is féidir tréas a choinneáil orthu ar an bhfón póca.   A thriail atá an córas seo faoi láthair, bíonn a fhios agat cá bhfuil siad ceart go leor, ach beidh an siúl mór i gceist i gcónaí.  Ní féidir leat  glaoch ar na caoirigh ar an bhfón.

Ach, tá bealach eile le glaoch ar na caoirigh tugtha faoi deara.  Sa gcás seo chuir an feilméara oiliúint ar na caoirigh le feadóg réiteora.  Nuair a bheathaíodh sé na caoirigh shéideadh sé an fheadóg agus ba ghearr go ndearna siad ceangal idir an fheadóg agus an bheatha.  Anois, níl le déanamh aige acu an fheadóg a shéideadh agus tiocfaidh na caoirigh chomh fada leis.  Ach, seans go dteastódh an baoite anois agus arís agus sin ruainne beatha sa mbuicéad, rud nár chleacht caoirigh i gConamara in aimsir Johnna Bán.  Ach an oiread leis an gcapaillín,  bhí ar na caoirigh cloigne dubha maireachtáil ar ghairbhe an tsléibhe.

Glacann Seosamh Ó Mainnín leis gur bealach praiticiúil é an beathú le caoirigh a choinneáil sa spota céanna ach cuireann sé aguisín sa scéal.

  “Níl aon locht air sin anois,” a deir sé “ó tharla praghsanna uain a bheith go maith.  Ach, dá mba é a mhalairt é, bheifeá ag cailleadh ar an mbeathú.” 

Ar ndóigh, ní cluichí beaga iad seo ar shléibhte Chonamara.  Sna contaetha Gaeltachta atá an líon is airde caoirigh sléibhe in Éirinn – as Tír Chonaill síos go hiarthar Chorcaí.  Chuile sheans go mbeidh tionscal na gcaorach, agus an bhéim ar chaoirigh sléibhe, ag neartú de réir mar a thiocfaidh brú ar thionscal na mairteola de bharr cúrsaí carbóin.  Níl an fhadhb sin ag baint chomh mór le caoirigh sléibhe mar atá cruthaithe thall sa mBreatain Bheag. 

Ach tá caoirigh na gcnoc siúlach agus tá fairsingeacht ollmhór sna sléibhte agus is feilméaraí páirt-aimseartha formhór na ndaoine a bhfuil caoirigh acu na laethanta seo  Níl sé de thriail acu uaireanta fada a chaitheamh ag treabhadh na gcnoc. Má éiríonn le hobair na scéime timpeallachta/talmhaíochta leigheas a fháil ar an bhfadhb sin, ní amú atá an t-am gaibhte. 

Beidh an tionscal tábhachtach ach is ar éigean go mbeidh fealsúnacht mheán oíche Johnna Bán ann:  “Gabhfaidh muid ag amharc ar na caoirigh arís.”  

Fág freagra ar 'Bealaí nua leis na caoirigh a cheansú – scéim phíolótach i sléibhte Chonamara '