Bliain ón deireadh seachtaine seo a athbhunaíodh Stormont. Bhí dóchas forleathan go bhfeabhsódh an Feidhmeannas saol na ndaoine mar a bhí geallta ag na polaiteoirí logánta le linn na pairilise le dhá bhliain roimhe sin.
Cúpla seachtain ó shin mhaígh an Chéad–Aire, Michelle O’Neill Shinn Féin – an chéad phoblachtánach i gceannas i dTuaisceart Éireann – go raibh an-dul chun cinn déanta ag an bhFeidhmeannas. Bhí sí ar a cosaint tráth a raibh go leor ag ceistiú cén toradh nithiúil a bhí ar obair Stormont. Liostaigh sí an straitéis chun a dhul i ngleic le foréigean in aghaidh na mban agus na gcailíní, arduithe pá a bheith tugtha d’oibrithe sa tseirbhís phoiblí agus an fógra go ndéanfar uasghrádú ar bhóthar contúirteach an A5.
Siad na fadhbanna sa tseirbhís sláinte is mó a tharraingíonn aird, ní nach ionadh ó tá siad ag goilliúint ar leath an daonra. D’admhaigh an Chéad–Aire go raibh an scéal go hainnis d’othair, do dhaoine ar liostaí feithimh agus do na hoibrithe sláinte. Ní réiteodh aon aire amháin an ghéarchéim sin, ar sí; bheadh comhoibriú idir-rannach riachtanach. Bhí an méid sin ráite aici lena comhairí sa bhFeidhmeannas le déanaí, a dúirt sí.
Mar iar-aire sláinte í féin, b’údar iontais ag a lán é nár dhúirt sí é sin lena comhghleacaithe bliain ó shin. Gheall sí soiléireacht faoi chlár rialtais a cáineadh nuair a foilsíodh an dréacht cúig mhí ó shin. Bhí sé ag cur thar maoil le hardaidhmeanna gan spriocdhátaí ná torthaí intomhaiste. Ní mór a rá gur léir nuair atá ceithre pháirtí sa chomhaireacht agus gach ceann acu ag iarraidh aidhm a shásóidh a lucht leanúna féin a fhógairt nach ribín réidh é clár rialtais praiticiúil a aontú ach sé a ndúshlán é sin a dhéanamh.
Déanann Pivotal, meitheal machnaimh a dhéanann anailís ar pholasaí poiblí, scrúdú ó am go chéile ar thaifead Stormont. Dé Luain seo caite d’fhoilsigh siad tuairisc ar obair na bliana. “Time to Deliver” ar siad is iad ag tathant ar an bhFeidhmeannas ‘difríocht’ a dhéanamh i saol na ndaoine in 2025.
I measc a gcuid moltaí bhí go ndéanfadh an Feidhmeannas athruithe inbhraite ar sheirbhísí poiblí, go háirithe ar amanta feithimh le haghaidh cúram sláinte, ar an soláthar tithíochta agus cúram leanaí. Ina dteannta sin d’éiligh siad athchóiriú ar sheirbhísí poiblí chun go mbeidís inacmhainne anois agus amach anseo; chuige sin mhol siad ‘bearta éifeachtúla’ maidir le caiteachas poiblí agus scéim chun ioncam a bhailiú. Rinne Pivotal moladh chomh maith go ndéanfaí plean réadúil chun laigí struchtúracha a leigheas, sa chóras uisce cuir i gcás, i gcúrsaí timpeallachta agus chun tabhairt faoin bhochtanas.
Bhí drogall sothuigthe ar na páirtithe drannadh le scéimeanna éifeachtúla (ciorruithe) agus bailiú cánacha nó ardú mór ar rátaí go dtí seo. Tá a fhios ag Pivotal sin go maith. Is furasta é a rá ná é a dhéanamh ach sí an fhírinne lom nach mór don bhFeidhmeannas airgead a fháil ar bhealach éigin – athchóiriú nó cánacha mar ní léir go mbeidh airgead mór sa bhreis ag teacht as Whitehall.
Ar thaobh an tsochair den chlár cuntais tá cuma sheasmhach ar Stormont faoi cheannas Michelle O’Neill agus Emma Little–Pengelly an DUP, an leasChéad-Aire. Ní beag sin. Ní leor as féin é feasta, áfach. Is deas iad na smaointe maorga ach ní thugann siad deis scolaíochta do pháiste le riachtanas speisialta, bricfeasta do pháiste ó theaghlach nach bhfuil riachtanais na beatha acu, leaba in ospidéal gan mhoill don té ar bhuail stróc é; ní thabharfaidh siad an córas séarachais ná an tseirbhís uisce suas chun dáta agus ní chuirfidh siad caoi ar na bóithre, gan a dhul i bhfad scéil leis.
Má táthar chun muinín a chothú gur fiú Stormont a bheith ann, gurb é leas an phobail é, caithfidh toradh intomhaiste, inbhraite a bheith ar an obair as seo amach. Beagán déanta, go leor le déanamh.
Fág freagra ar 'Beagán déanta, go leor le déanamh ag Stormont agus an comhrialtas seo bliain ar an bhfód '